27.2.09

Seachtain na Gaeilge & Imeachtaí na Scríbhneoirí Úra!

Beidh Seachtain na Gaeilge faoi lánseol roimh i bhfad agus beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre & ní haon ionadh é go mbeidh na scríbhneoirí úra páirteach iontu. Tá súil againn go mbeidh sibh in ann teacht chuig na himeachtaí seo chun tacaíocht a thabhairt do na scríbhneoirí úra!

Léamh Filíochta
Dáta: Dé Céadaoin 4 Márta
Am: 6:30 i.n.
Áit: leabharlann na Cathrach san ILAC Centre, Baile Átha Cliath
Rannpháirtithe: Liam Mac Amhlaigh, Caitríona Ní Chléirchín, Majella McDonnell, Ríona Nic Congáil agus Scott de Buitléir ina measc.
Féach www.dublincity.ie/RecreationandCulture/libraries/Events/Pages/Snag_Scriob_oga.aspx

Aonach na Leabhar i mBaile Átha Cliath
Dátaí: Dé hAoine 6 Márta - Dé Domhnaigh 8 Márta
Áit: Halla na Cathrach, Sráid an Dáma.
Rannpháirtithe: Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléirchín agus Rachel Ní Fhionnáin ina measc.
Féach www.dublinbookfestival.com/schedule.html

Éigse agus Eacnamaíocht

Siompóisiam á stiúradh ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill, Scríbhneoir Cónaithe, i gColáiste Phádraig, Droim Conrach

Dé Máirt 3 Márta6.00-8.00pm
sa Seomra Caidrimh i gColáiste Phádraig.

Rannpháirteach sa Siompóisiam beidh:
Na Scríbhneoirí:
Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Paula Meehan, Liam Mac Cóil, Biddy Jenkinson, Simon Ó Faoláin, Ríona Nic Congáil, Colm Breathnach, Theo Dorgan
Na hAmhránaithe: Máire Ní Choilm, Katerina Garcia …agus aíonna eile

Ceisteanna a bheidh faoi chaibidil:
· Céard is cúis le géarchéimeanna na huaire
(idir fhoréigean, chos ar bolg, chúlú eacnamaíoch agus chreimeadh timpeallachta)?
· Céard is féidir a dhéanamh?
· Cad é ról na n-ealaíon sna tionscnaimh tharrthála?

Fáilte roimh chách!
Tuilleadh eolais: Nuala.nidhomhnaill@spd.dcu.ie

Leabhar Power

Tá suíomh breá ann chun eolas faoi leabhair nua a scaipeadh: www.leabharpower.com.

Is feachtas bolscaireachta é Leabhar Power atá á eagrú ag CLÉ – Cumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann agus a fhaigheann tacaíocht ón gComhairle Ealaíon, ó Fhoras na Gaeilge agus ó ÁIS.

21.2.09

Paidir

Paidir

D’fhonn maolú ar an gciontacht a bhraitheas thosaíos ag caint. Seo, siúd, uile agus aon ní eile seachas an ní a bhí os mo chomhair amach. Bhí sí tachtaithe ansan fé choim an bháis. ‘Ar oilithreacht’. B’in a dúrt m’uncail ina taobh sa tséipéal an lá ar cuireadh í. Thaithin san liom. Sinne atá ag triall chonair an oilithrigh i dtreo na síoraíochta. Sinne ar éigean dúinn an phúic a chaitheamh chun chrois na síoraíochta a iompar. Sinne mar oilithrigh a bhraitheann ciontach. Bhraitheas ciontach nuair a d’fhéachas uirthi ag creimeadh go síochánta, síoch, sách romham amach sa chathaoir. Chuir an bás eagla orm. Cipíní anois uirthi mar ghéaga. Chuir mo bheatha ina chipíní sa scathán eagla orm. Bhraitheas ciontach toisc gur chuir sí eagla orm. Feithidiúlacht an duine. Ní hea, níorbh shin é in aon chor, is dócha, ach gur bhraitheas ciontach toisc go bhfaighinn féin an íde chéanna. Lá éigean. Caitear carabhait dhubha lá na sochraide. Sinne a thuigeann an bás. Sinne a shamhlaíonn ár sochraid. Is sine sinn ná an diabhal chailleach Bhéarra. Bhraitheas ciontach is thosaíos ag caint. Á ceistiú. D’fhonn í a chur chun cainte. Tuisceanach a deirtear coitianta lena leithéid de bhéas. Aineolas is daille is púicínteacht. Lorgaíos freagra uaithi. Óir freagra is ea leathscéal, is ea bóthar ciorruithe is ea dearúd a dhéanamh ar an gciontacht agus comhrá is ea é sin. Is dócha. Tá saoirse sa chuimhne. Faid is a deintear dearúd. Marach í, ní bheadh sa chaint uile ach céasadh. Nó faoistinn. Thosaíos ag caint ar na seanalaethanta. Bhíos báite sna súile san. Iad ag féachaint orm. Dom’ bhreithniú, dom’ bhagairt, dom’ bhréagnú. Faoistinn na mbalbh. Comhrá na ndall. An raibh aon saghas eile faoistinne ann?

