1.10.10

NUAIR A CHAS MICIL PHATS BHABA AR CHROMAIL BHÍ AN-TIME ACU

Le Máirtín Coilféir

Sa bhliain 2007, d'éirigh le Micil Ó Sé, nó Micil Phats Bhaba mar ab fhearr aithne air, d'éirigh leis máistreacht a fháil ar an amthaisteal. Mar sin, shocraigh sé ar dhul siar san am le Cromail a mharú. Is maith a bhí sé tuillte ag an mbastard.
*
Is é a fuair Micil amach ná nach mbraitheann an t-amthaisteal ar an teicneolaíocht ar chor ar bith. Go deimhin, d'fhéadfása féin, a léitheoir liom, is ea, d'fhéadfása an t-amthaisteal a dhéanamh dá mba mhian leat, óir siúd í an fhírinne ghlan: tá an oiread sin cumhachta sa cholainn dhaonna gur féidir rud ar bith a dhéanamh ach leas a bhaint aisti. Tá cumas an duine gan teorainn!
Thuig Micil Phats Bhaba neart éigríochta seo na colainne, agus ba é a bhí in ann adhmad a bhaint aisti. Ar nós an diabhail sna scéalta bhéaloidis, d'fhéadfadh sé rud ar bith a dhéanamh. D'fhéadfadh sé cumas eitilte a bhronnadh air féin, abair, nó an dara bod a fhásadh as baithis a chinn aníos, mar a bheadh aeróg teilifíse ann. Ach ba é an t-amthaisteal a roghnaigh sé.
Cad chuige sin, a deir tú? Bhuel, is amhlaidh nár thaitin Cromail leis in aon chor, in aon chor.
*
Ní raibh le déanamh ag Micil ina dhiaidh sin ach eolas a chur ar lárphointí fuinnimh na colainne agus iad a chur chun a shochair féin.
Nota bene: Is sa tóin atá an fuinneamh i gcomhair an amthaistil.
*
Chaith Micilín bliain go leith ag déanamh cleachtaí aclaíochta leis an gcuid sin dá cholainn, ag oscailt na leicne agus dá ndúnadh, ag feabhsú neart na matáin inti, agus mar sin de. Is mór an chumhacht tóine atá ag teastáil i gcomhair an amthaistil - b'shin an fáth ar thóg sé a oiread sin ama air an scil a thabhairt chun foirfeachta. Ach tar éis na hocht mí déag sin bhí Micil in ann craiceann gallchnó a scoilteadh idir leicne a thiarpa chomh saoráideach is a d'fhéadfádh an dara duine a dhéanamh le bhís. Rinne sé tástáil bheag ar dtús le bheith cinnte nach raibh sé as a mheabhair ar fad: chuaigh siar le breathnú ar na daidhneasóir. Ba léir go raibh rath ar a thuras, mar bhí sé in ann pictiúr a dhéanamh de cheann de na hainmhithe a chonaic sé sa tréimhse luath iúrasach. Siúd é an pictiúr a tharraing Micil ar a fhilleadh ar an aimsir láithreach dó:
Ansin, chrom sé ar a chuid pleananna a réiteach le haghaidh na birte móire.
*
An chéad rud a bhí le déanamh aige - an t-aon rud, i ndáiríre - ná gunna a fháil. Is cinnte go mbeadh gunna uaidh. Ba dhócha go mbeadh cathéide de chineál eicínt ar Chromail a chosnódh ar lann sceana é, ach d'fhéadfaí é a chriogadh go furasta le piléar. Ba ghlaine an piléar freisin. Ní raibh Micil ag iarraidh a chuid éadaigh a mhilleadh le putóga an chonúis. Dheamhan ciall a bheadh leis sin.
*
B'é Liam Ó Deaghaidh an t-aon duine ar lucht aitheantais Mhicil a raibh gunna aige agus, mar sin, is chuige a bhí a thriall. Feirmeoir ab ea Liam, agus choinníodh sé raidhfil sa chófra leis an gcorrphréachán a chaitheamh sa ghairdín nuair nach raibh aon cheo eile le déanamh aige. Ar an tríú lá is fichead de mhí na Samhna 2007, léim Micil isteach ina thrucail agus thiomáin na cúig mhíle dhéag siar ó dheas go hArd Breacáin i gcontae méithghlas na Mí, áit a raibh cónaí ar an Liam Ó Deaghaidh seo, ar feirmeoir é. Nuair a chas Micil isteach ar an mboithrín in aice le teach Liam, bhí mo dhuine ann roimhe ag fanacht leis.
