29.9.08

Féile Leabhair Pháistí Éireann



Beidh Féile Leabhair Pháistí Éireann (CBI) ar siúl an mhí seo chugainn agus beidh baill den chumann a scríobhann leabhair do pháistí páirteach ann.

Beidh Laoise Ní Chomhraí, údar Ag Taisteal le Tarlach sa tSeapáin, ag léamh i gCo. na Mí agus i Maigh Eo; beidh Eithne Ní Ghallchobhair, údar Dhá Chluas Chapaill ar Labhraí Loinseach agus Cóisir sa Choill, ag léamh i gCill Charthaigh agus beidh Meadhbh Ní Eadhra ag léamh freisin (agus ar an ábhar sin, comhghairdeachas le Meadhbh óir tá a leabhar nua Fáinne Fí Fífí ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló san Oireachtas)

Eolas sa bhreis ó: http://www.childrensbooksireland.com/

Cead Cainte sa Chorr Dhubh

Bheadh míle fáilte roimh na scríbhneoirí úra a gcuid saothar a léamh ag Lá Gaeilge i mBaile Bhlainséir Dé Sathairn, an 4ú Deireadh Fómhair óna 5 i.n. ar aghaidh. Tá iliomad imeachtaí ar siúl i rith an lae agus beidh slua maith i láthair - féachaigí ar  ionad.org/ceadcainte/  

Má tá éinne agaibh saor De Sathairn, tá súil agam go bhfeicfear ann sibh!

28.9.08

Comhdháil


OLLSCOIL LUIMNIGH COLÁISTE MHUIRE GAN SMÁL
DÁIL THUAMHAN SAĺOCHT agus TEANGA NA GAEILGE Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach 13 & 14 Feabhra 2009

Fáilte ar leith roimh iarchéimithe

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo páipéar a léamh ag an nDáil teideal an pháipéir a sheoladh ROIMH Luan, 1ú de Mhí na Nollag, 2008 chuig Rúnaí na Dála, Liam Mac Peaircín. Socrófar an clár de réir na n-iarratas a gheofar roimh an lá sin agus cuirfear cách ar an eolas. 20 nóiméad ar a mhéid is ea fad an pháipéir.

Cuirtear gach comhfhreagras chuig Rúnaí na Dála: Liam Mac Peaircín Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.

Guthán: 353-61-204969

25.9.08

Go dTaga do Ríocht






Beidh dráma Mhicheál Uí Chonghaile- Go dTaga do Ríocht -á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe in Amharclann Smock Alley i mBarra an Teampaill, BÁC ón Déardaoin 2ú Deireadh Fomhair go dtí 4ú Deireadh Fomhair 2008.

Teacht in inmhe Jimí, mac le Patrickín, atá mar mhír lárnach an scéil seo. Is Finné Iáivé é Patrickín agus tá a shaol tugtha go huile agus go hiomlán do scaipeadh an tsoiscéil. Cuireann creideamh a athar olc ar Jimí, áfach, ach tá faoiseamh éigin i ndán dó nuair a thosaíonn sé ag obair mar chúntóir ar chúrsa samhraidh Gaeilge. Is ansin a chastar Keith air, fear óg as Baile Átha Cliath a bhfuil suaimhneas intinne agus anama aimsithe aige i gConamara agus é faoi dhraíocht ag an gcultúr agus ag amhráin sean-nóis Johnny Bháin, uncail le Patrickín. Tá Kate, máthair Phatrickín, tagtha abhaile ar cuairt agus rún aici síocháin a dhéanamh idir í féin agus a mac, ach ní furasta ualach na croise atá á hiompar acu beirt le blianta fada a chur díobh. Lámh láidir an chreidimh atá lárnach sa bhriseadh croí seo uilig, agus ní hí an ghlúin seo amháin atá thíos leis. Agus Jimí ag teacht ar thuiscint níos fearr air féin agus ar na tionchair éagsúla a mhúnlaigh a shaol, tuigtear don lucht féachana an chumhacht mhillteach atá ag an gcreideamh, ar féidir leis an grá, an muintearas agus a thoil a cheilt ar dhuine.


Deir Míchéal féin faoin dráma:
"Dráma faoi chreideamh é seo, nó faoi chreideamh den chuid is mó. Ach ní dráma faoi aon chreideamh amháin faoi leith é, áfach, ach dráma faoi gach creideamh, is cuma cé a chum nó a cheap cibé creideamh a bhíonn i gceist. Óir, mar a deir carachtar amháin sa dráma, 'an bhfuil creideamh éicint ann nach bhfuil an chumadóireacht ina horlaí tríd?'. Feictear mar a chuaigh an creideamh i bhfeidhm ar an duine sa stair agus mar a théann sa lá atá inniu ann, ar ghreim cúil an chreidimh, ar laincisí, croimeasc is adhastar an chreidimh, ar shólás is ar dhólás an chreidimh, ar pháis, ar phian is ar shlánú an chreidimh."

