12.8.08

Ainm an Chumainn


Tá sé thar am dúinn ainm gearr agus oiriúnach a roghnú don chumann s’againne, seachas ‘CSOUG’! Má tá aon mholadh agat, breac síos anseo é agus mínigh é más gá.

17 comments:

  1. wala pulos imo blog.

    ReplyDelete
  2. Céard faoi "Saorbhriathra"?? Ní féidir litríocht a chumadh gan “briathra” ach ba mhaith linn saoirse a bheith againn chun an litríocht a chruthú ar ár mbealach féin!

    ReplyDelete
  3. An Briathar Saor b'fhéidir

    ReplyDelete
  4. caithfidh mise a rá gur thaithin "léithéidí" liom mar ainm...n'fheadair cad a cheapann aon duine eile?

    ReplyDelete
  5. Is maith liomsa “leithéidí” freisin. Tá sé láidir mar ainm.

    ReplyDelete
  6. Is maith liomsa "Leithéidí" mar ainm ar an gCumann. Smaoineamh a bhí agam ná "Bun an Mhála" ach b'fhéidir go bhfuil sé sin saghas débhríoch. Ciallaíonn sé an leanbh deireanach i gclann mhór i measc rudaí eile.

    Aon tuairimí eile agaibh?

    ReplyDelete
  7. Seoladh cúpla smaoineamh chugam inniu:

    Cumann na nÚrscríbhneoirí / Úrscríbhneoirí na Gaeilge / Na Scríbhneóirí Úra

    Céard a mheasann sibh?

    ReplyDelete
  8. Sílm go bhfuil na moltaí sin rófhada arís má ghlactar leis go raibh an ainm a bhí (agus atá!) ar an gcumann rófhada. táim cinnte go dtiocfaidh smaoineamh nó dhó eile chun cinn

    ReplyDelete
  9. Seoladh moladh eile chugam inné. “Baicle” atá ann. Ciallaíonn sé grúpa. Céard a cheapann sibh?

    ReplyDelete
  10. Ni doigh liom go bhfuil baicle go maith mar ni chuireann sé aon rud in iul maidir le scríbhneoireacht dar liom. Baicle, scata, grupa no aon ainm eile mar sin d'fheadfai gur baicle muca no muinteoirí ata i gceist

    ReplyDelete
  11. an bhfuil aon cinneadh déanta agaibh maidir leis an ainm go fóill?

    ReplyDelete
  12. Ceard faoi na muca ciúine?

    nó I.S. iarscríbhinn atá i gceist agam anseo

    nó peannadol : panadol a thugann leigheas nó faoiseamh ar an dtinneas cinn scríbhneoireachta!

    nó ABú (bunaithe ar anything but united) aon barúil úr nó rud éigean mar sin

    nó breischéim

    nó cábún!

    ReplyDelete
  13. Is cinnte go mbeidh orainn cinneadh go luath ach an bhfuil aon mholadh eile ag einne idir an da linn?

    ReplyDelete
  14. Dríodar an chruiscín

    DORUS FEASA

    ReplyDelete
  15. Bheul, cad atá socraithe agaibh mar ainm ar an chumann nó an bhfuil aon rud socraithe nó an bhfuil cinneadh déanta go fóill?

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.