13.2.09

Drámaíocht le Henrik Ibsen i mB.Á.C agus i nGaillimh

Is cúis áthais don Taibhdhearc agus Moonfish Theatre léiriú nua stáitse a chur ar fáil – Namhaid don Phobal -leagan Gaeilge de dhráma Henrik Ibsen “An Enemy of the People” (le fotheidil Bhéarla)

Is leagan nua-aoiseach, spreagúil den dráma cáiliúil é seo ina bhfuil macallaí den ghéarchéim a tharla i gcúrsaí uisce sa Ghaillimh le gairid. Bainfear leas as fotheidil sa léiriú – rud nua i ndrámaíocht na Gaeilge. Tugtar cuireadh don phobal- idir lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu - chun sult a bhaint as an ndráma agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a chuirtear ann.

Suite i mbaile beag cois farraige, déanann Namhaid don Phobal cur síos ar a dtiteann amach nuair a thagann an dochtúir áitiúl ar nimh i gcóras uisce an bhaile, rud a d'fhéadfadh deireadh a chur le heacnamaíocht turasóireachta an bhaile. Ar chóir dó an scéal a scaoileadh leis an bpobal, nó éisteacht le comhairle a dhearthára (Méara an bhaile) agus a bhéal a choinneáil dúnta ...?

Tá na haisteoirí aitheanta stáitse agus scáileáin Brendan Conroy, Peadar Ó Treasaigh agus Donncha Crowley i dteannta Bhríd Uí Neachtain. Tá aithne mhaith freisin ar Phádraic Ó Tuairisc, Darach Ó Dubháin (a bhí ag ‘rapáil’ le Des Bishop ar an gclár fáisnéise de chuid RTÉ “In ainm an Fada”), ar Shéamuis Ó hAodha agus ar Ionia Ní Chróinín.

Ní minic a léirítear an dráma seo in Éirinn agus is í an ócáid dheireanach ar cuireadh ar stáitse é sa tír seo ba leagan gaeilge é a rinne An Taibhdhearc i 1948. Beidh léirithe ar siúl i nGaillimh agus i mBleá Cliath le linn Seachtain na Gaeilge agus le cuidiú na bhfotheideal, bainfidh chuile dhuine ar suim leo an cultúr gaelach agus an Ghaeilge taitneamh as. Beidh an dráma ar siúl sa Dubhlann, i nGaillimh 4ú – 8ú Márta, agus in Amharclann Axis i mBleá Cliath 11ú – 12ú Márta. Is féidir áirthintí a dhéanamh trí oifig Amharclann Halla na Cathrach ag (091) 569777 agus Oifig Axis (01) 8832100.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig:
http://www.moonfishtheatre.com/ / http://www.antaibhdhearc.com/

nó glaoigh ar:
Natalie Surina - (091) 443042, (087) 6332891
Áine Ní Chuaig - (091) 562024 aine@antaibhdhearc.com

No comments:

Post a Comment

Note: Only a member of this blog may post a comment.