9.3.08



Muiris Ó Meara, Majella McDonnell, Alan Desmond agus Proinsias Mac a' Bhaird ag an Aonach Leabhar i mBaile Átha Cliath.

3 comments:

  1. Máthair fir


    Freagra bán, gan líonadh,
    Ceo ar bith,ceo nár thuigeasa,
    Ceotharnach ráinig chughamsa,
    Báiteacht na críonfhéachana úd.

    Mearbhall, ar bheirt againn,
    Freagra, gan riaradh chugham,
    Freagra, síol cuimhne,
    Sás ar chlochthacht phaidrín.

    Máthair, súil pháiste uirthi,
    Ginshúil, broinn cheodraíocht'?
    Beireann greim láimh'
    Sníonn chuici í; diúlfháisc.

    Súil agam le freagra,
    Arbh shin í m'fhóidín mearbhaill?
    Ceoscaiptheacht ceal tuisceana,
    Críonnacht mná,freagarthacht súl.

    ReplyDelete
  2. Tromluí Emmet


    Ní hé scéal éinne amháin é

    gan marc bheith os cionn na huaighe,

    Fágadh na slóite síoraí,

    ar mhuin mairc, i lúb chruinnithe gan suan.




    Is ait liom a Sheáin é bheith toirmiscthe,

    ar mháthair in adhlacadh a mic,

    maothal mhéith gan bhlaiseadh,

    Dathú na beatha ina phic.



    "Mar sin a bhíodh sé san am sin,

    Níor mhair sé ach cúpla lá".

    Luigh seoil na máthaircainte orm is d'aithníos,

    gur mise an páiste úd gan smál.



    Níor chronaíos do gliogar go bhfaca t'ainm,

    ar leacht reilige na naingeal inaird',

    Ní shíothlóidh tú uaim faid a mhaiream.

    Codailse a linbhín go sámh.



    I ndilchuimhne,

    Tomás Ó Meara
    Holy Angels, Glas Naíon.

    ReplyDelete
  3. (1) Dies Irae

    Cad déarfá le máthair,
    A d’fhág slán ar maidin
    Le macín sásta.


    Máthair nár shamhlaigh
    Siúd is tú fást'
    Ach naígheal grásta leat.

    An linbhín a chothaigh
    Páis-saigheadanna brollaigh
    Ó bheatha go píléar peannaideach,

    Arraingbhás.

    Cad déarfá lem’ dhuine
    Suaite thall sa chúinne
    Speilp Thíograch phlúchtha.

    Nach n-aithníonn fiú a lorg féin,
    now Surely to Jesus I’m not to blame
    all I do, mar dhea, is Coke and E.

    Cad déarfá le páiste
    Ná tuigeann saol mór fásta
    Cruacheistiú diongabháilte chugat
    Éilíonn tarrtháil uait.

    Cad deirim?




    I gcuimhne,
    Anthony Campbell 12/12/2006


    (2)Súilín Ribe

    Caith uaibh an tlú, maidín briste,
    Caith uaibh sméaróid sop siúirdín,
    Bain díot a fhir do chaipín sonais
    Is buail fút ansan, isteach chun na tine
    Beidh cadráil chugainn anois
    ón dTV.

    is Shíleamar,
    gur Shuíomar,
    gur Shamhlaíomar,
    gur a’ Siolpaireacht léi,
    a bhíomar,

    an mháthair, bean glúin
    Suite ansan sa chúinn',
    Síolmhealltacht a cumraíocht neafaisí.

    Thrasnaíomar clochán luath in éirim,
    Síolsciobtha féna Scáilbhrat nuidheas’,
    Deineadh den bhfhís físín fuadaigh,
    Drochshúil Bhalor caolceanglach tís.

    Síolsciobadh Scailéathanach a
    mhaistrigh éirim spéartha,
    Árdmháistir a mhairbh tuiscint chlí,
    Éirim gan Éirinn, giolla ina bhall séire,
    Síodúileacht ar bhréidín gan bhrí.


    (3)Teangeolaíocht

    Dúrt léi go mb’fhearr liom, pógín Francach,

    Nár thaithin rómhór liom, pógín Sasnach’,

    Céadphóg a thugas uaim, pógín Gaelach,

    Aineolaí saonteangach, Cú Chulainn éachtach.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.