27.4.12

Dea-scéal Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Bronnadh Corn an Choirnéil Eoghain Uí Néill ar Ailbhe Ní Ghearbuigh i mBaile Átha Cliath aréir, Déardaoin 12 Aibreán, ag ócáid a léirigh beocht na filíochta nuachumtha in Éirinn agus in Alban.
Chroch an banfhile óg ó Thrá Lí, Contae Chiarraí an corn léi leis an dán Gaeilge ‘Deireadh na Feide’.
Bhain ocht ndán amach an gearrliosta i mbliana. Ina measc bhí dánta le Brian Ó Tiomain, Calum MacLeòid, Doireann Ní Ghríofa, Aodán Ó Sé agus Art Ó Súilleabháin.

Sliocht as Preaseisiúint le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge

10.4.12

Doireann Ní Ghríofa agus Paul Durcan ag léamh i gCorcaigh

Beidh na filí Doireann Ní Ghríofa agus Paul Durcan ag léamh i gCorcaigh ar an 19ú Aibreán ag 7.15 i Lárleabharlann na Cathrach ag seoladh Cork World Book Fest. Is féidir teacht ar an eolas uilig faoin ócáid seo ar: www.corkcitylibraries.ie/servicesandprogrammes/theconstantreaderbooksreading/corkworldbookfest

Is as Co an Chláir do Doireann Ní Ghríofa ó dhúchas. Bhain sí amach céim mháistreachta sa Nua-Ghaeilge. Tá filíocht léi foilsithe in Feasta, Comhar, Prairie Schooner (Contemporary Irish Writers Issue), Causeway, Cyphers, Ropes Anthology, Revival, An tUltach, Crannóg, The Stony Thursday Book agus An Gael. Beidh tuilleadh dánta á bhfoilsiú go luath i Melusine. Bhain sí duais amach san Oireachtais Liteartha 2010 i rannóg na Scríbhneoirí Úra agus bhí dánta léi ar ghearrliosta Comórtas Uí Néill 2011 agus 2012, chomh maith le comórtas Siarscéal 2012. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht uirthi. Roghnaíodh í le páirt a ghlacadh i Poetry Ireland Introductions Series 2012. D’fhoilsigh Coiscéim an chéad chnuasach léi, dar theideal Résheoid, agus foilseofar a dara cnuasach Dúlasair i 2012.

27.3.12

Dánta do pháistí á lorg

Tá an scríbhneoir úr Seán Ó Dubhchon ag lorg dánta a bheadh oiriúnach do pháistí idir 8-12 bliain d’aois do leabhar filíochta a fhoilseoidh LeabhairCOMHAR níos déanaí sa bhliain. An sprioc atá aige ná saothar filíochta úrnua a chur ar fáil do pháistí óga ar fud na tíre. Tá súil aige go mbeadh an leabhar seo mar spreagadh ollmhór do pháistí óga, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí atá ag iarraidh léitheoireacht na Gaeilge a bhuanú agus a mhúnlú.
Leabhar croineolaíoch atá i gceist agus beidh na dánta bunaithe ar théamaí séasúracha. Beidh an leabhar ag tosú le dánta faoi thús na scoil bliana (an Fómhar) agus ag críochnú le dánta bunaithe ar laethanta saoire (an Samhradh). Ba bhreá leis dánta a fháil ar ábhair éagsúla a bhaineann leis na séasúir agus is é an 20 Aibreán 2012 an spriocdháta chun dánta a sheoladh chuige.
Má tá tuilleadh eolais uait, seol ríomhphost chuig scribhneoiri.oga@gmail.com

Seoladh Leabhair: Na Laochra is Lú

Comhghairdeas leis an scríbhneoir úr Laoise Ní Chléirigh a bhfuil a céad leabhar do pháistí, Na Laochra is Lú, díreach foilsithe ag an nGúm.
Tugtar cuireadh duit bheith i láthair san Atrium, Coláiste Oideachais Froebel, Ascaill na Croise, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, ar an Déardaoin, 29 Márta ar 7.00 p.m. nuair a chuirfidh Máire Nic an Bhaird Na Laochra is Lú i láthair an phobail.

7.3.12

Ábhar á lorg

A Chairde na hÉigse,

Tá ábhar á lorg ag an iris Southword - dánta, gearrscéalta agus léirmheasanna.

