19.6.08

Liam Mac Amhlaigh: Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge























Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel, comhcholáiste de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é Liam Mac Amhlaigh. Céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóidé é. Tá suim thaighde aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge. Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha na Nua-Ghaeilge mar Mháire Mhac an tSaoi, Sheán Ó Ríordáin agus Mháirtín Ó Direáin. Foilsíodh a chéad úrscéal dó Teach na gColúr (Comhar, 2006) leabhar a bhuaigh duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais i 2006. Is é an saothar is déanaí leis ná Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) ina bhfuil spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978). Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.


Chugaibh anseo thíos tá caibidil amháin ón saothar is déanaí óna pheann:

Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge. http://coislife.ie/Authors/CLauthors/macamhlaidh2.htm



Foclóir Gaedhilge agus Béarla, 1904, 1927. Pádraig Ó Duinnín

Réamhrá

Bhí dhá mhórfhoclóir foilsithe ag Cumann na Scríbheann Gaeilge sna blianta 1904 agus 1927 faoi eagarthóireacht Phádraig Uí Dhuinnín. Ba í sprioc an fhoclóra, Foclóir Gaedhilge-Béarla, ná stíl nua a leagan amach d’fhoclóireacht na Gaeilge agus foclóir a chur ar fáil do lucht na hAthbheochana. D’eascair dhá mhionfhoclóir as chomh maith: A Smaller Irish-English Dictionary for the use of schools (1910) agus dhá bhliain níos deireanaí, A concise English-Irish Dictionary for the use of schools (1912).

Dhá shaothar iomlán éagsúil a bhí sa dá phríomhfhoclóir i ndáiríre toisc gur loisceadh plátaí an chéad eagráin go hiomlán sa bhliain 1916 sna tinte a lean an tÉirí Amach. Bhí beagnach a dhá oiread eolais sa dara ceann le tuilleadh ceannfhocal as litríocht agus as caint na ndaoine mar aon le crostagairtí agus mionleasuithe litrithe.

Eagrán
Leathanach
Ceannfhocal
1904
783
30,000
1927
1344
45,000

An foclóirí

Rugadh an Duinníneach sa Ráth Mhór deich míle ó Chill Airne ar lá Nollag 1860. Ba é Pádraig an cúigiú páiste. Ba thrádálaí caorach a athair. Ba dhalta éirimiúil é sa bhunscoil agus ar mholadh sagairt Íosánaigh, chuaigh sé go Coláiste Chluain Gabhann i gCill Dara. Ina dhiaidh sin, chinn sé dul ar ais ann mar nóibhíseach ag na hÍosánaigh i 1880 cé gur chaith sé seal ina cheantar dúchais agus é ina mhonatóir ar scoil náisiúnta na Mínte Óga go dtí go raibh naoi mbliana déag slánaithe aige.

Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath sa Bhéarla, sna clasaicigh agus sa mhata. Rinneadh é a oirniú sa bhliain 1894 agus chuaigh sé ar ais go Coláiste Chluain Gabhann arís mar mhúinteoir. Chinn sé an t-ord Íosánach a fhágáil sa bhliain 1900.

Nuair a thosaigh sé ag scríobh, bhí a chuid tráchtaireachta i mBéarla. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann Gaeilge Dánta Aodhagáin Uí Rathaille ar dtús sa bhliain 1900. Ba é Conradh na Gaeilge a d’fhoilsigh an dara téacs aige, Amhráin Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1901) agus lean siad leo ag foilsiú na leabhar seo a leanas uaidh: Amhráin Sheagháin Chláraigh Mhic Dhomhnaill (1902); Beatha Eoghain Rua Uí Shúilleabháin (1902) agus Dánta Shéafraidh Uí Dhonnchadha an Ghleanna (1902); Amhráin Thaidhg Ghaedhealaigh Uí Shúilleabháin (1903), agus dánta Phiarais Feiritéir (1903) bliain níos déanaí.

Agus an chéad eagrán den fhoclóir réitithe sa bhliain 1904, réitigh sé imleabhair 2-4 d’Fhoras Feasa ar Éirinn (1908–1914) do Chumann na Scríbheann Gaeilge. Réitigh Dáithí Ó Coimín an chéad imleabhar sula bhfuair sé bás agus rinne an Duinníneach an chéad dá cheann eile laistigh de bhliain i 1908, agus an ceann deiridh i 1914.

Foilsíodh úrscéal leis, Cormac Ua Conaill, an chéad úrscéal i nGaeilge, úrscéal stairiúil, chomh maith le drámaí, aistí agus paimfléid, leabhráin scoile agus véarsaíocht, os cionn míle alt (a bhformhór in The Leader) agus chum sé leathchéad gearrscéal. Bhí suíochán faoi leith aige sa Leabharlann Náisiúnta le tabhairt faoin obair seo ar fad. D’éirigh sé breoite sa bhliain 1934 agus é ag obair ar leagan nua de The confession of St.Patrick. Fuair sé bás laistigh de chúpla lá ar 29 Meán Fómhair 1934.

