Bábaí Úr
Níl aon chur síos ort, a rún!
Mar ghealach don deoraí thú
ag lonrú os mo chomhair,
bhéarfá amharc don dall
croí don chloch
a mhuirnín óig an ghnaoi.
Buaileann cuisle ceoil ionat,
tá aingle ag rince fá do chosa,
le hachan anáil uait
tig dóchas mór agus grá,
is tú an deilf ag léimnigh
tráthnóna lán mara.
A Ríon na gilleachta
bheireann do chuideachta
beatha agus brí dúinn
gan tú ach seachtainí d'aois
soilsíonn do chuid suáilcí
mar lóchrann romhainn.
Samhlaím anois thú
i lár pháirc mhór an tsaoil
gaoth an Earraigh ag séideadh
trí dhuail do ghruaige míne
ag bailiú bláthanna
le bronnadh ar an domhan.
Iarraim bláth beag ortsa, a stóirín,
a mhuirneoidh mé go deo
idir leathanaigh leabhair mo chroí.
Sna hamannaí sin
nuair a thiocfas doilíos ag bualadh
fosclóidh mé an leabhar
chun éalú isteach i ndúiche an tsóláis.
Comhghairdeachas! Tá an dán go hálainn & beidh an leanbh beag bídeach an-bhródúil as nuair a rachaidh sí [?] in aois.
ReplyDeleteta se alainn !!
ReplyDelete