12.8.08

Club Leabhar an Chumainn


Tá sé ar intinn againn leabhair na mball a léamh agus anailís a dhéanamh orthu as seo amach - leabhar nua gach dara mí. Tosóimid le An Tairiscint scríofa ag Proinsias Mac a'Bhaird agus pléifimid an leabhar ar an mblag. Más spéis leat páirt a ghlacadh ann, beidh ort cóip den leabhar a fháil. Mura mbeidh tú i Siopa Leabhar, téigh chuig www.litriocht.com/

5 comments:

  1. Cheannaigh me an leabhar seo inné i siopa an Chonartha agus nil ach cóip amháin eile fágtha ar an tseilf acu

    ReplyDelete
  2. Hmm! Níl sé sin sásúil. Is maith an rud é gur chuir tú ar an eolas muid. Beidh orainn ordú a chur isteach nó dul chuig www.litriocht.com An féidir an leabhar a cheannach i siopaí ar nós Easons?

    ReplyDelete
  3. déarfainn gurb é an tá is fearr chun na ceiste san a fhreagairt ná Proinsias .....má tá sé ag éisteacht
    ????

    ReplyDelete
  4. Bhí mé ag smaoineamh faoin chlub leabhair. Comh fada agus go bhfuil muid ar fad ar MSN ag an am céanna is féidir linn ar fad a bheith sa chomhrá céanna. B'fhéidir go fiú steadair a dhéanamh air sin

    ReplyDelete
  5. Is maith an smaoineamh MSN a úsáid ach caithfear cuimhneamh go bhfuil gach duine againn gnóthach le rudaí éagsúla ag uaireanta éagsúla ... B'fhéidir go mbeadh sé níos fusa díreach ár gcuid tuairimí a scríobh in airde ar an mblag. Ag súil go mór le leabhar Phrionsias a léamh!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.