16.8.08

An Blag

Ba dheas an rud é bhur gcuid dtuairimí a fháil ar an mblag áirithe seo nó cad chuige an blag s'againne in aon chor dar libh???

An cóir dúinn fógraí a bheith againn ar an mblag faoi mar a bhíodh roimhe seo nó cén saghas ábhair ba chóir dúinn a bheith againn mar ábhar don mblag?? An cóir dúinn fáil réidh leis na fógraí a bhíodh againn go dtí seo ar an mblag nó an bhfuil feidhm nó tábhacht ar bith ag baint leo??? Agus má tá feidhm nó tábhacht leo, cén feidhm í sin go díreach?

Maidir le forbairt an bhlaig an bhfuil aon tuairim agaibh conas a d'fhéadfaí an blag a fhorbairt nó
an bhfuil aon smaointe agaibh ar dóigh libh iad a bheith oiriúnach chuige seo?? Bheadh sé ina chuidiú mór dá bhféadfaimis teacht ar cúpla smaoineamh nua chun slacht a chur ar an mblag ionas go mbeadh sé tarraingteach do léitheoirí eile seachas baill an chumainn agus ábhar ann arbh fhiú dúinn uile é a léamh go riallta.

Más ea an bhfuil aon tuairimí agaibh a bheadh ina chabhair againn chun an blag a fhorbairt?? Agus cad iad na nithe nach fiú dúinn leanúint leo a thuilleadh???

Maidir leis na fógraí a bhíodh againn go dtí seo sílim go bhfuil tábhacht áirithe leo mar deineann siad an blag tarraigteach don té a thagann ag triall ar an mblag an chéad uair mar ar a laghad bíonn ábhar léitheoireachta acu. Chomh maith le sin sílim go raibh cuid de na fógraí úsáideach chun na scríbhneoirí eile a chur ar an eolas faoi imeachtaí, comórtaisí &rl.

Cad a cheapann sibh féin????

8 comments:

  1. 1) Téir bog ar na comharthaí ceiste!
    2) Tá meascán deas agaibh, coinnigh oraibh.
    3) Nuair atá mír le scríobhnóir Óg nó Úr a fhoilsiú agaibh, bheadh sé go deas ainm an té sin a bheith ann seachas an síniú "Scríobhnóir Óg". Nó ar a laghad ainm cleite ar leith.

    ReplyDelete
  2. maith thú a Aonghuis agus míle buíoschas

    ReplyDelete
  3. maith thú a Aonghuis agus míle buíoschas

    ReplyDelete
  4. Shil mé gur ainm cleite ar leith a bhí sa 'Scríbhneoir Óg' ach b'fheidir go bhfuil mé mí-cheart. Ar aon nós is maith an rud é dar liom go mbeadh an blag ag dul ar aghaidh an chaoi ina bhfuil sé. Tá meascán deas de saothar agus fograí ann faoi lathair agus sin an caoi a cheart dó fanacht

    ReplyDelete
  5. Ceapaim go bhfuil na fógraí tábhachtach mar ní bheinn ar an eolas faoi imeachtaí scríbhneoireachta sa Ghaeilge murach iad. Ach tá éagsúlacht ag teastáil freisin. Is maith liom an fhilíocht agus scéalta cosúil le “Bréag” ach ba bhreá liom níos mó a léamh!!

    ReplyDelete
  6. Is gá na fógraí agus is fearr go deo saothar na scríbhneoirí a léamh ...

    ReplyDelete
  7. Níl dóthain scríbhneoireachta le feiceáil ar an mblog seo agus ba cheart go mbeadh sin le feiceáil ar ndóigh

    ReplyDelete
  8. This is a very nice and interesting post which convey lot of useful information about SEO.Search engine optimization(SEO) is the most cost effective form of website advertising with a low cost-per-acquisition (CPA) and high return on investment(ROI). Studies have shown that dollar for dollar, SEO is the best form of advertising… online and offline.
    -------------------
    lauran
    SEO

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.