31.8.08

Aistriúchán ar dhán le Gabriel Rosenstock. Muiris Ó Meara

Fánaí

A scamaill, a fhánaí,
tús aistir níorbh eol duitse riamh
ná ceann scríbe
ar fán
ach ní ar strae
cén spéir
ar spéir an doichill duitse í
nuair a stopann tú, seal,
chun páirt bheag a ghlacadh
i bhfochraí nó i gcróntráth an lae?

Wayfarer

This child cloud
whose orbits know neither alpha
nor omega
whose wandering
never strays
How could heaven
ever become your limbo
as you pause, just a while,
to sip the morning's or
evening's dew.

6 comments:

  1. Dála an scéil mheasas go mb'fhéidir go raibh rud amháin a bhí suimiúl faoin dán seo a aistriú. Is beag duine nár chuala

    "I wandered lonely as a cloud..." Wordsworth

    agus nuair a mheabhraítear san tá dúshlán nach beag leis an gcéadlíne anseo a aistriú .i. an cliché san a sheachaint.

    Nílim ag rá go bhfuilim tar éis teacht timpeall ar an bhfadhb san mar ní dócha go bhfuil 'wayfarer' iomlán sásúil ach mheasas go raibh sé suimiúl agus seans go mbhfuil moltaí agaibh fhéin más suim libh iad a thabhairt.

    ReplyDelete
  2. Is breá liom "whose orbits know neither alpha / nor omega" mar aistriú ar thús aistir is ceann scríbe ...

    ReplyDelete
  3. A Ailbhe 'péacach' gan pheaca,

    chespas go mbeifeá amuigh ar shráideann Nua eabhrach seachas ag féachaint ar an mblag seo!

    Cad a cheapann tú faoin gcuid eile den ndán nó an dóigh leat go ndeachaíos ró-fhada ón dán san aistriúchán?

    ReplyDelete
  4. Sea, Mhuis, thaithin an piosa san go mór liomsa chomh maith, tá beagáinin des na metaphysical poets ag baint leis.Is dócha gurb é an bun-dhán is fearr den gceathrar a thugais futhu leis.

    ReplyDelete
  5. Is beag mo thuiscint féin ar chúrsaí aistriúcháin mar sin n'fheadar an bhféadfá just "to sip the morning or / evening dew" a rá..?

    Ní dóigh liom go ndeachaigh tú thar fóir, a Mhuiris. Éiríonn go hana-mhaith le do leagansa. Tá ana-Bhéarla agat, bail ó Dhia ort :)

    Thángas abhaile inné, ochón, ach beidh fuílleach ama agam le bheith ag plé leis an mblag!

    ReplyDelete
  6. Wow, bhí an t-aistriúchán sin iontach. Léim an chéad trí líne amach orm agus bhuail siad mé sa chloigeann. Maith thú!
    Tagaim leis an méid a dúirt Ailbhe faoin 'morning or evening dew'.
    Tá an-scil agat, a Mhuiris!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.