'A dhiabhail bhradaigh, fada nach bhfaca mé thú!' a scairt Micil in ard a ghutha is é á shíneadh féin amach as caibín na trucaile.
'Sé do bheatha, a bhalaics!' a d'fhreagair Liam go meidhreach. 'An dtiocfaidh tú isteach le haghaidh braoinín tae?'
Cad é mar fháilte!
*
Bhí dreas deas cainte ag an mbeirt fad is a bhíodar ag ól an tae is ag ithe na mbrioscaí. Rinne siad cúrsaí an tsaoil a chárdáil agus ba acu a bhí an craic leis an ráisteachas agus leis an mbladar ar fad. Arsa Liam: 'Ó bhó go deo! Nach againne atá an craic anseo leis an mbladar agus leis an ráisteachas ar fad?'
Ansin, arsa seisean: 'Céard is cúis le cuairt mo charad? Is annamh a bhíonn tú sna bólaí seo, agus is seacht n-annaimhe a bhíonn tú ann gan gar uait!'
Níorbh aon amadán é Liam Ó Deaghaidh.
*
Nuair a d'inis Micilín dó gur leis an ngunna a fháil ar iasacht a tháinig sé, bhí drogall ar an bhfeirmeoir é a thabhairt uaidh ar eagla míghníomhartha bheith ar siúl.
'Tuige a mbeadh gunna uaitse, a ghlibire, is gan seilg, marcaíocht, aimsitheoireacht nó aon cheo eile ar do chumas agat?'
Arsa Micil: 'Mar tá fúm dul siar san am le Cromail a mharú.'
Shíl Liam Ó Deaghaidh gur leor sin mar chúis agus thug an raidhfil dó.
*
B'é an t-aon mhíbhuntáiste a bhain le cleas seo an amthaistil a bhí ag Micil - más féidir míbhuntaiste a thabhairt ar a leithéid - ná gurbh éigean dó bheith san ionad ceart le breathnú ar an an ócáid a bhí uaidh. Is é sin le rá, bhí sé in ann taisteal tríd an am ceart go leor, ach ní raibh sé in ann taisteal tríd an spás féin. Cleas eile is ea an spásthaisteal. Nuair a chuaigh sé siar le breathnú ar na daidhneasóir ní raibh mórán dua ag gabháil leis - bhí na hainmhithe sin chomh flúirseach in Éirinn fadó gur fhéad Micil fanacht ina sheomra leapa le breathnú orthu. Ach maidir le Cromail a mharú, bheadh air dul go háit inar sheas an t-ifreannach sin lena dhá spága féin agus ansin é a aimsiú i measc leathanaigh iomadacha an ama.
B'é an áit a roghnaigh sé cois na Bóinne in aice leis an Uaimh sa chontae ríoga, áit a ndearna Cromail agus a chuid saighdiúirí ionsaí ar Chaisleán Dhún Mó am eicínt sa bhliain 1649. Ainneoin nach bhfuil ach dhá mhíle déag idir Ard Breacáin agus Dún Mó, thóg sé dhá uair a chloig ar Mhicil an suíomh a bhaint amach de dheasca na tráchta ar an N3. Dá ndéanfadh sé an t-aistear arís inniu, ba sciobtha i bhfad é: d'fhéadfadh sé dul ar an mótarbhealach.
Bail ó Dhia ar an obair!

4 comments:

  1. Cuirfidh mé bailchríoch ar dheireadh an scéil gan mhoill. Cliffhanger atá ann faoi láthair.

    ReplyDelete
  2. Ní thabharfaidh mé breith air mar sin, go dtí go mbíonn tóin an scéil sroichte..

    ReplyDelete
  3. is breá liom é seo. treise leat, a Mháirtín. Muiris

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.