Tuilleadh eolais: http://www.munsterlit.ie/Southword%20Journal.html

Beir bua,
Ailbhe

1.3.12

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí
Luan Cásca, 9 Aibreán 2012, 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Stiurthóirí: Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí & úrscéalaí; Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
• Léamh Próis & Filíochta, oíche Dé Luain ag 8.30p.m.
i Lios Beag san Óstán Meadowlands le Colette Nic Aodha, file,agus Brian Ó Dochartaí, gearrscéalaí.
EOLAS DO RANNPHÁIRITHE CEARDLAINNE:
• I gcomhar le Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí a eagraítear an cheardlann.
• Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar shaothair a chéile, beidh líon na rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a mhéid.
• Costas na ceardlainne 20 euro. Mic Léinn 5 euro. Tá lón ag 1.00p.m. agus an léitheoireacht oíche Dé Luain clúdaithe sa táille.
Urraithe ag Foras na Gaeilge. Eolas breise: feasta@eircom.net

22.2.12

Forbairt Litríocht agus Chultúr na nÓg: An Dara Comhdháil

Coláiste Phádraig, Droim Conrach
23-24 Márta 2012

Beidh an dara comhdháil ar litríocht agus ar chultúr na n-óg ar siúl i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar an 23-24 Márta. I measc na gcainteoirí beidh Tadhg Mac Dhonnagáin, Éilís Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn, Andrew Whitson agus Meadhbh Ní Eadhra.
Seolfaidh Máire Nic Mhaoláin an leabhar Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg (an chéad chnuasach aistí ar litríocht Ghaeilge na nÓg) foilsithe ag LeabhairCOMHAR. Beidh bricfeasta liteartha COMHAR ann freisin nuair a phléifidh na scríbhneoirí úra Órla Ní Chuilleanáin, Laoise Ní Chléirigh agus Seán Ó Dubhchon na leabhair do pháistí atá á scríobh acu.
Tuilleadh eolais: http://litriochtnanog.blogspot.com/

11.2.12

Glaoch ar Iarratais: Gearrscéalta as Gaeilge

In Áras na Scríbhneoirí déantar tréaniarracht tacaíocht a chur ar fáil do scríbhneoirí ag gach céim forbartha agus iad ag foghlaim a gceirde. Dá réir sin, tá ríméad orthu ardán a chur ar fáil do The Lonely Voice: Short Story Introductions – ócáid mhíosúil dóibh siúd a dteastaíonn uathu gearrscéalta a scríobh anseo ag Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, B.Á.C 1. Is suim leo go háirithe ardán a chur ar fáil do scríbhneoirí atá díreach tosnaithe ag scríobh agus nach raibh an deis acu go dtí seo a saothar a léamh go poiblí. Roghnaíonn aoi-mholtóir suas le 4 buaiteoir gach mí agus tabharfar cuireadh dóibh siúd a gcuid scéalta a léamh ag ócáid speisialta in Áras na Scríbhneoirí ar an Déardaoin dheireanach de gach mí.
Tá áthas orthu a fhógairt go mbeidh siad ag reachtáil ócáid speisialta de The Lonely Voice: Short Story Introductions ar 29 Márta san Áras trí mheán na Gaeilge. Má theastaíonn uait a bheith mar dhuine de na léitheoirí a bheidh páirteach san ócáid seo, seol an gearrscéal Gaeilge ar mhaith leat a léamh (uasmhéid de 2,500 focal agus gan níos mó ná gearrscéal amháin) agus nóta beathaisnéise gairid (scríofa sa 3ú pearsa) go dtí: thelonelyvoice@gmail.com.

Bíodh na nótaí beathaisnéise agus na scéalta scartha óna chéile agus déan deimhin de go bhfuil siad i bhformáid .doc. Níor cheart go mbeadh d’ainm le feiscint ar an scéal.

20.1.12

Scríbhneoirí Úra Páirteach i Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2012

Dátaí: 27 go 29 Eanair.
Téama: Comhar @ 70: Borradh sa Litríocht.
Stiúrthóirí: Deirdre Nic Mhathúna, Máire Ní Neachtain.
Ionad: Óstán Westport, Cathair na Mart, Contae Mhaigh Eo.

Dé hAoine 27 Eanáir
5.30 Clárú: Óstán Westport, Cathair na Mart
7.15 Fáiltiú: Fáilte go dtí an Scoil
8.15 Oscailt na Scoile: Cathal Goan. Cathaoirleach, Bord Chomhar Teoranta
8.30 Léacht:
‘Cruthú, clampar agus conspóid: Comhar mar lárionad cointinne sa litríocht’
- An tOllamh Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Cathaoirleach: Deirdre Nic Mhathúna
10.30 Club Merriman: Ceol le Gráinne Mhaol
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha

