Tá comhlacht an Spidéil, Futa Fata, i gcomhar le Foras na Gaeilge, ag reachtáil ceardlainne in Ostán Chonamara (Connemara Coast Hotel), sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, ar an 19, 20 agus 21 Samhain. Ceardlann dhátheangach a bheas i gceist, í á stiúrú ag an scríbhneoir agus eagarthóir aitheanta Barbara Slade, ó Los Angeles, Mheiriceá i gcomhar le stiúrthóir Futa Fata, an scríbhneoir agus cumadóir, Tadhg Mac Dhonnagáin. Glacfar le seisear scríbhneoir ar an gceardlann agus beidh sé d’aidhm aici sé cinn de phictiúrleabhar Gaeilge a fhorbairt a bheas dírithe ar pháistí idir trí bliana agus sé bliana d’aois. Tá súil ag Futa Fata na leabhair sin a fhoilsiú amach anseo.
Ní gá go mbeadh aon rud foilsithe cheana féin acu siúd a bheas páirteach.
Níl aon táille i gceist le páirt a ghlacadh ar an gceardlann agus cuirfear lón ar fáil don trí lá.
Chun cur isteach ar áit ar an gceardlann, cuir ríomhphost chuig ceardlann@futafata.com nó glaoigh ar Futa Fata ag 091-504612 le tuilleadh eolais a fháil.
No comments:
Post a Comment
Note: Only a member of this blog may post a comment.