30.8.10

IMRAM: Teachtaireacht ó Liam Carson

Seacht mbliana ag iomramh atá IMRAM agus gan aon fhonn orainn na maidí rámha a ligean le sruth. Aistear síoraí atá romhainn i réimse na litríochta, idir shean is nua. Cúis mhórtais dúinn i mbliana breith an fhile mhóir Máirtín Ó Direáin a cheiliúradh. Beidh léacht agus díospóireacht againn faoina shaothar. Feicfear dánta de chuid an Direánaigh ar an DART ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh agus is i gcomhar le Poems on the Dart de chuid Iarnród Éireann an fiontar seo.

Comhoibriú agus comhpháirtíocht ar mana ón dtús againn agus arís i mbliana: d'eagraíomar Riverrun, oíche dhátheangach cheoil agus filíochta agus an teach lán mar chuid de Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath; bhí trí léamh againn don Oíche Chultúrtha, i gcomhar le hÉigse Éireann/Poetry Ireland; comhpháirtíocht nua le Leabharlanna Chathair Átha Cliath agus ClubLeabhar.com is ea Scéalta Átha Cliath.

Léiríonn IMRAM 2010 go bhfuilimid tiomanta don úire agus don nuálaíocht i gcónaí agus tá an-chaint ar siúl cheana féin mar gheall ar an dá thionscadal atá ag an bhfile turgnamhach Séamas Cain dúinn, Gaeltacht na bhFéarthailte/ The Prairie Gaeltacht agus tríd an gcoill. Beidh an litríocht á reic agus á plé, ceol le Muintir Uí Chonaola, Mo Hat Mo Gheansaí, MC Muipéid, Steve Cooney, Colm Ó Snodaigh agus tuilleadh nach iad; ceardlanna; drámaíocht, suiteáil físe & fuaime agus léargais eile ar cé chomh bríomhar is atá litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Bí linn.

28.8.10

Critloinnir


Cuireann an chomhlacht foilsitheorachta

Coiscéim

fáilte romhat go

~Ionad Éireannach don Léann Daonna

(Humanities Institute of Ireland)

UCD, Belfield, Baile Átha Cliath 4. Ar an

Aoine, 3 Meán Fómhair @ 4.45 in

nuair a sheolfaidh

an Dr. Liam Mac Amhlaigh

an leabhar nua-fhoilsithe

Crithloinnir

Le

Caitríona Ní Chléircín

Beidh soláistí curtha ar fáil don ócáid

26.8.10

Ceardlann Scríbhneoireachta

Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill

9ú Deireadh Fómhair

Coláiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, Doire


Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill á heagrú ag Éigse Cholm Cille san Fhómhar. Ní hamháin gur file ardcháile é Ó Dúill a bhfuil naoi gcnuasach filíochta curtha i gcló aige, is fairsing a chuid taithí ar ábhar scríbhneoirí a oiliúint.


Beidh an cheardlann ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh i nDoire, 10r.n. - 5.30i.n. ar 9ú Deireadh Fómhair agus costas £20 air.


Beidh an cheardlann dírithe ar dhaoine a bhfuil tús éigin déanta acu ar scríobh cruthaitheach na Gaeilge agus dúil acu níos mó a bhaint amach. Féachfaidh an Dúilleach le cuidiú praiticiúil a thabhairt do na rannpháirtithe, go háirithe i ngné thábhachtach an athdhréachtaithe.


Tá fáilte roimh scríbhneoirí a bhíonn ag scríobh i seánraí éagsúla litríochta, bíodh filíocht, gearrscéalaíocht, úrscéalaíocht, cuimhní cinn, stair áitiúil nó eile i gceist.


Beidh eagarthóir An tUltach, Gráinne Ní Ghilín i láthair le heolas a thabhairt ar dheiseanna foilsithe.


Caithfidh scríbhneoirí clárú roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Gráinne Ní Ghilín (grainne_work@yahoo.ie). Iarrtar orthu sampla dá gcuid saothair a chur ar fáil faoi 24 Meán Fómhair (mar shampla, 3 dhán, gearrscéal, sliocht as úrscéal srl.)



Tuilleadh eolais:

Gráinne Ní Ghilín

Guthán: (048) 9084 2429 / +44 (0)7850 315255

Ríomhphost: grainne_work@yahoo.ie


15.8.10

www.scriobh.ie


Is é atá sa suíomh seo ná cur cíos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge atá ar eolas. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.

4.8.10

Ceardlann do Scríbhneoirí úra i gConamara agus i mBaile Átha Cliath

Tá Cló Iar-Chonnacht ag ceiliúradh éachtaí na scríbhneoirí ar fad a chuir peann ar phár don chomhlacht foilsitheoireachta le cúig bliana fichead anuas faoi láthair. Beidh an comhlacht ag díriú ar an gcéad ghlúin eile scríbhneoirí sna seachtainí amach romhainn áfach, nuair a bheidh ceardlanna á reáchtáil ag an gcomhlacht do scríbhneoirí úra i gConamara agus i mBaile Átha Cliath.
Beidh an chéad cheardlann ar siúl i gColáiste na Tríonóide Dé Sathairn, 18 Meán Fómhair agus is iad Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir an chomhlachta agus Mícheál Ó Ruairc a bheidh mar stiúrthóirí na ceardlainne. Tá an ceardlann seo á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar leis an bhféile litríochta IMRAM agus oifig na Gaeilge san Ollscoil.
Anuas air sin, beidh Ó Conghaile agus Jackie Mac Donncha i láthair ag ceardlann eile a bheidh ar siúl i gConamara ar an 2 Deireadh Fómhair.
Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí úra nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar na ceardlanna freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sna ceardlanna sampla dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Aodh Ó Gallchóir roimh an 3 Meán Fómhair 2010.
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar na ceardlanna ar fáil ó Aodh Ó Gallchóir, An tEagarthóir Cúnta, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Seol ríomhphost chuig aodh@cic.ie nó cuir glaoch ar (091) 593307.

3.8.10

Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil & an Úrscéil

Cuirfidh MÓINÍN cúrsa cuimsitheach 6 deireadh seachtaine i 'Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil' ar fáil in An Scríobhlann, arás nua traenála MhÓINÍN i mBaile Uí Bheacháin, Co. an Chláir. Tá áit do dheichniúr (10) ar an gcúrsa. Is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh mar stiúrthóir/theagascóir ar an gcúrsa agus cuirfear tús leis ar dheireadh seachtaine 25/26 Meán Fómhair.
Tá an cúrsa seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus íocfar méid áirithe leis an deichniúr (10) a roghnófar chun cuidiú le costais lóistín agus taistil.
Gach eolas agus Foirm Iarratais* ar fáil ó:
Ailsa Ellis, MÓINÍN, Loch Reasca, Baile Uí Bheacháin, Co. an Chláir.
Fón 065 707 7256 / e-phost: moinin@eircom.net .
*Dáta deiridh le haghaidh iarratais is ea 10 Meán Fómhair

An bhFuil Scéal Agat?


Mar is iondúil, a chairde, tá An Gael ag lorg scéalta, dánta is alt. Táim ag cur le chéile an chéad eagrán eile cheana féin, agus ní mór go mbeidh gach rud agam roimh lár na míosa seo (nó seans nach mbeidh sé san eagrán seo, ach sa cheann ina dhiaidh, b'fhéidir...). Tá gá le ficsean againn go háirithe an uair seo, má tá rud agat. Bí páirteach linn, mar bíonn bailiúchán breá de scríbhneoireacht againn gach eagrán, agus is deas an comhluadar é!


Séamas Ó Neachtain

Eagarthóir