Dé Sathairn 28 Eanáir
10.30 Siompóisiam: ‘Fís na bhFocal’
Meadhbh Ní Eadhra, scríobhneoir agus iriseoir:‘Ar Thóir na Fírinne: Dúshláin agus Buaicphointí na hIriseoireachta agus na Scríbhneoireachta’
Eilís Ní Dhúill, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh:‘Réim an Jazz agus Banealaíontóirí Comhair’
Fionntán de Brún, Ollscoil Uladh: ‘Raic agus ról na léirmheastóireachta: an comhar atá amuigh orainn’
Cathaoirleach: Liam Mac Amhlaigh.
12.30 Seoladh: Taispeántas ealaíne ilmheáin 'Comhar@70'
2.15 Seoladh: Foilseacháin ‘Comhar@70: Móreagrán Comórtha’
Cainteoir: Seosamh Ó Murchú
Léamha: Muiris Ó Meara, Caitríona Ní Chléirchín agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh (Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge)
Reachtaire: Ríona Nic Congáil
8.30 Léacht:
‘Na Geilt i mBun an Tí: Foilsitheoireacht agus Litríocht na Gaeilge’Cainteoir: Darach Ó Scolaí, Údar agus FoilsitheoirCathaoirlach: Máire Ní Neachtain
11.30 Club Merriman: Ceol le Gráinne Mhaol
Fear a’ Tí: Máirtín Mac Donnchadha

Dé Domhnaigh 29 Eanáir
11.15 Cúirt Éigse na Scoile
Sleachta as Comhar
Léitheoirí: Gréagóir Ó Dúill, Doireann Ní Bhriain agus Liam Ó Dochartaigh
Ceol: Laoise Kelly, cruitire

Tuilleadh eolais: www.merriman.ie

An Iris Southword

Ailbhe Ní Ghearbhuigh ina heagarthóir Gaeilge ar an eagrán is déanaí den iris Southword, áit a bhfuil filíocht le Proinsias Mac a' Bhaird, Caitríona Ní Chléirchín, Liam Ó Muirthile, Gabriel Rosenstock agus Áine Uí Fhoghlú curtha i gcló.

Féach www.munsterlit.ie/Southword/Issues/21/contents.html

23.12.11

Comórtas Filíochta Bhéal Átha na mBuillí

Déanfaidh Colmcille urraíocht ar chomórtas filíochta Gaeilge / Gáidhlige Bhéal Átha na mBuillí,
Co. Ros Comáin, Éire, arís in 2012.
Seo na duaiseanna filíochta is mó ar domhan ar dhán i nGaeilge nó i nGáidhlig: 1ú Duais: 2,000 euro; 2ú Duais: 1,500 euro, agus 3ú Duais, 1,000 euro agus chomh maith leis seo beidh táille léitheoireachta agus taistil de €400 ar fáil do thriúr eile.
Iarrtar ar an seisear ar an ngearrliosta rogha dá ndánta a léamh ag Féile Idirnáisiúnta Filíochta Bhéal Átha na mBuillí, Strokestown International Poetry Festival ag tús na Bealtaine, 4 – 6.

Ní cóir dán a bheith níos faide ná 70 líne. Ní ceadaithe an dán a bheith foilsithe in áit ar bith,
ar an idirlíon ná eile, roimhré. 6 euro an táille iontrála ar dhán ar líne. Is féidir iontráil tríd an bpost chomh maith. Níl teorainn le líon na ndánta is féidir a iontráil.
Tá an t-eolas uilig + na rialacha uilig ar fáil ag http://www.strokestownpoetry.org/

Is féidir foirmeacha a fháil tríd an bpost ó:
Strokestown Poetry Festival Office,
Béal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin, Éire.
Teil: 071 9633759 (10am - 1pm) (thar lear + 353 719633759)
Eolas: 071 9633759 (10am - 1pm) (thar lear + 353 71 9633759)

5.12.11

Fógra ar son An Gael

Tá liosta gach údar a scríobh dúinn go fóill ann mar chuid den fhógra nua seo, iadsan a bheidh san eagrán atá le teacht go luath san áireamh. Is iomaí ball den chumann seo atá ann, agus ár mbuíochas libh! Comhluadar breá atá ann, gan amhras.

Más mian leat gach teidil a scríobh siad a fheiscint, bain feidhm as an innéacs.

Má tá suim agat in eagrán ar bith, bíonn siad go léir ar fáil i gcónaí.



3.12.11

COMHAR agus LeabhairCOMHAR: Mórsheoladh na Nollag

Ba mhór ag COMHAR agus LeabhairCOMHAR tú a bheith a i láthair Dé Céadaoin 7 Nollaig ar a 6:30pm sa Leabharlann Náisiúnta nuair a sheolfaidh Bob Collins iris COMHAR mhí na Nollag agus na leabhair nua-fhoilsithe: Annála (Gréagóir Ó Dúinll); Saol an Mhadra Bháin (Ríona Nic Congáil agus Criona Nangle); An Ghaeilge i gCéin (Siún Ní Dhuinn, eag.),

agus

nuair a sheolfaidh an tOllamh Mícheál Ó Cróinín COMHAR '70' - clár imeachtaí ceiliúrtha do 70 bliain de COMHAR agus Scoil Gheimhridh Merriman 2012: COMHAR @ 70.

