21.2.09

Paidir

Paidir

D’fhonn maolú ar an gciontacht a bhraitheas thosaíos ag caint. Seo, siúd, uile agus aon ní eile seachas an ní a bhí os mo chomhair amach. Bhí sí tachtaithe ansan fé choim an bháis. ‘Ar oilithreacht’. B’in a dúrt m’uncail ina taobh sa tséipéal an lá ar cuireadh í. Thaithin san liom. Sinne atá ag triall chonair an oilithrigh i dtreo na síoraíochta. Sinne ar éigean dúinn an phúic a chaitheamh chun chrois na síoraíochta a iompar. Sinne mar oilithrigh a bhraitheann ciontach. Bhraitheas ciontach nuair a d’fhéachas uirthi ag creimeadh go síochánta, síoch, sách romham amach sa chathaoir. Chuir an bás eagla orm. Cipíní anois uirthi mar ghéaga. Chuir mo bheatha ina chipíní sa scathán eagla orm. Bhraitheas ciontach toisc gur chuir sí eagla orm. Feithidiúlacht an duine. Ní hea, níorbh shin é in aon chor, is dócha, ach gur bhraitheas ciontach toisc go bhfaighinn féin an íde chéanna. Lá éigean. Caitear carabhait dhubha lá na sochraide. Sinne a thuigeann an bás. Sinne a shamhlaíonn ár sochraid. Is sine sinn ná an diabhal chailleach Bhéarra. Bhraitheas ciontach is thosaíos ag caint. Á ceistiú. D’fhonn í a chur chun cainte. Tuisceanach a deirtear coitianta lena leithéid de bhéas. Aineolas is daille is púicínteacht. Lorgaíos freagra uaithi. Óir freagra is ea leathscéal, is ea bóthar ciorruithe is ea dearúd a dhéanamh ar an gciontacht agus comhrá is ea é sin. Is dócha. Tá saoirse sa chuimhne. Faid is a deintear dearúd. Marach í, ní bheadh sa chaint uile ach céasadh. Nó faoistinn. Thosaíos ag caint ar na seanalaethanta. Bhíos báite sna súile san. Iad ag féachaint orm. Dom’ bhreithniú, dom’ bhagairt, dom’ bhréagnú. Faoistinn na mbalbh. Comhrá na ndall. An raibh aon saghas eile faoistinne ann?

Bhí ‘An cuimhin leat’ mar rémír cheisteach agam ar nachaon ní. Ciúnas bagarthach na síoraíochta mar fhreagra. Dom’ bhodhradh. Míobhán maraitheach sa tseomra. Is cuimhin liom an gaothrán ar a thréandícheall ag siosarnach go samhrata. Cloisim fós é agus an meangadh gáire san ina chár. Ina stiúrthóir mire. Orainne. Rinceoirí rancásacha an danse macabre. Bhí allas liom agus mos múin sa tseomra. Cad is féidir a rá nuair nach bhfuil tú cinnte an mbeidh sí ann amárach? Nuair nach bhfuil de dhifear idir amárach agus inné ach bheith ag caint ar inniu? N’fheadair mé. Ar cholbha na leapan di shamhlaíos go mb’fhearra liom dá dtitfeadh sí isteach sa tsíoraíocht ón tsíorláithreacht. Ní fhéadfá san a rá le héinne eile seachas í féin. Ní dúrt faic léi. Bhí sé de cheart agam fiafraí di. Ach chaitheas carabhat an lá sin leis a theanntaigh mé fé scabhall sceoine. Níor thuigeas san. Braithim san anois. Ach ní thuigim i gcónaí. Ní thuigtear sceon go dtí go mbíonn tú nach mór bás. An nóimeat, ní hea, an soicind cruinn díreach roimis an bás. Bíonn splanc éigiallda is claochlaítear an bhraistint. Bíonn súil againn go dtiocfaidh ciall. Le cúnamh pé. N’fheadair. Creideamh is ea é sin. Theastaigh uaim gol ach bhíos fearúil. Níor ghéilleas di. Nó don ngol. Dá mbeinn ag féachaint sa scathán thosóinn ag gáire déarfainn. Agus mé ag féachaint uirthi anois, á samhlú im’ cheann, í imithe gan filleadh, ba dheas liom gol. Bhíos á samhlú im’ cheann leis an lá san. Nó arbh ise a shamlaigh mise? Sin bás is dócha. Ón nóimeat a dtagann tú chun beatha tánn tú ag dul ar lár. Ní fhéadfainn nó ní féidir liom a thuilleadh. Gol. An raibh nó an bhfuil nó an mbeidh ciall le sin? Choíche?

‘Féach ort féin ansan sa scathán ag gol agus tú it’ seó bóthair’. N’fheadair mé cé labhrann. Gáiríonn tú. Gáiríonn an scathán. Freagra is ea é sin ar an gcaint uile.

Bhraitheas ciontach toisc nach bhfaca mé le tamall í. Bhraitheas gur mise fé ndear di bás a fháil. Bheathaigh an chiontacht an chaint agus leanas orm go fearúil d’iarraidh aon fhocal amháin, aon fhreagra, aon siolla, aon chlaonadh cinn a bhaint di. Ní bhíonn páistí cinnte an scathán atá rompu nuair nach bhfreagraíonn sé. Shamhlaíos mé féin páistiúl gan fhreagra. Ní bhraitheas faic go dtí go bhfaca mé láimh mo mháthair agus greim láimhe aici ar chipín na seanamáthar. Mo sheanamháthair. An lá san. Nuair a theip arm’ chaint, arm’ cheistiú, arm’ chiontacht, ar nachaon ní. Ní raibh focal eatarthu. Níorbh éigean di faic a rá. Níorbh éigean di a ceann a chlaonadh nó osna bréige a scaoileadh. Ar bhraith sí ciontach? Níor lig sí faic uirthi má bhraith. Bhí mo chuid siollaí ar foluain i gcónaí sa tseomra. I measc tonnta an ghaothráin agus mos marbhánta na beatha. Macghníomhartha macallúil na siollaí ag drannadh gáire ba dhóigh leat. Nó ag gol. Beag an difear i ndeireadh na dornálaíochta. D’fhéach mo mháthair cruinndíreach sna súile uirthi. D’fhreagair na súile dalla. Ag gliúcaíocht ar Dhéithe a bhíos anois. Níorbh fhiú dóibh faic a rá. Ní fhéadfaí faic a rá. Bhí brí nár thuigeas, brí nach gclisfí choíche uirthi sa tseomra. Deinim iarracht anois focail a charnadh anuas ar an lá san. Claí a thógaint timpeall ar an gcarn. Caithfead réasún, ciall nó cúis a lorg. Míním mo scéal agus ar tharla. An dtuigfear é? An lá san thuigeas nach mbrisfear snaidhm an ghrá le focail chloíte. Choíche.

1 comment:

  1. tá rud éicint ag brúchtadh anseo nach bhfuil mé in ann a thuigbheáil

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.