Is é seo an tríú dráma de thriológ Uí Chonghaile; ba iad Cúigear Chonamara agus Jude an dá dhráma eile. Cliar den chéad scoth atá curtha le chéile ag an stiúrthóir, Brendan Murray, don dráma – Seán Ó Coistealbha, Pádraic Ó Tuairisg, Peadar Ó Treasaigh, Mairéad Ní Ghallchóir agus Shaun Dunne.
Beidh Go dTaga do Ríocht á léiriú in Amharclann Smock Alley, Exchange St. Lower, Barra an Teampaill, B.Á.C ó Déardaoin 2ú Deireadh Fomhair go Dé Sathairn 4ú Deireadh Fomhair ag 8.00 i.n. Beidh matinee ar an Déardaoin agus Aoine ag 2.00 i.n. Is féidir ticéid a chur in áirithe agus tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Áine Ní Chuaig i dTaibhdhearc na Gaillimhe (091) 562024.
Go dTaga do Ríocht
Le Micheál Ó Conghaile
in Amharclann Smock Alley,
Exchange St. Lower, Barra an Teampaill, B.Á.C
2 Deireadh Fomhair – 4 Deireadh Fomhair ag a 8.00 i.n.
Ticéidí: €15 / €10 / €8 (ráta do ghrúpaí)

24.9.08

Ceardlann scríbhneoireachta!

Tá Cló Iar-Chonnachta, i gcomhar le Bord na Leabhar Gaeilge/Foras na Gaeilge, ag reáchtáil ceardlann náisiúnta do scríbhneoirí próis i gConamara idir an 14–16 de Shamhain.

Beidh an cheardlann dírithe ar scríbhneoirí óga/nua den chuid is mó, nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin, áfach, do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leas na scríbhneoirí óga/nua.

Tugtar cuireadh, mar sin, do scríbhneoirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar, gearrscéal nó mír as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh), a sheoladh chuig Eagarthóir Litríochta Chló Iar-Chonnachta chun iad a mheas. Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeadh deis acu iad a léamh roimhe. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sna ceardlanna, agus foghlaim ó scríbhneoirí eile chun barr feabhais a chur ar a saothar féin.

Ceardlann deireadh seachtaine i nGaeltacht Chonamara a bheidh i gceist. Cuirfear lóistín agus béilí ar fáil do na hiarrthóirí a roghnófar, ach beidh siad freagrach as a gcuid costas taistil féin.

Sprioclá d'iarratais: 31 Deireadh Fómhair 2008

Stiúrthóirí na Ceardlainne
Éilís Ní Dhuibhne
Is as Baile Átha Cliath d'Éilís Ní Dhuibhne. Tá úrscéalta, gearrscéalta agus drámaí scríofa aici, i mBéarla agus i nGaeilge. Ar na húrscéalta atá scríofa aici tá, Hurlamboc (2006) agus Cailíní Beaga Ghleann na mBláth (2003). Is é an t-úrscéal, Dún an Airgid (2008), an saothar Gaeilge is déanaí uaithi.

Micheál Ó Conghaile
Is as Ceantar na nOileán i gConamara do Mhicheál Ó Conghaile. Tá filíocht, gearr-scéalta, úrscéal agus drámaí scríofa aige mar aon le haistriúcháin. Sa bhliain 1985 bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta. Is iad Jude (2007), The Connemara Five (2006), agus Go dTaga do Ríocht (2008), trí dhráma, na saothair is déanaí uaidh.

Má tá suim agat bheith páirteach ann, seol isteach an fhoirm iarratais agus í comhlíonta, mar aon leis an mír shamplach scríbhneoireachta, roimh 31 Deireadh Fómhair sa phost chuig:

An tEagarthóir Cúnta Litríochta, Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe,nó ar ríomhphost chuig: donall@cic.ie

Tuilleadh eolais:Dónall Mac MurchaidhCló Iar-ChonnachtaIndreabhánConamaraCo. na GaillimheGuthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: donall@cic.ie
Nó féach sa suíomh idirlíon www.cic.ie

Seoladh Blaiseadh Pinn

Tógadh an grianghraf seo ag seoladh Blaiseadh Pinn sa Winding Stair Bookshop aréir. Ba mhaith leis an gcumann buíochas a ghabháil le Seán Ó Cearnaigh (Cois Life), Liam Carson (IMRAM) agus an Dr. Máirín Nic Eoin (aoichainteoir na hoíche) chomh maith le foireann an Winding Stair Bookshop. Ó chlé: Majella McDonnell; Ríona Nic Congáil; Seán Ó Cearnaigh; Liam Carson; Scott de Buitléir; Caitríona Ní Chléircín; Máirín Nic Eoin

23.9.08

Dánta Cathracha

Caitríona Ní Chléirchín

Dánta Cathracha

Ciúnas na Cathrach

Tá an chathair ag lonrú
Amuigh ansin
Sa dorchadas
I bhfad uainn
Ag criostalú.

