9.5.08

Dánta


















An Chuairt 2008 ag Club Sult


Aisling

An óiche úd i mBarcellonetta
Shiúlamar Bealach na Bó Finne fé thrí,
Thit an lag ar an lug, guairnéan aoibhnis,
Bhréagnaigh boghaisín an réalt reatha Newton groí.

An oíche úd i mBarcellonetta,
Shiabhraigh te quiero, sí gaoithe trím chlí
Líon do shúil' le gile na meánmhuir'
Sheolas mo bháircín art' léinseach síoraí.

I ndíseart m'aigne chuireas an síol san
Is shileas gach deorchloch sa chuan,
Gur phóraigh ar a' gcarn bláithín fiabhrais
Macalla, do chumraíocht rúin.

Nuair a shíothlaigh uaim cuimhne na hoíche san,
Thiteas tréithlag im' chnap suan,
Im' dhúiseacht, cloisim do rosc catha cloíte,
Im' chodladh, lonraíonn do shúilibh bithbhuan.


Pósae

Ní cuimhin lem' cheann cipín,
ar éigean fanndhrithlín,
arbh iad Chipsticks do roghain bídh?

Mearnáil na cuimhne.

Sheasaigh cuimhne ar bhunsifín,
go gcuala m'athair ag gol it' bhroinn,
lasmuigh, gan bheith istigh.

Lá do phósta.

Cuimhneod choích' a sheanmháthrín
Nár mhairbh an chléir ionat féith a' ghrinn,
Caille mhara gan chuing bhréagchráifeach.

Pósadh gléigheal.


3 comments:

  1. Is brea liom an dan seo - Posae. N'fheadar cad a cheapann an chuid eile agaibh faoi na 'chipsticks'. Fan mor chipsticks me fein, ach nilim in ann a ra an n-oibrionn siad i ndan. B'fheidir go ndeirim san toisc nach bhfuilid blasta agam i ndan roimhe seo.

    Ar aon chuma, maith thu, dan aoibhinn....

    ReplyDelete
  2. Ar dtúis a Ailbhe go raibh maith agat as na dánta a léamh. Má samhlaítear duit ná fuil an focal chipsticks oiriúnach bhuel d'aontóinn leat go pointe áirithe...ach ná feadair mé cad atá oiriúnach mar mhalairt ar na chipsticks céanna. Dá mbeadh fear bean nó focal ionaid agam fiú chaithfinn isteach i lár na páirce iad ach níl malairt ar bith am.

    Agus ar chuma éicint is í an chuimhne is sia siar im cheann maidir lem sheanamháthair ná na Chipsticks céanna...ach ná fuilim cinnte!!!

    ReplyDelete
  3. Fag na 'chipsticks' mar atá siad! Bhí dúil mhór agam sa dán seo agus is focal breá é 'chipsticks'. Thuig mise uaidh gur leaid óg a bhí ann ag cuimhneamh ar a mháthair mhór - cad eile a bheadh gasúr ag smaoineamh air ach ar na smailceanna a bhí aici. Cuireann an focal soineantacht an duine óig in iúl agus sílim go bhfuil sé an-éifeachtach.

    Aisteach go leor, tá dúil mhór agam féin sna 'chipsticks' céanna (beidh cumann na gchipstick-eoirí againn roimh i bhfad!) agus tharla eachtra, a bhí rud beag cosúil leis an rud atá sa dán seo, domhsa fosta. Scríobh mé dán fá dtaobh de cúpla bliain ó shin agus bhí na diabhail 'chipsticks' luaite agamsa sa dán chomh maith. Mar sin, bíodh an diabhal ag fir agus mná an fhormaid agus déanaimis ceiliúradh ar na 'chipsticks'!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.