1.8.08

Comhar ar ais


Ba mhór an chéim siar do scríbhneoireacht na Gaeilge é nuair a chaill an iris Comhar a maoiniú anuraidh. B’éigean di éirí as foilsiú, agus chaill scríbhneoirí is leitheoirí na teangan acmhainn ríthábhachtach. Ach tá maoiniú ar fáil di aríst, agus beidh Comhar ag teacht amach athuair gach mí ó Dheireadh Fómhair seo chugainn ar aghaidh.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh den chion a rinne Comhar i bhforbairt na litríochta i nGaeilge ó tháinig sí amach den chéad uair i 1942. Is beag scríbhneoir Gaeilge nár foilsíodh saothar leo san iris, agus is mór acu a fuair a dtús inti. Ach ní thig le Comhar ná iris ar bith a bheith beo ar ghaiscí na staire: caithfidh sí nuascríbhneoireacht a chothú agus a chur ar fáil i gcónaí.

Is dúshlán é sin nach féidir a thabhairt gan scríbhneoirí nua breathnú ar an iris mar rud a bhaineann leo féin. Daoine a bhfuil rudaí le rá acu, smaointe le nochtadh acu, tuairimí le plé acu, tá Comhar ann dóibh mar ardán. Tabharfaidh sí deis dóibh a n-ealaín a shaothrú agus a chur os comhair lucht léite (agus roinnt euro a shaothrú dóibh féin san am céanna!).

Tá scríbhneoireacht den uile chineál de dhíth orainn. Tá gearrscéalta ag teastáil, agus sleachta as úrscéalta atá idir lámha. Tá dánta ag teastáil, agus saothar drámaíochta. Tá léirmheastóireacht ag teastáil, mar tá léamh cúramach agus tuairim ghrinn tuillte ag údair. Tá aistí uainn a phléifeas scríbhneoirí Gaeilge ár linne féin agus na nglúinte romhainn. Tá muid ag iarraidh altanna ar chúrsaí an tsaoil, idir cheisteanna polaitiúla sa mbaile is i gcéin agus chúrsái spóirt, ceoil, caitheamh aimsire is eile.

Tá doras Comhar ar oscailt do scríbhneoirí nua, mar sin. Má tá rud maith scríofa agat, cuir chugainn é. Mara bhfuil agat ach smaoineamh a ba mhaith leat a phlé tuilleadh, abair linn. Má tá eolas agat ar ghné ar leith den litríocht nó den smaointeoireacht, roinn linn é. Is é comhar@eircom.net ár seoladh ríomhphoist: téigh i dteagmháil linn.

Aindrias Ó Cathasaigh
Eagarthóir Comhar

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.