30.8.08

Agallamh na Míosa

Ailbhe Ní Ghearbhuigh faoi agallamh ag Eithne Ní Ghallchobhair

Tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí, Co. Chiarraí. Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus bhain sí MA sa Ghaeilge amach ón ollscoil chéanna. Ina dhiaidh seo chaith sí bliain i Nua Eabhrac ag teagasc na Gaeilge. Foilsíodh ailt léi in ‘Beocheist’ san Irish Times agus beidh a céad chnuasach filíochta 'Péacadh' ag teacht amach go luath. Beidh a cuid filíochta á léamh aici ag Féile Imram agus ag Oíche an Chultúir i mBaile Átha Cliath mí Mheán Fómhair.

Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
Crainn ag luascadh sa ghaoth ar chúl an tí, cuireadh siad chun suaimhnis i gcónaí mé. Agus boladh an adhmaid nuair a cuireadh staighre nua isteach sa tigh mí Mheán Fómhair nuair a bhíos trí bliana d’aois.

Ar léigh tú mórán filíochta nuair a bhí tú i do ghirseach?
Léas mórán rudaí, filíocht ina measc. Leabhair Ghaeilge amháin a léadh mo thuismitheoirí dom agus is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach saothar taitneamhach a sholáthar do pháistí as Gaeilge.

Cén cineál leabhar a bhíonn á léamh agat anois?
Gach aon saghas, úrscéalta den chuid is mó. Léim leabhair as Fraincis anois is arís ionas nach ndéanfad dearmad ar an teanga (chaitheas fada go leor á foghlaim!)

Cén leabhar a chríochnaigh tú le déanaí?
“La Vie Devant Soi” le Romain Gary, scéal gleoite. “An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire” le Biddy Jenkinson, leabhar thar a bheith taitneamhach. Dheineas “The Bell Jar” le Sylvia Plath a athléamh le déanaí agus bhí sé níb' fhearr ná mo chuimhne.

Cé hé/ hí an file is fearr, dar leat? Cén fáth?
Brathann san ar an ngiúmar atá orm. Léim filí INNTI go rialta ach téim siar ar na Dánta Grádha agus Aogán Ó Rathaile chomh maith chun iontas a dhéanamh dá réimse teangan. Aontaím leo siúd a deir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh tuiscint ag scríbhneoir ar thraidisiún liteartha na teanga ina bhfuil sé/sí ag scríobh. Ní hionann san is a rá nach féidir rud úrnua a chruthú ach é a bheith déanta go tuisceanach.

An gcuirfeá comhairle a leasa ar dhuine atá ag scríobh filíochta den chéad uair?
Tosnaigh anois is ná stop! Táid ann a bhíonn ag caint ar do 'ghuth' féin a aimsiú mar scríbhneoir ach ní aimseoidh tú san gan ualach raiméise a scríobh ar dtús. Tá seafóid fós á scríobh agamsa ach táim ag dul i dtaithí ar an dríodar a aithint ón bhfilíocht anois.

Cén t-am den lá a thosaíonn tú ag scríobh go hiondúil - maidin nó oíche?
Tagann an fhilíocht ist'oíche is cuirim slacht uirthi ar maidin.

An gceapann tú go bhfuil do phearsantacht féin le feiceáil i do chuid filíochta?
Is dócha go bhfuil cuid éigin dem' phearsantacht sa bhfilíocht a scríobhaim ach is tréithe iad a bhaineann linn ar fad: an chuid chiúin, leochailleach sin, nó an chuid a bhrathann ar chomhbhá le daoine, nó dorchacht anaithnid éigin. Tá domhan inmheánach againn go léir. Iarracht atá san fhilíocht friotal a chur ní hamháin air sin ach ar an domhan farainn chomh maith, nó b'fhéidir teacht ar réiteach idir an dá dhomhan.

An mbíonn tú ag scríobh go rialta nó an bhfanann tú go dtí go mbíonn fonn ort?
Bíonn tréimhsí ann nuair a bhím ag scríobh go rialta ach den chuid is mó, breacaim smaoineamh nó líne síos agus chím cad a leanann san.

Ar mhaith leat scéal do bheatha a fheiceáil i bhfoirm leabhair nuair a bheidh tú níos sine?
Níor mhaith!

An gcasann tú ceol?
Seinnim an fheadóg mhór is an consairtín. Nuair a bhíos ar an meánscoil, sheinninn an giotár le cailín eile - saghas acoustic punk a thabharfá air mar genre! Kitt an t-ainm a bhí orainn, cosúil leis an gcarr in Knight Rider. Ba mhór an spórt é; is dócha go rabhamar go hainnis ...

Céard é an ceol is fearr leat?
Bhíos ag cur fúm in Harlem anuraidh agus d'fhoghlaimíos mórán faoin snagcheol. Théinn chuig cúpla club sa cheantar agus b'aoibhinn liom a bheith ag éisteacht leis an gceol beo. Is breá liom ceol traidisiúnta freisin. Thaithníodh ceol rac liom tráth den saol ach tá formhór den chuid a eisítear inniu thar a bheith leamh. Eisceacht is ea The Arcade Fire ach ní thabharfainn ceol rac air sin. I measc na gceoltóirí a chothaíonn mé ar bhonn laethúil tá Nina Simone, Joni Mitchell, Ani diFranco, Leonard Cohen, Martha Wainwright, Tom Waits, Django Reinhart, Kíla, Miles Davis....

