24.4.10

Dea-scéal Phroinsias


Comhghairdeas le Proinsias Mac a’ Bhaird, ball den chumann s’againne, a bhuaigh Comórtas Uí Néill 2010 lena dhán “Bróga.” D’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge oíche cheoil agus filíochta aréir, mar chuid de “C[h]uairt na bhfilí Albanacha” agus bhí na filí Bríd Ní Mhóráin, agus Aonghas Pàdraig Caimbeul mar mholtóirí ar an gcomórtas náisiúnta seo.
B’ábhar bróid agus dóchais é go raibh scríbhneoirí úra cumasacha páirteach san ócáid – Éireannaigh óga cosúil le Caitríona Ní Chleircín a léigh an dán “Craobhlasair” agus Proinsias féin, agus an file óg Albanach Teàrlach Quinnell a chum “Facal an Duin’ Òig.”
Scríobh Proinsias an dán seo tamall ó shin, nuair a maraíodh fear óg ar Árainn Mhór. Deir sé go bhfuil traidisiún ar an oileán, nuair a fhaigheann duine bás agus nuair atá an corp ag teacht isteach ón ospidéal nó ón mórthír, go gcruinníonn pobal an oileáin ar an gcé ag fanacht ar an gcorp ag teacht i dtír. Agus é ag cumadh an dáin seo, rinne sé a mhachnamh ar na deacrachtaí a bhí ag daoine labhairt faoin rud a tharla, agus díríonn sé a aird ar na “Bróga” cruinnithe ag an gcé, agus na scéalta a bhaineann leo agus a sheasann, ar bhealach, do scéalta na ndaoine nach bhfuil fonn cainte orthu.

Tá súil againn uilig go bhfeicfimid “Bróga” i gcló go luath.

1 comment:

Note: Only a member of this blog may post a comment.