Tuilleadh eolais: http://www.iriscomhar.com/

Féile Uí Chonaire 2011, Gaillimh

Á chur i Láthair ag Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude
Féile Uí Chonaire 2011, Gaillimh
10ú & 11ú Nollaig


11.30 -1.30 Siúlóid & Ceardlann Ealaíne do Pháistí (aois 5-12) le Gordon D’arcy i Músaem Cathrach na Gaillimhe (trí Bhéarla don chuid is mó)
2.00-5.00 Léamhanna, Cláracha ar Scáileán, Ceol.
An t-údar Pádraic Breathnach ag léamh ‘Na Lig sin i gCathú’
Pádraic Ó Conaire: An Fear ar Scáileán
6.30 ‘An tÁdh’ léiriú le Scáthphuipéid i McGinns ar na Duganna

Sunday/Dé Domhnaigh, 11 Nollaig
11.30 Siúlóid Liteartha Uí Chonaire (dátheangach) le Diarmuid de Faoite ag tosnú ag an Músaem €5 (cead isteach saor in aisce chuig Léacht Uí Chonaire le seo)
1.30 Bróinse sa Chistin, Músaem Cathrach na Gaillimhe
3.30 Léacht Uí Chonaire (trí Ghaeilge don chuid is mó) An Fear agus an Miotas le Pádraigín Riggs M.A., Ph.D. (€3) Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, Siúlán San Clár, Bóthar na gCeannaithe

Eolas/Information: The Western Writers’ Centre www.twwc.ie 091 564822 ext 312
Músaem Cathrach na Gaillimhe http://www.galwaycitymuseum.ie/ 091532460

7.11.11

Féile Bheag Filíochta

A Chairde,

Beidh an Fhéile Bheag Filíochta ar siúl ar an mBuailtín, Co. Chiarraí ag an deireadh seachtaine. Beidh ceardlann filíochta ar bun ag Louis de Paor agus beidh seisiún taitneamhach maidhc oscailte ar siúl tráthnóna Dé Sathairn. Mholfainn an fhéile aoibhinn seo d'éinne ar spéis leo an fhilíocht.

Féach http://www.feilebheagfiliochta.com/

6.11.11

Saol an Mhadra Bháin: Leabhar nua do pháistí ó LeabhairCOMHAR

Cloiseann Ciara go bhfuil saol an mhadra bháin thart. Ach cén chaoi ar tharla sé sin? Nach raibh an madra bán breá sláintiúil go dtí le déanaí? Is léir go bhfuil na daoine fásta ag coinneáil rud éigin faoi rún maidir le bás an mhadra bháin. Beartaíonn Ciara a fháil amach céard atá ar siúl acu agus céard go díreach a rinne siad lena cara beag bán …
Tá an-dúil ag Ríona Nic Congáil sa scéalaíocht, sa tsamhlaíocht agus sa spraoi. Seo an tríú leabhar do pháistí óna peann.
Is maisitheoir agus ailtire í Criona Nangle. Is breá léi bheith ag tarraingt pictiúr de mhadraí beaga bána agus de thithe móra galánta.

3.11.11

Cúirt Fhilíochta ag an Oireachtas

Beidh cúirt fhilíochta faoi stiúir an éigis Ultaigh, Proinsias Mac a’ Bhaird, ar siúl ar Shatharn an Oireachtais, 5 Samhain, san Óstán Gleaneagle i gCill Airne ag 12.30p.m. Ócáid neamhfhoirmeálta shóisialta a bheidh ann a thabharfaidh seans d'fhilí a gcuid saothar a léamh agus a phlé i measc a gcomhfhilí. Fáilte roimh bhaird, filí agus ollaimh!

Ceardlann Scríbhneoireachta Gaeilge

Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Dé Sathairn, 19 Samhain 2011
10.30a.m. – 5.00p.m.


Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro.(Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an Satharn, 19 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.
Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe
teorainneofar a líon do dheichniúr.
N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net faoin 12 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.
Stiúrthóirí ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe.
Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí. feasta@eircom.net

Duais Cholmcille 2012

Béal Átha na mBuillí / Strokestown 2012
Beidh duaiseanna móra mílte(anacha) ar fáil arís in 2012 le haghaidh chomórtas idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin. 10 seachtain agaibh le dán nua Gaeilge nó Gaidhlige a chur ar fáil. Gach eolas ag
www.strokestownpoetry.org