Scríobh Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair a bheathaisnéis, An Duinníneach (1958), a thugann an cuntas is fearr go fóill ar gach ní a chuir sé i gcrích a rith a shaoil.

Cúlra an fhoclóra

Nuair a bunaíodh Cumann na Scríbheann Gaeilge sa bhliain 1898 i Londain chinn siad tabhairt faoi fhoclóir Nua-Ghaeilge a fhoilsiú. Faoi dheireadh na bliana sin, bhí fochoiste bunaithe acu faoi stiúir George A. Greene M.A. chun ‘a cheap, handy, pocket dictionary of Irish-English, English-Irish for the use of students of the modern tongue’ a thiomsú agus plean oibre a cheapadh (de Bhaldraithe 1983: 17).

Rinne Peadar Ó Laoghaire agus Dáithí Ó Coimín an luatheagarthóireacht ag tús an tionscadail agus liostaí á gcur le chéile in ord aibítre d’fhocail a bhí in úsáid go coitianta ag an am nach raibh sna foclóirí roimhe sin. Lorgaíodh cainteoirí dúchais sa bhliain 1899 le focail a bhí in úsáid ina gceantair féin a ullmhú chomh maith le liostaí ón litríocht chomhaimseartha a réiteach (de Bhaldraithe 1983: 17) Bliain níos deireanaí, bhí ráite ag an gCumann go raibh siad ar tí an foclóir a fhoilsiú agus a dhíol an t-earrach ina dhiaidh sin. Bhí Eoin Mac Néill le bheith ina eagarthóir ginearálta, agus Ó Laoghaire agus Coimín ina gcomhairleoirí (de Bhaldraithe 1983: 17).

Ba chosúil gur measadh gur leor cnuasach a bhaint as foclóirí agus as liostaí focal agus nach mbeadh i gceist ach iad a chur i gcló gan aon mhórathrú ná mhóreagarthóireacht. Ní léir go baileach cén obair a rinne Peadar Ó Laoghaire, Dáithí Coimín agus Eoin Mac Néill ach níorbh fhada gur éirigh siad triúr as an bhfoclóir ar fad, agus ina dhiaidh sin, tairgíodh an post don Duinníneach sa bhliain 1901.

Modhanna oibre

Bhí tuairim 12,000 slip bailithe don fhoclóir sular ndeachaigh an Duinníneach ina bhun (de Bhaldraithe 1983: 17). Bhí ráite ag an Duinníneach nár baineadh leas as foclóirí Uí Raghallaigh agus Uí Bhriain (Ó Duinnín 1905: 122). Tháinig cuid mhór de na focail ó fhoclóir an Chonúsaigh, Foclóir Gaeilge-Béarla a foilsíodh sa bhliain 1849 (féach caibidil 9). Bhí leagan amach an-chruinn ar a fhoclóir siúd agus é dírithe ar lucht léite agus teagaisc an Bhíobla.

Cheadaigh an Duinníneach foclóirí lámhscríofa, foclóir Pheadair Uí Chonaill (c.1826), foclóir an Phluincéadaigh (Laidin-Gaeilge) agus tuilleadh (de Bhaldraithe 1983: 19). Mar sin féin, níor éirigh leis na focail nuachumtha ar fad a sheachaint mar shampla ‘clóghalar’. Ba é an Pluincéadach a chum an focal sin mar aistriú ar an Laidin ‘vertigo’. Bhí slite eile aimsithe aige freisin ar é a aistriú – ‘umchlódh’, ‘umchasadh’, agus b’ionann ‘clódh’ aige agus casadh thart. Bhain Coneys míthuiscint as agus is mar seo a chuir sé san fhoclóir é:

‘Clódhghalar’: a vertigo, a disease more than usually prevalent amongst printers.

Chuir an Duinníneach an méid sin focal ar fhocal sa chéad eagrán den fhoclóir, ach bhí sé de chiall aige é a fhágáil ar lár sa dara heagrán.

Tá an chosúlacht air go raibh creatlach an fhoclóra bunaithe ar phlean an Oxford English Dictionary (Mac Lochlainn 2005: 3). Rinne an Duinníneach nasc idir meascán de chineálacha foclóra: tagairtí d’fhilí an Bhéarla, fuaimniú an fhocail, leaganacha canúnacha, ainmneacha, daoine logainmneacha, foinsí, sleachta as údair cháiliúla agus dátaí le cuid acu. Toisc na slite difriúla ar fad a bhí aige, ní mar a chéile leagan amach an eolais sna hiontrálacha go léir.

