24.3.08

Léirmheas ar "Bás Tobann" le hAnna Heussaff

Don té a bhfuil déanamh bleachtaireachta ann, nó fiú don té a bhfuil luí aige le drámaí pearsanta sochreidte, ní fearr comhairle a thabharfainn ná Bás Tobann le hAnna Heussaff a léamh. Úrscéal den chéad scoth atá i gceist, a chuimsíonn saol an teaghlaigh is saol na tuaithe araon, taobh istigh de chreatlach na coiriúlachta is na rúndiamhrachta.

Buailimid i dtús báire le hAoife agus Pat: beirt as Baile Átha Cliath a aistríonn go Béarra in iarthar na tíre in éineacht lena bpáistí, Sal agus Rónán. Gnó turasóireachta atá á bheartú ag na tuismitheoirí, agus dúshláin mhóra ag baint lena bhunú. De réir mar a mhéadaíonn ar líon na ndeacrachtaí leis an teach, leis na páistí agus leis na comharsana, áfach, feicimid coimhlintí ag bagairt ar ghrá pósta na beirte. Iriseoir is ea Aoife ó cheart, agus tuairimí láidre fórsúla aici faoi go leor rudaí dá réir. Go contrártha, is síochánta, socair an fear é Pat, agus is beag fonn a bhíonn air tacú le hAoife in am na troda. Toisc an uaignis a bhraitheann Aoife sa bhaile mar thoradh, tosaíonn sí ag géilleadh ina hintinn do gheasa fear eile a chastar uirthi.

Amhail is nach bhfuil cúrsaí casta a ndóthain faoi seo, áfach, cuireann Aoife suim i dtragóid a tharla sa cheantar sa bhliain 1986. Maraíodh múinteoir óg darb ainm Lelia Ní Dhubháin nuair a thit sí le faill i lár na hoíche, de réir na gcuntas ón uair sin. Tar éis dreas iniúchta, áfach, feictear d’Aoife nach raibh cúinsí a báis chomh simplí is a shílfeá; bhí lámh ag duine éigin ón bpobal i mbás anabaí an mhúinteora. Cuireann Aoife roimpi an fhírinne a nochtadh, d’ainneoin na gcontúirtí a tharraingíonn sí di féin ar deireadh thiar thall ...

Scéal beoga fuinniúil is ea é seo, a fhágann ar chiumhais ár gcathaoireacha muid go dtí an chaibidil dheireanach! Fiú más dochreidte an rud é go dtagann Aoife ar réiteach na ceiste is mó agus is conspóidí i bpobal Bhéarra tar éis díreach aistriú isteach sa cheantar, ní thig linn gan suim a chur sna blúirí fianaise a ligtear linn tríd síos. Is ealaíonta an chaoi a chuirtear tírdhreach álainn sceirdiúil Chonamara os ár gcomhair, agus ar bhealach, cuireann sé sin le truamhéil is le tragóid bhás na mná óig ónár dtaobh féin de.

Lena chois sin, pléitear le réimse mór ábhar a tharraingíonn ár spéis i gcaitheamh an scéil. Fear gorm ón Afraic Theas is ea Pat, agus tá greann éadrom san fháilte a chuireann baill den phobal beag traidisiúnta roimh a theacht. Ar an láimh eile, is féidir linn trua a ghlacadh don bheirt páiste, Sal agus Rónán, agus iad ag iarraidh socrú isteach ina scoileanna nua na mílte slí óna seanchairde i mBaile Átha Cliath. Seans, áfach, gurb í an ghné is fearr den phlota ná forbairt charachtar Aoife féin. Ardnósach agus pas beag mífhoighneach ag an tús, foghlaimíonn sí de réir a chéile go mbíonn gá i gcónaí le comhoibriú agus í ar thóir na fírinne. Carachtar mór láidir is ea í a athraíonn saolta a comharsan scun scan taobh istigh d’achar beag, ach is deas an rud é go n-athraíonn sise chomh maith. Aistear pearsanta atá i gceist ag deireadh an lae, agus is féidir linn uilig ionannú leis mar thoradh.

Mar bhuille scoir, bhain mé féin an-taitneamh go deo as an úrscéal seo, agus mholfainn do chuile dhuine ar spéis leo scéal maith eachtraíochta é a léamh. Chomh maith le léargas a fháil ar shaolta sochreidte na gcarachtar i mBéarra, is féidir an fhírinne laistiar de mharú uafar a aimsiú agus srian a ligean le do chuid instinní fiosracha. Is fiú an ceann seo a thriail gan amhras!

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.