Bhí ‘An cuimhin leat’ mar rémír cheisteach agam ar nachaon ní. Ciúnas bagarthach na síoraíochta mar fhreagra. Dom’ bhodhradh. Míobhán maraitheach sa tseomra. Is cuimhin liom an gaothrán ar a thréandícheall ag siosarnach go samhrata. Cloisim fós é agus an meangadh gáire san ina chár. Ina stiúrthóir mire. Orainne. Rinceoirí rancásacha an danse macabre. Bhí allas liom agus mos múin sa tseomra. Cad is féidir a rá nuair nach bhfuil tú cinnte an mbeidh sí ann amárach? Nuair nach bhfuil de dhifear idir amárach agus inné ach bheith ag caint ar inniu? N’fheadair mé. Ar cholbha na leapan di shamhlaíos go mb’fhearra liom dá dtitfeadh sí isteach sa tsíoraíocht ón tsíorláithreacht. Ní fhéadfá san a rá le héinne eile seachas í féin. Ní dúrt faic léi. Bhí sé de cheart agam fiafraí di. Ach chaitheas carabhat an lá sin leis a theanntaigh mé fé scabhall sceoine. Níor thuigeas san. Braithim san anois. Ach ní thuigim i gcónaí. Ní thuigtear sceon go dtí go mbíonn tú nach mór bás. An nóimeat, ní hea, an soicind cruinn díreach roimis an bás. Bíonn splanc éigiallda is claochlaítear an bhraistint. Bíonn súil againn go dtiocfaidh ciall. Le cúnamh pé. N’fheadair. Creideamh is ea é sin. Theastaigh uaim gol ach bhíos fearúil. Níor ghéilleas di. Nó don ngol. Dá mbeinn ag féachaint sa scathán thosóinn ag gáire déarfainn. Agus mé ag féachaint uirthi anois, á samhlú im’ cheann, í imithe gan filleadh, ba dheas liom gol. Bhíos á samhlú im’ cheann leis an lá san. Nó arbh ise a shamlaigh mise? Sin bás is dócha. Ón nóimeat a dtagann tú chun beatha tánn tú ag dul ar lár. Ní fhéadfainn nó ní féidir liom a thuilleadh. Gol. An raibh nó an bhfuil nó an mbeidh ciall le sin? Choíche?

‘Féach ort féin ansan sa scathán ag gol agus tú it’ seó bóthair’. N’fheadair mé cé labhrann. Gáiríonn tú. Gáiríonn an scathán. Freagra is ea é sin ar an gcaint uile.

Bhraitheas ciontach toisc nach bhfaca mé le tamall í. Bhraitheas gur mise fé ndear di bás a fháil. Bheathaigh an chiontacht an chaint agus leanas orm go fearúil d’iarraidh aon fhocal amháin, aon fhreagra, aon siolla, aon chlaonadh cinn a bhaint di. Ní bhíonn páistí cinnte an scathán atá rompu nuair nach bhfreagraíonn sé. Shamhlaíos mé féin páistiúl gan fhreagra. Ní bhraitheas faic go dtí go bhfaca mé láimh mo mháthair agus greim láimhe aici ar chipín na seanamáthar. Mo sheanamháthair. An lá san. Nuair a theip arm’ chaint, arm’ cheistiú, arm’ chiontacht, ar nachaon ní. Ní raibh focal eatarthu. Níorbh éigean di faic a rá. Níorbh éigean di a ceann a chlaonadh nó osna bréige a scaoileadh. Ar bhraith sí ciontach? Níor lig sí faic uirthi má bhraith. Bhí mo chuid siollaí ar foluain i gcónaí sa tseomra. I measc tonnta an ghaothráin agus mos marbhánta na beatha. Macghníomhartha macallúil na siollaí ag drannadh gáire ba dhóigh leat. Nó ag gol. Beag an difear i ndeireadh na dornálaíochta. D’fhéach mo mháthair cruinndíreach sna súile uirthi. D’fhreagair na súile dalla. Ag gliúcaíocht ar Dhéithe a bhíos anois. Níorbh fhiú dóibh faic a rá. Ní fhéadfaí faic a rá. Bhí brí nár thuigeas, brí nach gclisfí choíche uirthi sa tseomra. Deinim iarracht anois focail a charnadh anuas ar an lá san. Claí a thógaint timpeall ar an gcarn. Caithfead réasún, ciall nó cúis a lorg. Míním mo scéal agus ar tharla. An dtuigfear é? An lá san thuigeas nach mbrisfear snaidhm an ghrá le focail chloíte. Choíche.

