é seo mar eolas agus mar ábhar macnaimh agus mar arm cosanta teanga.
Pádraig Mac Fhearghusa
Daonscoil na Mumhan, An Rinn, Co. Phort Láirge
Aitheasc Oscailte na Daonscoile
Leis an Dr. Proinsias Ó Drisceoil
16ú Lúnasa 2009
Tá Daonscoil na Mumhan agus Coláiste na Rinne ar na hinstitiúidí is ársa agus is airde gradaim dá bhfuil againn i saol na Gaeilge - agus i saol na tíre seo dá ndéarfaí sin. Ach tá tábhacht thairis sin ag roinnt leo, tábhacht nach rithfeadh, b’fhéidir, le duine ar an gcéad amharc, is é sin le rá go bhfuil Daonscoil na Mumhan agus Coláiste na Rinne ar na hinstitiúidí sin ar a bhfuil flaitheas agus dlisteanacht an stáit seo bunaithe mar gur faoi anáil Athbheochan na Gaeilge, faoi anáil Chonradh na Gaeilge ach go háirithe, a bunaíodh an stát seo, Poblacht na hÉireann. Is le bonn institiúdeach a chur faoin Athbheochan a chuaigh cuid mhór de lucht an Chonartha i dtreo na polaitíochta aimsir na Sasanach agus nuair a tháinig an ghlúin sin i gcumhacht mar chinnirí stáit, bíodh sin i 1922 no 1932 - cuma cén taobh ar a rabhadar sa Chogadh Cathartha - thuigeadar go mbí an Ghaeilge bunchloch an stáit agus go gcaithfí í a chothú is a neartú. Thuigeadar go gcaithfí cúram ar leith a dhéanamh de na ceantair sin ina raibh an Ghaeilge fós beo mar theanga phobail arae bhí na ceantair seo ar na ceantair ba mhó a bhí ar an trá fholamh ó thaobh imirce agus bochtaineachta de le linn na staire.
Níor sheas an fhís áfach agus táthar ann i measc uaisle móra agus miona an tsaoil phoiblí atá anois agus le fada ag diúltú don tuiscint sin ar fhéiniúlacht an stáit. Mar mhalairt ar fhís na hAthbheochana táthar ann atá anois ag maíomh gurb aonad eacnamaíoch é an stát agus go mba chóir é a mheas ar bhonn intomhaiste táirgiúlachta agus eacnamaíochta amháin agus gur chun na críche sin atá an córas oideachais ann ach go háirithe. Tuiscint í seo a chuirtear i láthair le fórsa sa dioscúrsa poiblí agus déantar seo in ainm an nua-aoiseachais agus na forbartha.
Mar is eol dúinn ar fad, tá éigeandáil airgeadais agus cánach sa tír faoi láthair in ainneoin - nó, fiú, de bharr - ar caitheadh de dhua le treisiú na heacnamaíochta ó chuamar isteach sa Chomh-mhargadh, mar a bhí, sa bhliain 1972. Má táthar go tréan anois ag iarraidh an éigeandáil airgeadais seo a mhaolú, caithfear a rá chomh maith go bhfuiltear ann atá ag iarraidh aidhmeanna a bhí riamh acu féin a chur i gcrích fad is atá an ceo seo anuas orainn.
Má mhaítear gur tuarascáil neamhspleách í tuairisc McCarthy nó tuarascáil ‘Bhord Snip Nua’, níl ceilt ann ar an gcuma ina bhfuiltear ag iarraidh ann gearradh siar ar a bhfuil déanta ag an stát don teanga agus don Ghaeltacht. Go deimhin, d’fhéadfaí a áiteamh go bhfuiltear sa tuarascáil seo ag iarraidh Athbheochan na Gaeilge a thabhairt chun deiridh. Ní tuarascáil eacnamaíochta amháin í seo, is cáipéis idé-eolaíoch go bunúsach í chomh fada is a bhaineann leis an nGaeilge. Go fiú an teideal féin, ‘Bord Snip Nua’, is léir air fonóid agus magadh faoi na teidil Ghaeilge a bhíodh ar eagrais stáit go dtí gur tosaíodh ar theidil Bhéarla a thabhairt orthu ar fhaitíos go gcuirfeadh teidil Ghaeilge as don fhorbairt gheilleagrach.
