13.7.09

Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh

Aistrithe ag Micheál Ó Conghaile & faoi Stiúir ag Beartla M. Ó Flatharta
Láthair: Amharclann Chois Fharraige,
Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe.
Dátaí: Dé Máirt 14ú – Dé Satharn 18ú Iúil 2009
Am: 8.00in
Ticéid: €15 / €10
I934.
Tá scannán Robert Flaherty, Man of Aran, atá á dhéanamh ar Inis Mór, an áit a bhfuil sé suite ag cur iontais ar mhuintir Inis Meáin. Tapaíonn an ‘Cripil’ Billí Claven a dheis éalú óna dhá aint atá ag coinneáil súil ghéar air, Kate agus Eilín, lena shaoirse a bhaint amach. Téann sé go hInis Mór ag tóraíocht clú agus cáil le cúnamh ón iascaire Bobby Bhobby in éineacht le cailín báire na dúiche, Helen agus a deartháir Beairtlín, a bhfuil dúil mhór aige i milseáin.
Idir an dá linn, is breá leis an bhfear beadáin Johnny Pheaitín Mhaidhc an deis cainte atá aige agus mearbhall ar mhuintir an oileáin faoi eachtraí an cheathrair agus imní orthu an mbeidh an ‘cripil’, Billí, in ann déanamh dó féin sa saol mór.
Is é Mícheál Ó Conghaile a d’aistrigh an dráma dorcha seo go Gaeilge agus is é Beartla M. Ó Flatharta atá ag déanamh an chéad léirithe riamh de. Baineann pearsantacht láidir agus domhain le carachtair Mhartin McDonagh. Is taispeántas casta, gasta, greannmhar é seo a choinneoidh an lucht éisteachta faoi dhraíocht de bharr a spraoi agus an spleodar atá faoi. Tá aisteoirí mór le rá rannpháirteach ann ina measc: Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Mícheál Seoighe, Mícheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonncha, Seán Ó Flatharta, Breandan Murray agus Áine Ní Dhroighneáin. Dearadh Stáitse - Dara McGee agus Dearadh na Soilse ó John Comiskey. Is é Máirtín O’Connor a chum an ceol agus is é Conor McBrierty atá i mbun Dearadh Fuaime.
Beidh Cripil Inis Meáin á léiriú in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Shailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe, idir Dé Máirt an 14ú agus Dé Satharn an 18ú Iúil, ag 8.00i.n.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le hoifig Thaibhdhearc na Gaillimhe ar 091-563600 nó: http://www.antaibhdhearc.com/ Is féidir ticéid a ordú in Oifig Ticéad Fhéile Ealaíon na Gaillimhe ar 091-566577 nó ag: http://www.galwayartsfestival.com/

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.