20.2.09

Eagarthóir Buan ar Comhar: Fógra Poist

Is breá le Bord Comhar go bhfuil ag éirí go geal leis an iris le trí mhí, faoin eagarthóir eatramhach, Pól Ó Muirí. Ta sé in am anois ceapachán buan a dhéanamh. Fáilteoidh Bord Comhar roimh iarratas ó aon duine cáilithe don chúram páirtaimseartha mar eagarthóir go dtí Nollaig 2010.

Tá Comhar ar cheann de na teidil is so-aitheanta agus is mó cáil i saol na Gaeilge ó 1942 i leith.
Duine freagrach, fuinniúil, beoga, seifteach atáthar a iarraidh.

Ní mór tuilleadh eolais a lorg ó: comhar.iris@gmail.com
Cuirtear iarratais, mar aon le CV, chuig
Cathaoirleach Comhar ag an seoladh ríomhphoist thuas faoi 2 Márta, 2009.

Maoinithe ag Foras na Gaeilge

16.2.09

COMHAR (Feabhra 2009)



Is iontach an rud é go dtugann COMHAR, iris aitheanta na Gaeilge, an deis do scríbhneoirí úra is óga a scileanna scríbhneoireachta is a dtuairimí a nochtadh inti. Tá filíocht ag Caitríona Ní Chléirchín agus cúpla alt ag Rachel Ní Fhionnáin le léamh in eagrán na míosa seo.


15.2.09

"The Young Writer in Catalan Literature: Yesterday and Today."


Tabharfaidh Cinta Arasa ó Chumann Scríbhneoirí Óga na Catalóinise caint ar "The Young Writer in Catalan Literature: Yesterday and Today," ó 3:00-4:00 i.n. ar an Aoine, an 20 Feabhra sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Beidh an chaint ar siúl i seomra G106 i bhfoirgneamh na n-ealaíon
Beidh fáilte roimh chách.

13.2.09

An Chuairt: Comórtas Filíochta 2009

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil Comórtas Filíochta le linn Cuairt na bhFilí Albanacha ar Éireann arís i mbliana. Ba é anuraidh an chéad bhliain don chomórtas agus ó tharla gur léiríodh an oiread sin spéise ann agus gur ócáid fíor thaitneamhach a bhí ann shocraigh An Chomhdháil é a chur ar siúl arís i mbliana. Is comórtas filíochta dhátheangacha atá i gceist, agus is féidir le filí dánta nua-chumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na h-Alban a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Roghnófar an t-ocht dán nua-chumtha is fearr i gcibé teanga (Gaeilge nó Gàidhlig) agus gheobhaidh an t-údar deis a dhán a léamh ag oíche mhór an Chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Roghnófar buaiteoir iomlán an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar duais de €500 orthu, agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála i mí Bealtaine agus san irisleabhar Comhar. Níl aon táille iontrála i gceist don chomórtas seo, agus níl aon srian maidir le hábhar, fad, téama nó stíl.



Glacfar le hiarratais trí ríomhphost amháin, roimh 03 Aibreán 2009 ach teagmháil a dhéanamh le Síle Ní Chatháin ag sile@comhdháil.ie ar dtús.

Drámaíocht le Henrik Ibsen i mB.Á.C agus i nGaillimh

Is cúis áthais don Taibhdhearc agus Moonfish Theatre léiriú nua stáitse a chur ar fáil – Namhaid don Phobal -leagan Gaeilge de dhráma Henrik Ibsen “An Enemy of the People” (le fotheidil Bhéarla)

Is leagan nua-aoiseach, spreagúil den dráma cáiliúil é seo ina bhfuil macallaí den ghéarchéim a tharla i gcúrsaí uisce sa Ghaillimh le gairid. Bainfear leas as fotheidil sa léiriú – rud nua i ndrámaíocht na Gaeilge. Tugtar cuireadh don phobal- idir lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd nach bhfuil Gaeilge ar bith acu - chun sult a bhaint as an ndráma agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a chuirtear ann.

