14.6.10

COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra 2010 - Ábhar á Lorg


Foilseofar COMHAR: Eagrán na Scríbhneoirí Úra i mí Mheán Fómhair na bliana seo. Bhí an-rath ar eagrán na bliana seo caite ach ba mhaith linn eagrán níos fearr a chur i gcló i mbliana. Mar sin, tá dánta, aistí, gearrscéalta, gné-ailt, agallaimh agus léirmheasanna ar leabhair nua á lorg againn ó scríbhneoirí úra is óga na Gaeilge. Is féidir smaointe a chur chugainn freisin.
Má tá spéis agat sna nithe thuasluaite, seol ríomhphost chuig scribhneoiri.oga@gmail.com chomh luath agus is féidir.

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.