16.7.08

Agallamh na Míosa: Eithne Ní Ghallchobhair

Tá dhá leabhar do pháistí scríofa ag Eithne Ní Ghallchobhair: Dhá Chluas Capaill ar Labhraí Loingseach (Cló Mhaigh Eo, 2004) agus Cóisir sa Choill (Cló Mhaigh Eo, 2007). Tá spraoi is féith an ghrinn le feiceáil sa dá leabhar sin agus is cinnte go mbaineann na tréithe céanna le pearsantacht an údair féin. Tá alt léi in Beo! na míosa seo agus cé go dtaitníonn an scríbhneoireacht go mór léi, tá spéis aici sa bhácáil, sa dreapadóireacht agus fásann sí glasraí
orgánacha chomh maith le go leor rudaí eile.


Cad as duit?
Ard an Rátha, Dún na nGall. Baile beag deas in aice na farraige atá ann. Tá na cnoic ar achan taobh den bhaile agus bíonn féile de shaghas inteacht ar siúl achan mhí – siúl, ceol, bia. Is maith liom an baile agus an ceantar go mór.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Is cuimhin liom a bheith suite sa phram agus rud inteacht ollmhór ag teacht ionsorm. Ní raibh a fhios agam cad é a bhí ann agus bhí mé ag screadaíl liom. Sílim gur spúnóg a bhí ann anois ach ní thig liom a bheith cinnte. Is cuimhin liom fosta an lá a ghearr mé gruaig Cindy agus an t-iontas a bhí orm nuair nár fhás gruaig s'aici arís.

Ar léigh tú mórán leabhar nuair a bhí tú i do ghirseach?
Bhí mé i dtólamh ag léamh, níor stad mé.

Cén chaoi ar chuir tú spéis sa scríbhneoireacht chruthaitheach?
Níl mé cinnte ach má tá dúil ag duine sa léamh is dócha go dtig an scríbhneoireacht chugat diaidh ar ndiaidh.

Céard é an leabhar is fearr do pháistí, dar leat?
Winnie the Pooh nó The House at Pooh Corner. Is maith liom iad a léamh go fóill.

An dóigh leat go bhfuil difríochtaí idir an scríbhneoireacht do pháistí agus do dhaoine fásta?
Sílim go bhfuil. Ní gá rudaí a mhíniú do pháistí, bíonn draíocht intuigthe. Bíonn béim ar rudaí simplí – dathanna, fuaimeanna, na céadfaí mar shampla. Bíonn caidreamh ag páiste leis an uile rud, ní gá go mbeadh daoine i gceist i gcónaí. Is maith liom an t-iontas a théann le bheith ag scríobh do pháistí. Bíonn iontas i gceist le hachan rud beo.

Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag scríobh do dhaoine óga den chéad uair?
Bain triail as, bain sult as agus lean ort.

Ar chaill tú do mhisneach riamh agus tú i mbun pinn?
Níor chaill.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid leabhar?
Sílim go bhfuil. Is maith liom na scéalta beaga agus na dathanna sna pictiúirí. Is maith liom bheith ag amharc ar ainmhithe agus ar phlandaí agus caithim isteach iad anois agus arís.


Is cosúil go bhfuil spéis agat sna lámhscríbhinní Gaeilge agus scéal
Labhras Loingseach athchóirithe agat do pháistí. An gcloíonn tú go docht leis an mbuntéacs nó an dtéann tú i dtreo an fhicsin?
Sílim go bhfuil sé tábhachtach cloí leis an bhunscéal atá leagtha síos romhat ach má tá sé soiléir ón tús gur leagan úr atá ann tig le scríbhneoir an scéal a stiúradh. Beidh leagan úr de Tomás na hOrdóige ag teacht amach an bhliain seo chugainn agus cé go bhfuil an bunscéal/ seanscéal céanna i gceist beidh nithe úra le léamh faoin bhoc beag seo chomh maith.

Cén chaoi ar léirigh tú spéis sna lámhscríbhinní ar an gcéad dul síos?
Chaith mé bliain i nDún Éideann ag staidéar agus bhí Ronnie Black mar léachtóir agam. Eisean a mhuscail mo spéis sna lámhscríbhinní i dtosach báire. Rinne sé an uile rud chomh suimiúil sin. Ghlacfadh sé téacs isteach chuig an rang agus bheadh sé á phlé againn go mion, ag amharc ar an pheannaireacht ar an ábhar, ar an scríobhaí agus mar sin de. Roimhe sin, áfach, nuair a bhí mé ar an mheánscoil bhí an-dúil agam i bpeannaireacht agus chaithinn an-mhórán ama ag dul di. Déanaim cóipeanna de na téacsanna anois mar chaitheamh aimsire.