Suite i mbaile beag cois farraige, déanann Namhaid don Phobal cur síos ar a dtiteann amach nuair a thagann an dochtúir áitiúl ar nimh i gcóras uisce an bhaile, rud a d'fhéadfadh deireadh a chur le heacnamaíocht turasóireachta an bhaile. Ar chóir dó an scéal a scaoileadh leis an bpobal, nó éisteacht le comhairle a dhearthára (Méara an bhaile) agus a bhéal a choinneáil dúnta ...?

Tá na haisteoirí aitheanta stáitse agus scáileáin Brendan Conroy, Peadar Ó Treasaigh agus Donncha Crowley i dteannta Bhríd Uí Neachtain. Tá aithne mhaith freisin ar Phádraic Ó Tuairisc, Darach Ó Dubháin (a bhí ag ‘rapáil’ le Des Bishop ar an gclár fáisnéise de chuid RTÉ “In ainm an Fada”), ar Shéamuis Ó hAodha agus ar Ionia Ní Chróinín.

Ní minic a léirítear an dráma seo in Éirinn agus is í an ócáid dheireanach ar cuireadh ar stáitse é sa tír seo ba leagan gaeilge é a rinne An Taibhdhearc i 1948. Beidh léirithe ar siúl i nGaillimh agus i mBleá Cliath le linn Seachtain na Gaeilge agus le cuidiú na bhfotheideal, bainfidh chuile dhuine ar suim leo an cultúr gaelach agus an Ghaeilge taitneamh as. Beidh an dráma ar siúl sa Dubhlann, i nGaillimh 4ú – 8ú Márta, agus in Amharclann Axis i mBleá Cliath 11ú – 12ú Márta. Is féidir áirthintí a dhéanamh trí oifig Amharclann Halla na Cathrach ag (091) 569777 agus Oifig Axis (01) 8832100.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig:
http://www.moonfishtheatre.com/ / http://www.antaibhdhearc.com/

nó glaoigh ar:
Natalie Surina - (091) 443042, (087) 6332891
Áine Ní Chuaig - (091) 562024 aine@antaibhdhearc.com

11.2.09

Daireana Ní Chinnéide: Seoladh Leabhair

Dé Déardaoin, 19 Feabhra @ 6.30pm
Tugann Éigse Éireann i gcomhar le Coiscéim cuireadh duit go dtí seoladh Poll na mBabies le Dairena Ní Chinnéide @
Teach an Provost,
Coláiste na Tríonóide,
l Sráid Grafton,
BÁC 2.

T: 01 4789974
info@poetryireland.ie

Filíocht Ghrá na Gaeilge




ar an Satharn 14 Feabhra @ 10.45 a.m.

Cuirfidh Poetry Ireland, Imram agusCois Life léamh speisialta d'fhilíocht Ghrá na Gaeilge ar siúl ar an 14ú lá d'Fheabhra i leith Lá le Vailintín a chomóradh. Beidh na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, agus Colm Breathnach i láthair agus ámhránaíocht ar an sean-nós le clos ó Lorcán Mac Mathúna. Beidh na filí ag léamh rogha dánta ón leabhar Filíocht Ghrá na Gaeilge, curtha in eagar ag Ciarán Mac Murchaidh, agus foilsithe ag Cois Life.

Teileafón 087-2912797 E: liamog62@mac.com
Beidh an léamh seo ar siúl @ 56, Sráid Aungier,
sa Séipéal Cairmailíteach

10.2.09

Michael Longley: Léamh Filíochta

Beidh an file Michael Longley i gcomhar le Potery Ireland ag léamh a chuid filíochta amárach @


Dé Céadaoin, 11 Feabhra @ 1pm
Léachtlann, An Dánlann Náisiúnta, Cearnóg Mhuirfean, B.A.C. 2.
***************Ní ghearrfar aon táille don ócáid seo***********************
Tuilleadh Eolais: glaoigh ar 01 4789974 nó seol ríomhphost go info@poetryireland.ie

9.2.09

Cuairteoir ón gCatalóin

Tabharfaidh Cinta Arasa ó Chumann Scríbhneoirí Óga na Catalóinise caint ar staid agus éabhlóid na teanga sin agus ar ról na scríbhneoirí óga i gcothú na litríochta ag 3i.n. ar an 20 Feabhra 2009 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Beidh fáilte roimh chách.
Tuilleadh eolais le teacht…

Canary Wharf: Cnuasach Gearrsceálta


Ba mhór ag Cois Life tú a bheith i láthair in The Winding Stair Bookshop ag18.30 ar 17 Feabhra nuair a sheolfaidh Michael Cronin Canary Wharf: Cnuasach Gearrsceálta le hOrna Ní Choileáin.