Bhí dhá spriocghrúpa le sásamh aige – lucht léinn agus lucht foghlama na Gaeilge. Shásaigh sé cuid mhór den dá ghrúpa, bíodh is gur cuireadh ina leith nach raibh na hiontrálacha léannta go leor in áiteanna aige. Maidir le foinsí, thug sé foinse uaireanta, uaireanta eile níor thug. Is minic alt iomlán tógtha focal ar fhocal aige as foclóirí an Chonúsaigh, Uí Bhriain nó Uí Raghallaigh, an fhoinse luaite uaireanta agus gan lua uaireanta eile (de Bhaldraithe 1983: 18).

Ar ndóigh ní raibh aon chaighdeán litrithe aige ach oiread agus cé nach raibh aon dualgas ar an Duinníneach an litriú a chaighdeánú, rinne sé beagan de sin in áiteanna, mar shampla

sc- tríd síos áit a mbíodh sg-;
-éa- in áit –eu-; agus
-ea- sa siolla neamhaiceanta in áit –io-;

Bhí dúshlán faoi leith le foirm an cheannfhocail a roghnú go háirithe nuair a bhíodh suas le deich bhfoirm éagsúla chanúnacha ann. Ní raibh aon chur chuige leanúnach aige ina leith seo.

Ceann de na buanna ba mhó a bhí ag an Duinníneach ná an stór mór filíochta a bhí de ghlanmheabhair aige agus an-tóir aige ar fhilí Chiarraí. Ba mhinic nach n-insíodh sé cérbh as na línte breátha ach ba chosúil gur thaitin Cúirt an Mheán Oíche leis le brí na bhfocal a léiriú. Leagadh sé an iomarca béime ar eolas breise seachtrach – scéilín, giota filíochta, nó leagan cainte a tháinig uaireanta idir é agus an focal.

Sa dara heagrán, ní raibh mórán de dhifríocht sa mhodh oibre nó ar an leagan amach a bhain leis. Mar sin féin bhí i bhfad níos mó foinsí ar fáil dó. Bhí sé in ann dhá oiread filí ón ochtú haois déag a lua is a bhí sa chéad eagrán mar aon le fiche leabhar próis áit nach raibh ceann ar bith sa chéad eagrán. Thuig sé freisin an spéis a chuir an pobal sa chéad eagrán agus bhí a chuid eolais ar an teanga méadaithe idir an dá linn. Faoin am ar thosaigh sé ar an obair an athuair, sa bhliain 1917, bhí sé ag druidim leis an trí scór.

An cur chuige

Cruthaíodh an nasc le Cumann na Scríbheann Gaeilge sa bhliain 1899 nuair a tháinig an Duinníneach le moladh faoi eagráin áirithe de shaothair fhilí na Mumhan. Bhí raic idir an Duinníneach agus an Cumann ó thús. Bhain cuid de na deacrachtaí le meon diongbháilte an Duinnínigh. Bhí sé toilteanach dianobair a chur i gcrích ar an bhfoclóir ach bhí sé tar éis é féin a scarúint le hOrd na nÍosánach i Lúnasa 1900. Bhí £250 á lorg aige in aghaidh na bliana agus é ag feidhmiú as a stuaim féin. Tar éis idirbheartaíochta, socraíodh figiúr £200. Is fiú a lua gurb ionann £200 agus ioncam iomlán an Chumainn sa bhliain 1902 (Breathnach 2005: 4).

Faoin am ar foilsíodh an foclóir, chosain sé £900 ar an gCumann, £500 de sin ag dul i dtreo an eagarthóra agus a chúntóirí (Ó Riain 2005: x). Bhí beirt faoi leith a chabhraigh go dlúth leis an gcéad eagrán: Seán Ua Ceallaigh (Sceilg) agus Seosamh Laoide. Thug an Duinníneach buíochas faoi leith d‘Ua Ceallaigh as an dua a chaith sé leis an tionscadal ó thús.

Rinne Seosamh Laoide an lámhscríbhinn agus an profa ar fad a léamh. Dúirt Ua Ceallaigh nach bhfuair sé pingin rua as ucht a chuid oibre. Thug Ó Duinnín fíorbheagán do Laoide ach lorg sé £50 ina dhiaidh sin ón gCumann agus fuair sé é (Ó Riain 2005: xiii). Bhí muintir an Chumainn an-sásta le torthaí an fhoclóra. Mhéadaigh líon na ballraíochta go breis is míle ball. Cuireadh 5,000 cóip i gcló, mar a mhol an Duinníneach, seachas an 2,000 cóip a mhol an Cumann a fhoilsiú (Ó Riain 2005: xiv).

