11.11.07

Léirmheas ar "Shaoire" le Pádraig Standún

Úrscéal é seo a leanann na caidrimh achrannacha idir theaghlach nua-aimseartha a théann ar saoire chuig an gCréit. Feicimid tarlúintí na tréimhse ó thaobh na gcarachtar uilig de: Tomás, ollamh meánaosta atá díreach scartha óna bhean chéile, Rosemarie, a iníon atá ag druidim le deireadh na ndéaga agus Stephanie, a chailín.
Is saonta, oscailte an phearsantacht atá ag Rosemarie, agus feidhmíonn sí mar bharaiméadar ar a bhfuil de theannas sa scéal. Ní gan stró ar fad atá an gaol idir ise agus Stephanie, ach feicimid an nasc eatarthu ag daingniú de réir mar a thuigimid na cosúlachtaí idir an mbeirt. Cuirtear carachtair suimiúla eile in aithne dúinn – cara Rosemarie, Majella, agus an t-oibrí beáir, Yannis, mar shampla – ach is é féininiúchadh Thomáis an ghné is spéisiúla den scéal. Gluaiseann sé ó dhoilíos go domhaintuiscint go mall tomhaiste agus is breá taitneamhach an chaoi a atheagraíonn sé a chuid luachanna is a chuid tosaíochtaí ar deireadh thiar thall.
Mholfainn an t-úrscéal beoga seo do chách, mar pléann sé go críochnúil le pléisiúir agus le dúshláin an tsaoil i dtaca leis na hógánaigh is leis na tuismitheoirí de araon. Tá neart grinn le blaiseach ó thosach deireadh, agus cé go bhfuil an plota simplí a dhóthain, bogann imeachtaí an scéil ar aghaidh go mear. Rogha thar a bheith oiriúnach, mar fhocal scoir!

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.