Níl éinne a áiteodh nár cheart luach a chuid airgid a thabhairt don cháiníocóir ná athbhreithniú fuarchúiseach a dhéanamh (i gcomhthéacs na éigeandála geilleagraí ach go háirithe ) ar éifeacht na n-eagras stáit trí chéile, iad siúd atá ag plé leis an nGaeilge ina measc. Ach sa tuarascáil seo scrúdaítear caiteachas an stáit ar chur chun cinn na teanga ar chuma atá córasach sistéimeach agus féachtar ann leis an gcaiteachas sin a thabhairt chun deiridh oiread agus is féidir. Ní breith fhuarchúiseach oibiachtúil eolaíochtúil an eacnamaí í seo ach breith ar léir air na húdair a bheith den tuairim nár chaiteachas cuí riamh é ar caitheadh ar an teanga agus ar an nGaeltacht.
Moltar ann go ndéanfaí na ciorraithe seo leanas:
- An Roinn Pobail Gaeltachta agus Tuaithe a chur ar ceal ar fad ‘and its functions distributed across various departments’;
- €10m. a bhaint de TG4;
- deireadh a chur le deontas na mban tí Gaeltachta i.e an deontas a íoctar leo siúd a choinníonn scoláirí os na coláistí samhraidh (€10m).;
- deireadh a chur le ‘specific Gaeltacht schemes’ - scéim labhairt na Gaeilge ina measc (€8.9m);
- deireadh a chur le scéimeanna a chuirfeadh feabhas ar ‘island infrastrucrure’i.e. céibheanna nua agus a leithéid (€20);
- deontais na tithíocht Ghaeltachta a thabhairt chun deiridh (€2.9);
- Ciste na Gaeilge a ghearradh (€1M);
- maolú ar chur i bhfeidhm ar Acht na dTeangacha Oifigiúla;
- feidhmeanna Údarás na Gaeltachta a aistriú chuig Enterprise Ireland
- ‘matters relating to the Irish language and culture should be allocated to the Dept. of Education’, abair atá débhríoch go maith ach a bhfuil sé le tuiscint uaidh gurb ar an Roinn Oideachais a thitfidh cúram chur chun cinn na teanga feasta.
Anois is iomaí gné d’obair an stáit i leith na Gaeilge a d’fheadfaí a lochtú ach níl ceilt ar a fheabhas is a chruthaigh Údarás na Gaeltachta ó bunaíodh sa bhliain 1979 é. Struchtúr freagrach daonlathach é a bhíonn ag éisteacht le muintir na Gaeltachta agus ar éirigh leis dul i ngleic le fabhbanna stairiúla na Gaeltachta, dífhostaíocht agus imirce ach go háirithe, ach a tháinig ar thuiscint ar an nGaeltacht a chuir an cultúr agus an teanga ina lár istigh. D’fhág seo cúramaí ar an Údarás i leith naíonraí, cur chun cinn na n-ealaíon agus go leor leor eile. Bhí seo ag teacht go hiomlán leis an tuiscint ar phobal na tuaithe a bhí ag teacht chun cinn sa tsoceolaíocht sa tréimhse chéanna seo. Mar sin ní eagraíocht tionsclaíochta amháin í, mar a mheasann ‘Bord Snip’ ach eagraíocht a fhéachann le faillí na staire a chur ina cheart agus an teanga a mhaireann beo ar bhéalaibh an phobail a shlánú. Má táthar leis an Údarás a nascadh le Enterprise Ireland, mar atá molta sa tuarascáil, beifear ag cur ar ceal éacht atá curtha i gcrích ag an stát agus bochtófar an stát dá thoradh sin.
Tá seasamh siombalach chomh maith le feidhm phraiticiúil ag deontas na mban tí Gaeltachta, seasamh siombalach mar atá chomh maith ag deontas scéim labhairt na Gaeilge agus deontais na tithíocht Ghaeltachta. Léiríonn na deontais seo gur fiú leis an stát an chuma ina bhfuil an Ghaeilge á seachadadh is á cothú ar leac an teallaigh ag tuismitheoirí na Gaeltachta a aithint agus an chomaoin a chúiteamh leo. Má bhaintear an deontas seo de na mná tí tuigfear gur caint i mbarr bata í an chaint ar fad ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge agus stracfar an croí is an t-anam as pobal na Gaeltachta mar phobal seachadta teanga.
