10.12.08

Cuireadh

Beidh fáilte mhór roimh bhaill an chumainn a bheith i láthair i gClub Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath ar an Satharn ag a 9.00 nuair a sheolfar leabhar úr de mo chuid: 'Maggie Sailor & Cailleach na Farraige'.
Ócáid neamhfhoirmeálta a bheas ann, gan óráidí fada; ach beidh neart ceoil, bia agus deoch ar fáil ar an oíche.
Tá súil agam go mbeidh sibh ábalta a bheith ann!

5 comments:

  1. Go raibh míle maith agat, a Phroinisas! Agus ádh mór leis an leabhar úr!

    Ríona

    ReplyDelete
  2. Tréaslaim do leabhar nódh duit Proinsias agus tá súil agam go raibh oiche thar barr agaibh agus cloigeann tinn [ach ni róthinn] an lá dar gcionn!

    ReplyDelete
  3. Comhghairdeas leat, a Phroisiais, is trua liom nach rabhas in ann a bheith i láthair :(

    ReplyDelete
  4. Coimhghairdeas a Phroinsiais

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh. Oíche mhall a bhí ann agus cloigeann iontach tinn ina dhiaidh.
    Bhain mé an-sult as do leabharsa, a Shiomóín. An duais mhór tuillte go maith agat.
    Ní raibh mé ábalta mo lámh a chur ar Phéacadh go fóill, a Ailbhe, ach thaitin an píosa a scríobh tú i gComhar liom agus an píosa i bhFeasta faoin seoladh fosta.
    Bhí píosa an-mhaith ag Caitríona i gComhar fosta, ar léigh sibh é? Bhí sé fíor-shuimiúíl.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.