17.11.08

Bronnadh duais Glen Dimplex ar Simon Ó Faoláin

Comhghairdeachas ó chroí le Simon Ó Faoláin a bhuaigh duais Glen Dimplex le déanaí. Beidh sibh in ann é a chloisteáil ar Léite Pléite roimh i bhfad. Beidh sibh in ann Majella McDonnell, ball cumasach eile den chumann, a chloisteáil ag léamh gearrscéil ar an gclár céanna. Féach: www.rte.ie/rnag/leitepleite.html

4 comments:

  1. Maith thú a Shiomóin. Comhghairdeas. Bhain mé an-sult as an leabhar a léamh.

    ReplyDelete
  2. Go raibh mile maith agat a Phroinsias,
    Ba mhór an t-iontas a bhi orm é a bhuachaint, ach táim anashásta, dar ndóigh agus is mór mar chúnamh é an t-airgead, go háirithe agus sinn ag súil le leanbh mi Eanair!

    ReplyDelete
  3. Céiliúradh dúbáilte mar sin. Beidh ábhar filíochta agat go ceann blianta fada!
    Bhí giseach bheag againn féin cúpla seachtain ó shin. Bí réidh d'oícheanta fada easpa codalta, sin ráite, is fiú uilig é.

    ReplyDelete
  4. Caithfeam mo dhóthain chodlata a fháil láthreach más eadh! zzzzzzzz

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.