25.2.11

Eagla

Ar Eagla na hEagla


Cad atá i ndán “d’Éirinn bhán” anois? Cé bheidh “i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthar gcuanach gCAM” d’éis an olltoghcháin seo? Cuireann na ceisteanna seo eagla orainn uile i láthair na huaire, dealraíonn.



Tá feiniméan nua tagtha chun solais in iarthar na hEorpa le 25 bliain anuas dar leis an bhfealsamh Luc Ferry. ‘Prolaiféarú na nEaglaí’ a thugann Ferry ar an bhfeiniméan sin. Taibhsítear do Ferry go bhfuil eagla orainn roimh gach rud, nach mór, ar na saolta seo. Creideann sé go gcuireann cúrsaí eacnamaíochta, cúrsaí éiceolaíochta, gnéas, tobac, éin (fliú éanúil), otracht, clónáil, féinmharú, Wikileaks- cuireann na nithe seo uile eagla orainn, dar leis. Ní hamháin sin ach braitheann sé go bhfuil prolaiféarú ainrianta ag teacht ar líon na ‘nEaglaí’ seo bliain i ndiaidh bliana.



Anseo in Éirinn iarGhlas, braithim féin go bhfuil eagla ar Ghaelaibh roimh na hinimircigh, na heisimircigh, an sneachta, bánú na tuaithe, meath na Gaeilge, fás na Síne fada, na hÓglaigh, na hAostaigh, an CAI, An CIA, an ICA, an FCA agus breallóg sin na brille bhreaille, eadhon, Caoimhín Meidhreach. An mbaineann mo thuairimse le hábhar? N’fheadair... ach tá eagla orm go bhfuil breall orm.



An bhfuil an ceart ag Ferry? An feiniméan nua í an eagla? Shamhlófá go raibh aois Mhurchaidh is Mheanchair ag an eagla anois! Conas is féidir le Ferry a rá linn gur feiniméan comhaimseartha is ea í, más ea? Ní cheapann Ferry gur feinméan nua is ea an eagla per se. Tá athrú suaithinseach tagtha ar an bhfeidhm atá ag an eagla i ndioscúrsa poiblí an tsaoil chomhaimseartha, áfach. Tá an tuiscint atá suas ar an eagla anois bun os cionn leis an mbuntuiscint a bhí ceannasach in iarthar na hEorpa 25 bliain ó shin, dar leis. Cén tuiscint a bhí againn ar an eagla roimhe seo, más ea?



Tabharfaidh mé ‘eagla neamhréasúnach’ ar an tuiscint seo. Mothúchán diúltach ab ea an eagla seo aisti féin. Nuair a bhíodh eagla ort agus tú óg, mar shampla, bhíodh náire ort an eagla sin a adhmháil os comhair an tsaoil. Cúis náire ab ea í. Ar deireadh, áfach, thuismigh an ‘eagla neamhréasúnach’ sin neamhspléachas ionat. Conas? Thug sé ort smaoineamh asat féin go misniúil stuama agus gníomhú d’fhonn is go bhféadfá an eagla a shárú go héiritheach. Dúshlán is ea an eagla sa chiall seo. Mothúchán diúltach a éilíonn gníomh dearfach chun braighdeanas neamhréasúnta na heagla a scaoileadh.



A mhalairt de thuiscint atá suas inniu, ar shlí. Tabharfaidh mé ‘eagla réasúnach’ ar an tuiscint seo. Ní mothúchán diúltach í an eagla seo. Ní cúis náire í an eagla seo. Nuair a bhíonn fadhb ar bith againn sa saol poiblí san am i láthair, is é an chéad rud a dheineann na ‘saineolaithe’ ná eagla a léiriú i dtaca leis an bhfadhb. Samhlaítear eagla le gaois sa phróiseas seo agus creidtear coitianta gur chéim dhearfach fhorásach is ea í seo. Léiríonn an ‘eagla réasúnach’ seo sofaisticiúlacht smaointeoirechta na haoise seo, mar dhea.


Tá fadhb leis an tuiscint áirithe seo, dar liom. Má ghlactar leis gur rud maith ann féin is ea an ‘eagla réasunach’ seo, tuismíonn an tuiscint áirithe sin éighníomhaíocht pholaitiúil go mion minic. Conas? Ní dúshlán í an ‘eagla réasúnach’ seo a thuilleadh, dúshlán ar gá dúinn dul i ngleic leis agus a shárú, más féidir. Is geall le hortadocsacht chomhaimseartha anois í an tuiscint gur suáilce ghaoismhear is ea an ‘eagla réasúnach’ seo. ‘Tá eagla orainn faoi X, Y & Z”. Reitric bheagmhaitheasach, dar liom. Focail mhóra agus droch-chur leis. Focail mhóra agus mogaill fholmha. Téann

na focail le gaoth. Ní théann buile ar bith le cnámh. Plus ça change... bleá dí bleá dí bleá.



Áitíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil ‘eipidéim’ ag spré ar fud na hÉireann faoi láthair. Tá 300,000 páiste atá róthrom nó murtallach sa tír. Beidh 310,000 anseo an bhliain seo chugainn. Bhain na figiúirí seo siar asam. Cuireann an fhadhb seo ‘eagla’ ar dhochtúirí na hÉireann. Eagla?! Chuir eagla sin na ndochtúirí ionadh orm. Cad a chiallaíonn sé go díreach? An bhfuil dochtúirí na tíre sceimhlithe ina mbeatha go dtabharfaidh Augustus Ó Gloop agus na siotalaigh eile burdáil dóibh nuair a deirtear leo nach bhfuil cácaí Jaffacha sláintiúil don bhricfeast? B’fhéidir... ach ní dócha é. Is é oighear an scéil, ar ndóigh, go gcreidtear gur ‘gníomh’ dearfach ann féin is eagla sin na ndochtúirí. Tá eagla ar na dochtúirí ergo beidh gach rud go breá!



Cén toradh a bhí ar an ‘eagla réasúnach’ seo in Éirinn le blianta beaga anuas? Collphocú an tsaoil phoiblí. Amhail an collphoc bocht, bhí gannachúis báls in Éirinn. Tá mo leordhóthain de reitric na heagla agamsa. Gníomhaíocht mhisniúil atá de dhíth. Anois ar eagla na heagla agus in ainm Dé-Zeus... ná habairse leis na polaiteoirí go bhfuil eagla ort a thuilleadh!



Muiris Ó Meara

1 comment:

  1. Is uirlis í an eagla, a úsáidtear chun cur in iúl dúinn go bhfuil gá againn le saineolaithe agus gur cóir dúinn cumhacht a thabhairt dóibh chun gach rud a chur ina cheart.
    Mar a tharla nuair a bhíodh imní ar gach éinne faoi chogadh adamhach, nó oighearaois nua, nó...
    Dar ndóigh, sin an fáth go mbíonn 'eagla' ar na daoine ceartchreidmheacha...
    Maidir leis na páistí ramhara, cad ab áil leis na daoine ar a bhfuil an 'eagla' seo? Dlithe a chur i bhfeidhm chun smacht a choimeád ar an mbia a itheann siad...
    Chun fáil réidh leis an 'eagla,' bíonn daoine sásta saoirse a chailliúint. Beidh gach rud ceart go leor nuair a bheidh na saineolaithe i gceannas...
    Nílimse i measc na ndaoine sin.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.