Ar mhaith leat scéal do bheatha a fheiceáil i bhfoirm leabhair nuair a bheidh tú níos sine?
Tá sin furasta - Níor mhaith.

An gcasann tú ceol?
Casaim ar an fhidil agus is aoibhinn liom é. Thosaigh mé ar an fhidil nuair a bhí mé seacht mbliana d'aois ar fhidil bheag bhídeach agus bhí John "the Tae" Gallagher mar mhúinteoir agam. Bhí an-iomrá air mar fhidleoir ar fud an domhain agus bhí an t-ádh dearg orm go raibh mé i mo chónaí béal dorais leis. Fear iontach séimh atá ann agus thug sé ceol domh. Ba mhór an gar. Glacaim páirt sna seisiúin anois agus arís i nGleann.

Céard é an cartún is fearr leat?
The Wombles! Bhí siad iontach cliste agus dúil acu sa timpeallacht. Bhí Tobermory ina laoch agam. Iontach ruainneach agus dathúil.
Thaitin an ceol liom chomh maith ach dhá bhliain ó shin chuala mé an t-amhrán - Underground, overground Wombling free The Wombles of Wimbledon Common are we - agus rith sé liom go raibh siad ina gcónaí in Wimbledon Common. Shíl mé leis na cianta go raibh siad ina gcónaí in Wimbledon agus go raibh neart acu ann.

Ar bhaint tú triail as an aisteoireacht riamh?
Níor bhain.

Cá dtéann tú ar saoire?
Téim fhad leis na cnoic agus na sléibhte. Dhreap mé Beinn Nibhis an mhí seo caite agus bhí mé sna hAilp anuraidh ar feadh coicíse. Beidh mé ag dul ag dreapadh sna sléibhte Carpathian mí Lúnasa.

Twister, Loop the Loop nó Fat Frog?
Fat Frog.

Céard é an chéad rud a léann tú nuair a osclaíonn tú nuachtán?
Taisteal.

Ar thaitin an bhunscoil agus an mheánscoil leat?
Thaitin an bhunscoil go MÓR liom. Bhí triúr sa rang liom agus bhí na múinteoirí thar a bheith deas. Bhí neart saoirse againn agus bhí clós mór thart ar an scoil. Bhínn ag rith agus ag imirt peile. Cúl báire a bhí ionam – cuireadh ansin mé de bharr go raibh mé chomh holc achan áit eile.
Bhí an mheánscoil ceart go leor agus bhí mé in inmhe rudaí úra a dhéanamh agus mar sin de ach ní thiocfadh an bhunscoil a bhualadh.


Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?
Téim ag snámh san fharraige nó téim amach ag rith. Déanaim ceann amháin nó ceann eile achan lá. Maidin inniu rith mé seacht míle sular tháinig mé isteach chun na hoibre. Má bhíonn sé ag cur téim ag snámh óir bheinn fliuch i gcás ar bith. Tá stunt kite agam fosta agus téim amach leis ar an trá má bhíonn sé gaofar. Cuireann sin an ruaig ar strus.

An imríonn tú spórt?
Rith agus snámh.

Cén saghas bia is fearr leat?
Bia a fhásaim féin sa ghairdín. Tá gairdín mór agam agus cuireann muid glasraí ann achan bhliain. Tá crainn le sméara éagsúla thart timpeall ar na taobhanna. Chuir muid an-mhórán glasraí ann i mbliana óir ba bhreá liomsa a bheith beo an oiread agus a thig ar an ghairdín. Tá teach glas agam chomh maith agus é lán go doras. Is maith liom bia úr a bhaint agus a ithe agus is breá liom a bheith ag cócaireacht do scaifte daoine agus a bheith ag ithe lasmuigh.

Cé hé nó hí an bleachtaire is fearr leat?
Mo chomharsa béal dorais agus an bhean is fearr liom ar domhan, Annie. Ní thig liom dadaí a dhéanamh i ngan fhios di.

An bhfuil ainmhithe agat?
Tá piseog bheag riabhach agam – Tup.

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí timpeallachta?
Tá agus déanaim iarracht mo chuid a dhéanamh ar a son cé go dtiocfadh liom níos mó a dhéanamh is dócha. Fásaim glasraí, tá múiríneoir agam, déanaim athchúrsáil nuair a thig liom ach bainim úsáid as mo ghluaisteán achan lá agus tá ola agam sa teach.

An gcuireann tú feisteas ort go fóill ar Oíche Shamhna?
Nach cinnte!

An bhfuil leabhar á scríobh agat faoi láthair?
Amárach!

1 comment:

  1. Tá tuirse orm tar éis dom an t-agallamh seo a léamh maidir le rith, snámh, scríobh, ceol, gairneoireacht, dreapadh sléibhte &rl. Ní bheinn ábalta coimeád le hEithne in aon chor

    Caithfidh me dul ar ais a chodladh dom féin!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.