9.7.08

www.beo.ie

Tá eagrán Beo! mhí Iúil (www.beo.ie) ar fáil anois! Mar is gnáth, tá togha agus rogha na n-alt le léamh. Ná déanaigí dearmad, tá gluaiseanna ar fáil leis na hailt a chuirtear i gcló in Beo!, rud a chuireann ar chumas gach duine sult agus tairbhe a bhaint as an iris, is cuma cén leibhéal inniúlachta atá acu ó thaobh na Gaeilge de.


Cuirtear Philip King faoi agallamh an mhí seo. Tá King ar dhuine de na léiritheoirí teilifíse is bisiúla in Éirinn agus tá cláracha déanta aige go dtí seo ar réaltaí móra de chuid an cheoil mar Daniel Lanois, Christy Moore agus Nigel Kennedy. Labhair Beo! leis le gairid sa Triskel Arts Centre i gCathair Chorcaí, áit a raibh sé féin agus a ghrúpa ceoil, Scullion, i mbun sraith cheolchoirmeacha.

Déantar anailís ar chúrsaí reatha – idir scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta – sa rannóg “Ar na Saolta Seo”. I measc na scéalta atá idir chamáin an mhí seo, tá grinnanailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar dhiúltaigh muintir na hÉireann do Chonradh Liospóin, tá tuairisc le Maidhc Ó Cathail ar an gcomhshaolaí mór le rá, Maurice Strong, agus míníonn Brian Ó Brian an fáth a bhfuil géarchéim i ndán do thiománaithe Mheiriceá.
Tá alt le Eithne Ní Ghallchobhair (ball de chumann na Scríbhneoirí Óga/Úra) in eagrán na míosa seo de Bheo! & beidh Eithne curtha faoi agallamh ar an mblag seo sara fada.

Sna rannóga eile, labhraíonn Colm Ó Snódaigh ón mbanna ceoil Kíla mar gheall ar na nithe – agus na daoine – áirithe a thug misneach dó agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.

Scríobhann an damhsóir mór le rá, Breandán de Gallaí, faoin eispéireas aisteach a bhí aige agus é ag taisteal ar bhus Greyhound thall i Meiriceá; insíonn John Walsh dúinn mar gheall ar a thuras go Manainn agus tá alt spéisiúil ar Chabóigín, ar guth sintéiseach í a labhraíonn Gaeilge Uladh.

Tá na hailt seo, agus corradh, ar fáil anois. Mar sin, tugaigí cuairt ar www.beo.ie gan a thuilleadh moille!

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.