7.3.11

An Fhéile Aye Write i nGlaschú

Beidh an file Caitríona Ní Chléirchín ag léamh a cuid filíochta mar chuid den fhéile Aye Write i nGlaschú ar an Chéadaoin an 9ú Márta. Tosóidh an léamh ar 6.30 sa Leabharlann Mitchell i nGlaschú. Beidh beirt fhilí úra Gaidhlige Daibhidh Eyre, Calum MacLeod ag léamh ina teannta, chomh maith leis an fhile Peter Mac Kay. Beidh Chris Agee ó Irish Pages i láthair ansin fosta, chun labhairt faoi na hiarrachtaí atá ar bun aige nascanna foislitheoireachta a chothú idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban.
Beidh an féile seo urraithe ag Comhairle na Leabhar Gàidhlige agus tá sonraí faoi imeachtaí na féile ar fáil ag: http://www.ayewrite.com/programme/events/Pages/Peter- MacKay.asp

1 comment:

  1. Tá roinnt samplaí de Ghàidhlig na hAlban ón seanaimsear san eagrán seo. Tá scéal faoi chomhdháil in Oileán a'Cheo san eagrán seo.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.