2.7.08

Coiscéim




Magus Ballyrath
le Nuala Reilly
Dánta snoite tomhaiste iad seo ag ceardaí oilte nár leasc léi dánta a bhaint as an ngnáth — mar atá mórán den bheatha, ar ndóigh — agus téamaí ón stair, stair na linne seo agus an rud anallód, móide macallaí as eachtraí a taithí féin nó taithí na ndaoine sin ar áin léi iad.Céad-chnuasach den scoth. Nára fada uainn a thuilleadh.Rugadh agus tógadh Nuala Reilly in Ard Mhacha, agus tá cónaí uirthi i gcathair Dhoire le fada. Saotharlanna agus moladh ó leithéidí Nuala Rua Ní Dhomhnaill a mhisnigh í lena dánta a chur os ár gcomhair, rud a rinne ar Feasta agus i gComórtas Bhéal Átha na mBuillí, mar ar ghnóthaigh dán sa chnuasach seo an chéad duais i 2005.€7.50

An Saol i Sladbhaile
le Mícheál Ó Ruairc

Bhain maoithneachas le cuimhní Paddy Crosbie agus John D Sheridan ar scoileanna na hArdchathrach; bhain téagar agus scéalaíocht le leabhar Michael Mullen ar an suíomh san, An Lána; bhain san agus spórt, gan dabht, lenar bhain Roddy Doyle as an síog sin. Agus baineann san ar fad agus feabhas grinn an Chiarraígh mhallaithe le hinsint Mhichíl Uí Ruairc ar imeachtaí ghaigíní sráide thuaisceart na cathrach. Má bhain Myles na gCopaleen an craiceann is a luach as béal bocht údair an Bhlascaoid Mhóir, is cinnte go mbaineann an Ruarcach an oiread súip agus is féidir as cré-umhlaíocht chosmhuintir Bhaile Átha Cliath.

Is é an greann an tréith is suntasaí sa leabhar, agus creideann an t‑údar mura n‑éiríonn leis oiread is gáire amháin a bhaint astu siúd a léann é, gur dream iad nach bhfuil ar a gcumas gáire a dhéanamh, nó go bhfuil sé thar am aige féin éirí as a bheith a scríobh as Gaeilge ar fad! Seo an naoú húrscéal ó pheann Uí Ruairc, agus is úrscéal é a thosaigh sé i bhfad siar, ag druidim le deireadh an chéid seo caite. Seo é a rogha phearsanta féin de na húrscéalta go léir atá scríofa aige go dtí seo.Is file, úrscéalaí agus gearrscéalaí Míchéal Ó Ruairc.

Is as Ciarraí dó ó dhúchas, ach tá cónaí air san Ardchathair le fada. D’ainneoin a bhfuil á thuar ag Fáithe an Bhrátha, creideann sé go mbeidh an Ghaeilge fós ina steillebheatha ar feadh mílaoise nó dhó nó trí eile.€7.50



Ainteafan

Colette Nic Aodha

“Tagann na dánta sa chnuasach nua seo aniar aduaidh ort agus baineann an anáil díot. Ní dánta ócáidiúla iad ach dánta a fuineadh is a fáisceadh as ithir lom na beatha saolta, as fulaingt phearsanta agus taithí saoil an fhile féin. Tá an t‑ionracas, an íoróin agus an dúghreann fite fuaite go dlúth ina chéile aici sna dánta mar chéilí leapa i dteannta an uaignis, an duaircis agus an ghrá éagmaise. Nochtann sí a hanam dúinn ar bhealach misniúil ina cuid filíochta, agus molaim go mór í as ucht saothar den scoth a chur ar fáil dúinn sa phróiseas. Ní baol d’fhilíocht na Gaeilge faid a bheas filí dúshlánacha cróga oilte mar Colette á cumadh.”
— Mícheál Ó Ruairc.

Rugadh Colette Nic Aodha i gContae Mhaigh Eo, agus tá cónaí uirthi i nGaillimh lena triúr mac. Is múinteoir meánscoile í sa chathair. Tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, Baill Seirce agus Faoi Chrann Cnó Capaill. Scríobhann sí i mBéarla agus i nGaeilge. Tá dánta léi foilsithe go forleathan in Éirinn agus in Albain, agus craolta ar an raidió. Tá duais buaite aici i gComórtas Filíochta Dhún Laoire.

Tá leabhar gearrscéalta, Ádh Mór, foilsithe aici freisin.€7.50
Ar fáil: http://www.coisceim.ie/
Trí an bpost:
TIG BHRÍDE,
91 BÓTHAR BHINN ÉADAIR,
BINN ÉADAIR,
BAILE ÁTHA CLIATH 13,
ÉIRE.
FÓN: 00353 (0)1 8322 509
FAICS: 00353(0)1 8320 131

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.