11.2.09

Filíocht Ghrá na Gaeilge




ar an Satharn 14 Feabhra @ 10.45 a.m.

Cuirfidh Poetry Ireland, Imram agusCois Life léamh speisialta d'fhilíocht Ghrá na Gaeilge ar siúl ar an 14ú lá d'Fheabhra i leith Lá le Vailintín a chomóradh. Beidh na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, agus Colm Breathnach i láthair agus ámhránaíocht ar an sean-nós le clos ó Lorcán Mac Mathúna. Beidh na filí ag léamh rogha dánta ón leabhar Filíocht Ghrá na Gaeilge, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh, agus foilsithe ag Cois Life.

Teileafón 087-2912797 E: liamog62@mac.com
Beidh an léamh seo ar siúl @ 56, Sráid Aungier,
sa Séipéal Cairmailíteach

2 comments:

  1. Ach ca bhfuil se ar siul?!

    ReplyDelete
  2. Beidh an léamh seo ar siúl @ 56, Sráid Aungier,
    sa Séipéal Cairmailíteach :)

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.