7.2.09

Folúntas do Láithreoir ar irischlár Fios Feasa

Folúntas do Láithreoir ar irischlár Fios Feasa

Tá Raidió na Life ag lorg láithreoir buan (obair dheonach atá i gceist) do phríomhirischlár an stáisiúin Fios Feasa, ar eagrán na Máirte den chlár (8 - 9 i.n.). Bheadh taithí láithreoireachta raidió nó teilifíse ina bhuntáiste don té a roghnófar agus tá gá le hardchaighdeán Gaeilge mar aon le spéis i gcúrsaí reatha, i gcúrsaí cultúir agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Caithfidh iarrthóirí don phost deonach seo a bheith os cionn 18 bl. d'aois.

Cuir glaoch ar Bhainisteoir RnaL ar 01-6616333

nó seol ríomhphost chuig muiris@rnl106.com le haghaidh tuilleadh eolais.

2.2.09

Logainmneacha na Briotáine

Tá an baol ann go mbeidh ar áitreoirí an bhaile Plougerne sa Bhriotáin ainmneacha na sráideanna s'acu a aistriú go Fraincis. Dar le méara an bhaile, ní thig le feidhmeannaigh Oifig an Phoist na n-ainmneacha a thuiscint nuair atáid scríofa sa Bhriotáinnis. Dar le Fran May Prigent, atá ag cur i gcoinne na n-athruithe seo, níl mar aidhm ag an méara i ndeireadh na dála ach logainmneacha nua Fraincise a bhualadh anuas ar na logainmneacha traidisiúnta. Dar leis go bhfuil an baol anois ann go gcaillfear traidisiún agus cultúr an bhaile bhig.

Baineadh siar as muintir an bhaile nuair a chualadar faoin scéal seo. Táthar ag tathaint ar dhaoine scríobh go Andrew Lesven- méara an bhaile -ag áiteamh air gan an scéim seo a chur i bhfeidhm agus táthar ag áiteamh ar an bpobal achainí um chearta Plougerne a shíniú.

Sínigh achainí @ http://www.mesopinions.com/Plouguerneau-petition-petitions-7c276e9a733f7f830d4d2a14484e34c9.html

Nó scríobh go dtí an méara @
Mr. André Lesven,
Maire Place de Verger,
29880 Plougerne,
Breizh,
France.

ABDÚILIGH FAISIN DE DHÍTH


An andúileach faisin thú? An dtiocfadh leat stíl dearthóra a chruthú ar bheagán costais?
An bhfuil Gaeilge líofa agat? Ba mhaith linn cluinnstin uait!

Is sraith úr í 'Stíl na Réalt' do TG4. Rachaidh beirt san iomaíocht le chéile agus iad ag iarraidh éadaí a cheannach ar bheagán ama agus ar chostas íseal. Beidh orthu culaith lae agus culaith oíche a aimsiú mar aon leis na bróga agus na hoiriúintí faisin cuí.


Tá muid ag cuartú daoine (is cuma cé acu fear nó bean) le páirt a ghlacadh sa tsraith seo. Má tá dúil agat i gcúrsaí faisin agus siopadóireachta agus más duine bríomhar thú, cuir scairt ar Saileog 087 410 1103 nó cuir r-phost chuig saileoglally@gmail.com

Dáta don Dialann @ ÓBhéal

Beidh ceardlann filíochta á eagrú ag óbhéal- i gcomhar le Foras na Gaeilge -ar an 2 Márta sa Hayloft i gCorcaigh. Is é an file aitheanta Gréagóir Ó Dúill a bheidh i mbun na ceardlainne seo agus is é an téama atá roghnaithe don gceardlann áirithe seo ná

"Uncertainty and Ambiguity/ Amhras agus Éiginnteacht"

Cost €15 (€12 lascaine).
Tá líon na rannpháirtithe teoranta.
Tuilleadh sonraí/eolais téir i dteagmháil le Paul @ 085 712 6299
nó seol ríomhphost go Ó Bhéal