30.8.10

IMRAM: Teachtaireacht ó Liam Carson

Seacht mbliana ag iomramh atá IMRAM agus gan aon fhonn orainn na maidí rámha a ligean le sruth. Aistear síoraí atá romhainn i réimse na litríochta, idir shean is nua. Cúis mhórtais dúinn i mbliana breith an fhile mhóir Máirtín Ó Direáin a cheiliúradh. Beidh léacht agus díospóireacht againn faoina shaothar. Feicfear dánta de chuid an Direánaigh ar an DART ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh agus is i gcomhar le Poems on the Dart de chuid Iarnród Éireann an fiontar seo.

Comhoibriú agus comhpháirtíocht ar mana ón dtús againn agus arís i mbliana: d'eagraíomar Riverrun, oíche dhátheangach cheoil agus filíochta agus an teach lán mar chuid de Fhéile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath; bhí trí léamh againn don Oíche Chultúrtha, i gcomhar le hÉigse Éireann/Poetry Ireland; comhpháirtíocht nua le Leabharlanna Chathair Átha Cliath agus ClubLeabhar.com is ea Scéalta Átha Cliath.

Léiríonn IMRAM 2010 go bhfuilimid tiomanta don úire agus don nuálaíocht i gcónaí agus tá an-chaint ar siúl cheana féin mar gheall ar an dá thionscadal atá ag an bhfile turgnamhach Séamas Cain dúinn, Gaeltacht na bhFéarthailte/ The Prairie Gaeltacht agus tríd an gcoill. Beidh an litríocht á reic agus á plé, ceol le Muintir Uí Chonaola, Mo Hat Mo Gheansaí, MC Muipéid, Steve Cooney, Colm Ó Snodaigh agus tuilleadh nach iad; ceardlanna; drámaíocht, suiteáil físe & fuaime agus léargais eile ar cé chomh bríomhar is atá litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Bí linn.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.