17.7.10

Crithloinnir: leabhar nua filíochta ó pheann Chaitríona Ní Chléirchín

Comhghairdeas ó chroí le Caitríona Ní Chléirchín, a bhfuil leabhar nua filíochta, Crithloinnir, curtha i gcló aici. Tá neart le rá ag filí agus ag criticeoirí faoin gcéad chnuasach ó pheann an fhile úir seo:

"Gach ní ag lonrú sa chnuasach seo ó pheann Chaitríona. Gach ní, gach casadh i bhfriotal friseáilte an fhile ag criostalú I bpaisean an ghrá. Gach focal, gach siolla roghnaithe go cúramach aici chun teannas na seirce a chruthú dúinn. Is cnuasach aislingeach é ina bhfuil claíomh rinneach na fírinne ag saighdeadh tríd. Is leabhar gleoite é ina bhfuil lasair, loinnir is l’amour ag sileadh thar chiumhais na leathanach ann."
- Rita Kelly

"Sa chuid is fearr de na dánta sa chéad chnuasach seo ag Caitríona Ní Chléirchín, tá guth leochailleach ag labhairt linn os íseal sa mheathsholas sin a bhfuil ‘cinnteachtaí néata’ an dorchadais ar thaobh amháin de, agus crithloinnir an chroí leonta nach féidir a mhúchadh ar an dtaobh eile."
- Louis de Paor

"Baineann mianach an tsíoda leis na dánta seo ó thosach deireadh, agus fós tá guth diongbháilte, barántúil ag Ní Chléirchín. Tá tiúineáil oscailte sna dánta seo, a ligeann isteach sinn ina gcroílár. Tá an file féin i láthair go hiomlán ina cuid filíochta, go séimh, paiseanta le húire bhanúil."
- Liam Ó Muirthile

"Is maith mar a fheileann an teideal Crithloinnir don chéad chnuasach filíochta seo le Caitríona Ní Chléirchín. Téann na dánta seo i bhfeidhm ar an intleacht agus ar an gcroí, agus cuidíonn an teanga shíodúil chéadfaíoch le sinn a sheoladh ar thuras fionnachtana agus féintuisceana ina bhfeidhmíonn an timpeallacht fhisiciúil mar ghné dhílis den teagmháil dhaonna. "
- Máirín Nic Eoin

Beidh Crithloinnir ar fáil sna siopaí leabhar go luath.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.