Ar fhreastail tú ar cheardlann filíochta riamh? An raibh tú i mbun ceardlainne riamh tú féin?
Ní rabhas riamh i mbun ceardlainne mé féin ach, nuair a bhím in Éirinn, bím ag freastal ar cheardlanna le Pádraig Ó Snodaigh, Pádraig Mac Fhearghusa agus Mícheál Ó Ruairc. Agus, dar ndóigh, bhíos i láthair ag an gceardlann iontach a dhein an cumann s'againne a reachtáil le déanaí! Gabriel Rosenstock a bhí ina bun agus ba mhór an chabhair tuairimí a mhalartú lena chéile. Is mór an tacaíocht atá ar fáil ó lucht na Gaeilge don scríbhneoir óg.

Cá dtéann tú ar saoire?
Costa del Ciarraí... Ní rabhas ar saoire le stáir ach bím thar lear go minic. Chuas ar Erasmus go Rennes, ansan tar éis na céime, bhíos ag teagasc in Bordeaux. I ndiaidh an MA, chuas ag múineadh Gaeilge i Nua Eabhrac; thángas abhaile go hÉirinn i lár an "tsamhraidh”. Is breá liom go bhfuil na deiseanna seo go léir ag lucht na Gaeilge dul timpeall na cruinne, go háirithe leis an Fulbright. Táim ag dul ar ais go Nua Eabhrac ar feadh coicíse ag múineadh le Daltaí na Gaeilge - an dtabharfá saoire air sin?

Cad é an caitheamh aimsire atá agat?
Chaitheas mórán den samhradh seo i gCiarraí agus théinn ag snámh ag Banna nó sa bhFianait go rialta. Murach an aimsir, bheinn tar éis tabhairt faoi na sléibhte agus na cnoic níos mó ach níl aon leigheas ar sin. Is maith liom cócaireacht a dhéanamh leis, nuair a bhuaileann an fonn! Ar ndóigh, is breá liom ceol. Is maith liom fíon dearg ach ní tharraingíonn sé go maith leis an gcaitheamh aimsire eile atá agam: Guinness. An t-am a mheilt i dteannta mo chairde is ea an caitheamh aimsire is fearr liom.


Nuair a bhíonn tú faoi bhrú, céard a dhéanann tú chun do strus a mhaolú?

Is maith liom leigheas malartach agus bím féin ag plé le Reiki agus leis na húscraí bláthanna ar nós Bach. Má táim ag imeacht le craobhacha ar fad ar fad, téim chuig duine éigin i gcomhair seisiún Reiki nó snáthaidphollta.

An imríonn tú spórt?
Seachas dul ag snámh is ag siúl, ní imrím faic.

An ligeann tú scairt asat anois agus arís?
Ní ligim, scríobhaim dán.

Cé hé nó hí an bleachtaire is fearr leat?
Columbo agus an Duinníneach.

An duine fiosrach tú féin?
Ní dóigh liom é. Táim róphríobháideach le bheith fiosrach.

An bhfuil ainmhithe agat?
Níl

An bhfuil spéis agat i gcúrsaí polaitíochta?
Tá. Ba mhór an spórt a bheith i Meirceá le linn na dtoghcán tosaigh. Bhí spleodar faoin bpolaitíocht. Bhraitheas go raibh -is go bhfuil - fíorghluaiseacht ar siúl thart ar Obama. Nuair a bhíos in Bordeaux bhí Sarkozy i gcoinne Ségolene Royale. Bhí díomá orm gur toghadh Sarko. Ní raibh cúrsaí polaitíochta in Éirinn chomh spreagúil lem' chuimhne.

Cad a thagann idir tusa agus codladh na hoíche?
Dearbhán nár úsáideadh
Seic nár lóisteálas
Fineáil leabharlainne ag méadú
Buafhocal im' bhéal.

An bhfuil dán á scríobh agat faoi láthair?
Táim ag scríobh dáin do bheirt chara liom atá ag pósadh.

Cá háit ar mhaith leat a bheith i gceann deich mbliana?
Cois farraige, áit ar bith ar an gcósta thiar.

3 comments:

  1. A Ailbhe, cathain a bheidh an cnuasach á fhoilsiú? An scríobhann tú aon cheo eile seachas filíocht ? An gcuireann na luathiarrachtaí filíochta a dhein tú náire ort anois nuair a léann tú iad?

    ReplyDelete
  2. A hannonymous, a chara anaithid,
    beidh an cnuasach ag teacht amach go luath sa bhFómhair; táim ag súil go mbeidh sé ar díol ag féile Imram.

    Tá giotaí drámaí, gearrscéalta is fiú gearrscannán scríofa agam ach tá a bhformhór gan chríoch, gan snas, gan dealramh!

    Is fíor go gcuireann na luathiarrachtaí scríbhneoireachta náire orm. Ní hionann an duine a scrígh iad is an duine atá ionam anois. Ach b'fhéidir go bhfuil fiúntas éigin sna dánta úd dar le léitheoir éigin. Nuair a bhíos ag obair ar an gcnuasach, bhíos ana-chúramach is mé ag roghnú saothar. San ráite, táim cinnte laistigh de roinnt blianta, bead dearg san aghaidh á léamh...

    ReplyDelete
  3. Comhghairdeas, a Ailbhe.
    Ag súil go mór leis an chnuasach a léamh.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.