18.8.07

Iontráil tapaidh!

Dia dhaoibh, ní ach iontráil tapaidh seo chun mé féin a chur in aithne daoibh!

Scott De Buitléir is ainm domsa, is ceann de na 'contributors' mé i CSÓG. Is as Cluain Tarbh i mBleá Cliath dom. Tá an Ghaeilge agus an Bhreathnais á dhéanamh agam in UCD, ag dul isteach sa dara bhliain. Chomh maith leis sin, tá an-chuid dánta scríofa agam; an chuid is mó dóibh i nGaeilge.

Chomh maith le Ríona, beidh mé ag coimeád súil ar shuíomh an Chumainn, agus ag cur ailt leis ó ham go chéile.

Is féidir libh samplaí de mo chuid filíochta (agus níos mó) ar mo Bhlag a fheiceáil má chliceann tú anseo.

Go dtí an chéad uair eile,

Scott

4.8.07

10 Nod Don Scríbhneoir Óg!

1. Is fearr an taispeáint ná an insint i gcónaí.
2. Bíodh spéis ag baint le tús an scéil; is fíor-éasca an léitheoir a chailleadh ar leathanach a haon dá huireasa!
3. Déan do chuid scileanna clóscríbhneoireachta a fheabhsú. Seans go mbeidh tréimhse frustrachais i gceist i dtosach, ach ní haon dochar a dhéanfaidh sé duit mar scríbhneoir san fhadtéarma.
4. Téigh siar ar do chuid oibre arís, aís ... agus arís eile!
5. Seachain nathanna súchaite ar nós na plá.
6. Bíodh sonraí sainiúla fite isteach le do chuid scríbhneoireachta anseo is ansiúd. Tá sé sin ar cheann de na bealaí is fearr chun réalachas a chruthú in intinn an léitheora.
7. Más gearr an scéal, is rí-thábhachtach gach aon fhocal de.
8. Bí cinnte go bhfuil do chuid fíricí agus sonraí teicniúla cruinn. Muna bhfuil, ní fada a mhairfidh an domhan álainn samhlaíoch atá curtha ar an bhfód agat.
9. Ar ndóigh, is ó shamhlaíochtaí scóipiúla na scéalaithe a thagann an ficsean is fearr.
10. Ná bac le haon dearcadh diúltach a bhrúfar os do chomhair: cuir do pheann le pár agus lig srian leis!