23.9.10

Scríbhneoir Cónaithe i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig 2010-2011

Comhurraithe ag an gComhairle Ealaíon agus ag Coláiste Phádraig, Droim Conrach.

Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí Gaeilge ar an bpost mar Scríbhneoir Cónaithe don bhliain acadúil 2010-2011. Beidh an Scríbhneoir Cónaithe ag obair i Roinn na Gaeilge sa Choláiste agus tabharfaidh sé/sí léachtaí, ranganna agus ceardlanna ar ghnéithe éagsúla de scríbhneoireacht chomhaimseartha na Gaeilge. Chomh maith leis sin, cuirfidh an scríbhneoir le hobair Roinn an Oideachais, Roinn an Bhéarla, agus Léann Litríocht na bPáistí, de réir mar is cuí.
Tabharfaidh an scríbhneoir tacaíocht do scríbhneoirí cruthaitheacha phobal an Choláiste agus déanfar teagmháil leis an bpobal áitiúil agus le pobal na tíre trí léamha poiblí agus rannpháirtíocht in imeachtaí litríochta eile a eagrófar. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an tréimhse mar Scríbhneoir Cónaithe deis luachmhar ar fáil don scríbhneoir a s(h)aothar cruthaitheach féin a fhorbairt agus a chur chun cinn i suíomh tacúil oideachais.

Tuilleadh eolais le fáil ag: www.spd.dcu.ie/vacancies

Níor mhór don iarratas a bheith istigh faoi: 12.00 meán lae ar an Aoine 8 Deireadh Fómhair 2010.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.