Nuair a scriosadh na plátaí agus stoc an fhoclóra sa bhliain 1916, chaith an Duinníneach beagnach deich mbliana ina dhiaidh sin ag obair ar an dara heagrán. Shínigh sé conradh leis an gCumann leis an bhfoclóir a athnuachan ar 1 Meán Fómhair 1919 agus ceithre bliana luaite chun an tionscadal a chur i gcrích (Riggs 2004: 22). Fuair sé cuidiú faoi leith ó L.S. Gogan agus ón athair Donnchadh Ó Floinn, beirt a mhol sé go hard. D’íoc an rialtas £1,000 leis an gCumann sa bhliain 1924 le cuidiú a thabhairt an tionscadal a chríochnú (Ó Riain 2005: xiv).

Measúnú

Thuill foclóir an Duinnínigh meas forleathan. Go dtí an lá atá inniu féin, díoltar breis cóipeanna de leagan 1927 ná aon fhoilseachán eile de chuid an Chumainn. Faoi Lúnasa 1930, bhí 6,000 cóip den fhoclóir díolta. In ainneoin an chórais litrithe ann agus an cló Gaelach a bheith as feidhm san oideachas le fada, tá éileamh faoi leith fós air: ‘Ba aoinne amháin é féin agus a fhoclóir, agus ba gheall le hinstitúid náisiúnta iad araon’ (Ó Céileachair agus Ó Conluain 1958: 321).

Leis an gcéad leagan den fhoclóir, d’fhreastail sé go cumasach ar riachtanas práinneach. Rinne an Duinníneach éacht leis na deiseanna oibre a bhí aige agus taobh istigh de na teorainneacha ama:

Tá saothar éachtach an Duinnínigh ar eolas ag cách. Murach é, ní móide go bhféadfaí tabhairt faoin teanga a theagasc ná a úsáid i gcúrsaí oideachais ná i ngnóthaí riaracháin le leathchéad bliain anuas. Ar éigean a bhí scríbhneoir ar bith ann nach raibh faoi chomaoin aige (de Bhaldraithe 1980: 12).

Ach, ar ndóigh, cáineadh freisin é. Cháin Tomás Ó Rathaile an saothar ó thaobh na foclóireachta agus na heagarthóireachta de:

…Dineen who has printed some passages from PCT in the wholly unwarranted belief that Aogán Ó Rathaille was its author, misspells ‘uirceanna’ as ‘úircheanna’ and ‘uircheanna’, which he mistranslates as ‘clogs’. This ghost word ‘uircheanna’, ‘clogs’, duly appears in the second edition of his dictionary (O’Rahilly 1942: 201).

Ba é an tAthair Micheál Ó hIcí, Ollamh le Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad, ba ghéire a cháin é. Dar leis, ní raibh cruth sásúil ar an bhfoclóir. Cháin sé cumas Gaeilge agus foclóireachta an Duinnínigh: ‘Vast numbers of words are missing or….. are not to be found where they should be’ (O’Hickey 1905: 66) agus ‘Not scientific lexicography but lexicography by rule of thumb’ (O’Hickey 1905: 71).

Ní raibh aon drogall ar an Duinníneach é féin a chosaint. Thug sé freagra réasúnta ar chuid de na pointí i dtaobh na bhfocal agus ansin tugann sé ‘a labyrinth of error and misrepresentation’ ar léirmheas Uí Icí (Ó Duinnín 1905: 138). Chosain Ó hIcí é féin, ar an ngnáthbhealach, le hionsaí bríomhar.

Go deimhin, is féidir foclóirí an Duinnínigh, go háirithe eagrán 1904, a lochtú ó thaobh theoiricí na foclóireachta, ach is gá staid léann na Gaeilge, an deis oibre a bhí aige, agus an t-achar a tugadh dó chun é a dhéanamh, a chur san áireamh. Is stór eolais é ar an teanga, ar an mbéaloideas, agus ar shaol an phobail. Is leabhar é ar bhain na glúnta ard-leas as mar bhíobla na Gaeilge ó thaobh na litríochta de. Ní raibh agus níl fós a shárú ann sa mhéid sin.

Rogha focal samplach ón bhfoclóir

· asclán, -áin, pl. id., m., a gusset, anything carried under the arm, a parcel; al. osclán, q.v.
· do-chonach, m., adversity, mischance, misfortune; smt. pron. dothnách
· forann, -ainn, m., Pharaoh, a Pharaoh or Egyptian monarch.
· maothlán, -áin, pl., id. m., cartilage; m. móna, louseworth or rattle

1 comment:

  1. Maith thú, a Liam! Is iontach an rud é go bhfuil spéis ag na scríbhneoirí óga is úra i gcúrsaí taighde chomh maith.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.