22.5.08

Dánta

Ar Bhád ag Damhsa

Mise agus an fharraige
rinne muid damhsa inniu
os coinne Inis Caorach

gan eadrainn ach
urlár rince mo bháid.
Choinnigh mé léi

coiscéim ar choiscéim
an ghaoth dár dtionlacan
ag gabháil fhoinn aeraigh

agus ag casadh ceoil
le rithim na slioparnaí
is le dordán an innill.

Chuaigh faoileán thart
a stiúraigh an damhsa 
ag scairtigh amach na céimeanna

dár spreagadh lena ghlór.
Rinne mé luascadh léi
slioschéim agus léimt

chuaigh mé isteach is amach
suas agus síos, ag coinneáil 
ama le tonnaí a cos.

Ba é an damhsa ab' fhearr
a rinne mé le bliantaí,
is nuair a tháinig mé i dtír

d'amharc mé amach 
arís go fonnmhar ar mo 
leannán rúin is chaith mé póg

ina treo, sa dóigh is go mbeadh
cuimhne aici orm nuair
a tchífeadh sí arís ag céilí mé.



Ag ligint don Domhan teacht i dtaithí orm

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don chloch, scéal a huaignis
a insint domh.
Fosclóidh mé mo chroí di.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt 
don aer, scéal a fhairsingeachta
a insint domh.
Séidfidh mé m'anáil air.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thbhairt
don uisce, scéal a dhoimhneachta
a insint domh.
Silfidh mé mo dheora leis.

Fanfaidh mé ciúin tamall
le seans a thabhairt
don tine, scéal a loisceachta
a insint domh.
Cuirfidh mé mo lámh ionsuirthi.

3 comments:

  1. Tá fuaim is rithim na bhfocal go haoibhinn. Coinnigh ort!

    ReplyDelete
  2. nuair a d'fhéachas ar an ndán "ar bád ag damhsa" cheapas go rabhas iomarc dí ólta agam nó go raibh botún éicint tarlaithe don dán nuair a chuir tú in airde é. Agus is breá liom an cleas san d'fhonn anonn agus anall na mara a chiallú. Ana-dheas agus treise leat!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.