Is léir an meon diúltach seo ar gach a bhfuil ráite sa tuarascáil seo agus is spéisiúil í an chuma ina ndírítear ann ar thograí ar éirigh thar barr leo, an tÚdarás, TG4, na coláistí samhraidh, cuir i gcás. Mar sin, mar atá ráite agam, is cáipéis idé-eolaíochtúil í seo go bunúsach, cáipéis a chuireann ar chumas an rialtais Athbheochan na Gaeilge a thabhairt chun deiridh, más é sin is mian leo.
Tá seo ag teacht leis an gcuma ina bhfuiltear, cuma cé acu páirtí a bhíonn i gcumhacht, ag cúlú ón Athbheochan le dhá scór bliain agus tuilleadh. Nuair a chuir comhrialtas an lae úd deireadh leis an nGaeilge éigeantach sa bhliain 1973 gealladh na hoirc is na hairc do lucht foghlama agus múinte na teanga. Ach b’é an dea-gheallúint agus an droch-chomhlíonadh é. Nuair a fógraíodh cealú na Gaeilge éigeantaí dúradh, cuir i gcás, go measfaí onóir sa Ghaeilge mar dhá onóir do scoláireachtaí ollscoile agus a leithéid. Seo mar a bhí ar feadh achair áirithe ach, mar is eol dúinn ar fad, chuir an chéad rialtas eile a tháinig i gcumhacht ar ceal é. Is ag cúlú atáthar ó shin - agus dá mbeadh toradh mar atá tuartha ar an gcéad toghchán eile ba chóir go meabhraimís dúinn féin go mbeadh sé mar pholasaí ag an bpríomhpháirtí a thiocfadh i gcumhacht deireadh a chur leis an dualgas a bheadh ar dhaltaí an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid dá gcúrsa Ardteiste. Is beag amhras ach go ndéanfaidh seo mion-ábhar gan dealramh den Ghaeilge i gcuid mhór scoileanna agus, chomh maith leis sin, go gcuirfí deireadh ar fad dá bharr le riachtanas na Gaeilge do mháithreánach na hOllscoile Náisiúnta, coinníoll atá ann ó chuaigh an tAthair Micheál ÓhIcí agus go leor eile ó Chonradh na Gaeilge chun spairne ar a shon i mblianta tosaigh na haoise seo caite.
Fágann seo ar fad - agus míle ní eile a fhéadfaí a lua - go bhfuil an Roinn Oideachais ar na ranna rialtais is lú a bhfuil a gcion déanta acu leis an nGaeilge a chur chun cinn. Níl ceann ar bith de mholtaí ‘Bhord Snip’ is mó a chuirfeadh sceon orthu siúd ar mór acu an Ghaeilge ná an moladh go ndéanfaí cúram na Gaeilge a bhronnadh ar an Roinn Oideachais.
Tá rún ag Aire na Gaeltachta plean fiche bliain don Ghaeilge a fhoilsiú go luath. Caithfear ar a laghad fanacht ar an bplean sin agus ar an bplé a leanfaidh é sula gcuirfear athruithe bunúsacha ar bith i gcion ar phleanáil teanga sa tír seo.
Idir an dá linn tá deis againn na mórcheisteanna seo ar fad a phlé i gcaitheamh na seachtaine atá amach romhainn. Caithfear iad a phlé is a phlé go práinneach. Ní féidir an clog a chur siar. Éire an lae inniu, Éire atá ilchineach, ilchreidmheach agus, go minic, beagchreidmheach, Éire atá nua-aoiseach agus oideachas uirthi comhthéacs an phlé againn.
Seo, mar sin, tráth na cinniúna don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Má bhí Athbheochan na Gaeilge le háireamh go dtí seo ar aidhmeanna an stáit agus ar na haidhmeanna bhronn dlistineas ar an dlínse seo ina bhfuil muid beo, ní mar sin a bheidh feasta. Más mian linn, áfach, go seasfadh an stát leis an nGaeltacht agus le pé rian den Athbheochan atá fanta, caithfear cur go tréan in aghaidh na moltaí seo. Seo lá na práinne, lá an bhreithiúnais. An é seo, i bhfocail Sheáin Uí Ríordáin
Tráthnóna na teanga in Éirinn
Is an oíche ag bogthitim mar scéal.
Fógraím Daonscoil na Mumhan don bhliain 2009 a bheith ar oscailt.
Proinsias Ó Drisceoil
Rosc catha na Mumhan, muise. Bualadh bos agus mo dhá ghraidhin!
ReplyDelete