Eagrófar Cúirt Filíochta arís
i mbliana i rith Oireachtas na Gaeilge a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn. Is i Seomra Glencar in Óstán an
Mount Errigal a eagrófar é ag 1.00 ar an 3 Samhain. Mar is gnáth, ócáid neamhfhoirmeálta
atá ann do dhaoine a bhfuil dúil acu san fhilíocht agus ar mhaith leo dán nó
dhó a aithris + cúpla gloine fíona agus cuideachta den chéad scoth.
Anuraidh, bhí moladh ann go
bhféadfaí na dántaí atá á léamh ag filí thaispeáint ar theilgeoir sonraí agus
na filí i mbun aithrise. Cuirfear áiseanna ar fáil chuige sin i mbliana. Má tá
dúil ag aon duine é sin a dhéanamh beidh na dánta de dhíth orm cúpla lá roimh
ré.
Bheinn buíoch as tuairim a
bheith agam faoi líon na bhfilí a bheidh i láthair. Má tá sé ar intinn agat a
bheith i láthair ag an ócáid b'fhéidir go gcuirfeá scéal chugam roimh dheireadh
na míosa seo.
Beannachtaí,
Proinsias Mac
a' Bhaird (proinsias@arainnmhor.com)
No comments:
Post a Comment
Note: Only a member of this blog may post a comment.