24.4.10

Dea-scéal Phroinsias


Comhghairdeas le Proinsias Mac a’ Bhaird, ball den chumann s’againne, a bhuaigh Comórtas Uí Néill 2010 lena dhán “Bróga.” D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge oíche cheoil agus filíochta aréir, mar chuid de “C[h]uairt na bhfilí Albanacha” agus bhí na filí Bríd Ní Mhóráin, agus Aonghas Pàdraig Caimbeul mar mholtóirí ar an gcomórtas náisiúnta seo.
B’ábhar bróid agus dóchais é go raibh scríbhneoirí úra cumasacha páirteach san ócáid – Éireannaigh óga cosúil le Caitríona Ní Chleircín a léigh an dán “Craobhlasair” agus Proinsias féin, agus an file óg Albanach Teàrlach Quinnell a chum “Facal an Duin’ Òig.”
Scríobh Proinsias an dán seo tamall ó shin, nuair a maraíodh fear óg ar Árainn Mhór. Deir sé go bhfuil traidisiún ar an oileán, nuair a fhaigheann duine bás agus nuair atá an corp ag teacht isteach ón ospidéal nó ón mórthír, go gcruinníonn pobal an oileáin ar an gcé ag fanacht ar an gcorp ag teacht i dtír. Agus é ag cumadh an dáin seo, rinne sé a mhachnamh ar na deacrachtaí a bhí ag daoine labhairt faoin rud a tharla, agus díríonn sé a aird ar na “Bróga” cruinnithe ag an gcé, agus na scéalta a bhaineann leo agus a sheasann, ar bhealach, do scéalta na ndaoine nach bhfuil fonn cainte orthu.

Tá súil againn uilig go bhfeicfimid “Bróga” i gcló go luath.

13.4.10

Comórtas Uí Neill 2010 – Scríbhneoirí Úra ar an nGearrliosta



Tá áthas orainn a thabhairt le fios go bhfuil dán a chum Proinsias Mac a’Bhaird agus dán eile a chum Caitríona Ní Chleircín ón gcumann s’againne ar Ghearrliosta Chomórtas Uí Néill 2010. Is éacht é seo agus beagnach trí scór iarratas curtha isteach ar an gcomórtas.

Tá na dánta agus na filí seo a leanas ar an ngearrliosta:
Agallamh na nÓgánach – Tadhg Ó Dúshláine
An t-Eilean Siar – Rody Gorman
Bróga – Proinsias Mac a’Bhaird
Craobhlasair – Caitríona Ní Chleircín
Eireannaich – Aonghas Mac Neacail
Facal an Duin’ Òig - Teàrlach Quinnell
Maireann Iarúsailéim - Pádraig Mac Fhearghusa
Melusina – Labhrás Ó Finneadha

Beidh oíche mhór an chomórtais ar siúl ar an 23 Aibreán ag 8i.n ag Cois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge áit a ndéanfaidh na filí a bhain an gearrliosta amach a gcuid dánta a léamh agus beidh na moltóirí Bríd Ní Mhóráin, agus Aonghas Pàdraig Caimbeul i láthair chun an cinneadh mór a dhéanamh .

Gach eolas ag www.gaelport.com/cuairt-na-bhfili-albanacha

10.4.10

Léamhanna Próis In Áras na Scríbhneoirí

22/04/10, 7.30pm
Léamhanna Próis le Seán Mac Mathúna, Ruaidhrí Ó Báille agus Ríona Nic Congáil
Seán Mac Mathúna, gearrscéalaí agus úrscéalaí
Ruaidhrí Ó Báille, úrscéalaí
Ríona Nic Congáil, úrscéalaí – Scríbhneoirí óga na Gaeilge
Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí, úrscéalaí (fear a’ tí)

13/05/10, 7.30pm
Léamhanna Próis le Anna Heussaff, Lorcán S. Ó Treasaigh agus Muiris Ó Meara
Alan Titley, úrscéalaí, gearrscéalaí agus drámadóir
Anna Heussaff, úrscéalaí
Lorcán S. Ó Treasaigh, úrscéalaí agus file
Muiris Ó Meara, gearrscéalaí, file – Scríbhneoirí óga na Gaeilge
Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí, úrscéalaí (fear an tí)

Tuilleadh eolais: www.writerscentre.ie/html/gaeilge/imeachtai.html
Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, BÁC 1.

7.4.10

An Gael Nua ar Fáil in Éirinn

Tá eagrán an earraigh de An Gael ar fáil ó litriocht.com anois! Mar sin, tá sé ar fáil ar fud an domhain anois. Tá roinnt cóipeanna de eagráin eile acu fós, freisin.

Más sna Stáit nó i gCeanada nó sa RA thú, is féidir é a fháil ó magcloud.com freisin.

Táimid ag bailiú ábhair don eagrán atá le teacht anois, dar ndóigh, agus bíonn fáilte roimh chách.