Ní-ná-ní-ná-ní-ná
I bhfad uainn.

Féachaim amach san oíche
Ag iarraidh teacht a fhad leat
Is tá sé fuar fuar fuar.


Nóiméad ar maidin

Boladh na hiarnála
Ar maidin, i d’árasán
I gcé Hanover.

Tusa, i do sheasamh ansin ag an mbord
ag smúdáil
do léine glan, don obair
Is mé ag amharc ort.

Gluaiseann an t-iarann go mall
thar an éadach
is dírítear gach roc ann.

Tá súil agam
go mbeidh
rudaí eadrainn
chomh réidh sin, a stór.

Café Java Eanáir 2008

Tá muid ciúin, a stór
Ar maidin,
Ag bricfeasta
I gCafé Java.

Léann tú an páipéar
Is doirtim an tae.

Tagann corrfhocal
Corrcheist.
Bímid ag gáire
Faoi rud inteacht.

Ón fhuinneog, feicimid
An cruth ata ar an lá
Is an ghaoth ag bogadh
Ar an uisce

Mar thuar ar a bhfuil
Romhainn.

22.9.08

Oíche an Chultúir 2008


Seo grianghraf de scríbhneoirí úra na Gaeilge agus an Bhéarla le linn Oíche an Chultúir. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath agus le hAlastair Smeaton ach go háirithe.

21.9.08

Saothar na mBall




Tréaslaíonn Cumann na Scríbhneoirí Úra le hAilbhe Ní Ghearbhuigh agus Simon Ó Faoláin. Seoladh Péacadh, cnuasach filíochta Ailbhe an tseachtain seo caite, chomh maith le Anam Mhadra ó pheann Simon.

Seoladh Blaiseadh Pinn

Foilseoidh Cois Life Blaiseadh Pinn an chéad díolaim de shaothar bhaill an chumainn seo ar an Mairt, 23 Meán Fómhair, 6.30pm sa Winding Stair Bookshop i mBaile Átha Cliath agus beidh an Dr. Máirín Nic Eoin i láthair chun Blaiseadh Pinn a sheoladh.
Tá an fhilíocht chomhaimseartha agus gearrscéalta mar chuid lárnach den bhlaiseadh seo cumtha ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Scott de Buitléir, Caitríona Ní Chléircín, Deirdre Ní Chonghaile, Simon Ó Faoláin, Majella McDonnell agus Muiris Ó Meara.

Bígí ann!

20.9.08

Comhghairdeachas!


Comhghairdeachas ó chroí le baill an chumainn a ghlac páirt in imeachtaí oíche an chultúir aréir. Bhí Ailbhe Ní Ghearbhaigh, Caitríona Ní Chléirchín, Laoise Ní Chomhraí, Majella McDonnell, Ríona Nic Congáil, Ruth Nic Giolla Iasachta agus Scott de Buitléir ina measc, chomh maith le mic léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing i gColáiste na Tríonóide. Bhí an-oíche acu!

19.9.08

Agallamh Na Míosa

Simon Ó Faoláin faoi agallamh ag Majella McDonnell

Rugadh Simon Ó Faoláin i mBaile Atha Cliath, ach tógadh in Iarthar Dhuibhneach é. Seandálaí gairmiúil is ea é, agus tá cúpla leabhar seandálaíochta scríofa nó comhscríofa aige. Tá tréimhsí caite aige i nGaillimh, sa Bhreatain Bheag, ar Oileán Acla agus i gCorcaigh, ach tá sé lonnaithe anois in Iarthar Dhuibhneach arís. Díreach an Satharn seo caite, seoladh an leabhar deireanach filíochta leis, Anam Mhadra ... agus comhghairdeachas mór leis as sin!


1. Cad as duit?
Rugadh mé i mBaile Átha Cliath agus bhíos ann go rabhas tuairim is seacht mbliain d’aois nuair a bhogamar síos go Chorca Dhuibhne.

2. Cad í an chuimhne is faide siar atá agat ó laethanta d'óige?
N’fheadar. An rud is sia siar gur féidir liom dáta a chur leis ná lá baiste mo dhriotháir nuair a bhíos féinig trí bhliain d’aois. Seans go bhfuil chuid dem’ chuimhní níos sine ná san ach n’fhéadfann a rá.

3. An raibh múinteoir scoile agat a chuaigh go mór i bhfeidhm ort ag pointe ar bith?
Bhí cuid agu maith, cuid acu olc, sciar mhaith den dá dream b’alcólaigh iad. Ní dóigh liom gur dhéanadar aon cheann acu mo bheatha a mhúnlú ar aon slí suaithinseach.

4. Cén chaoi ar chuir tú spéis san fhilíocht?
Bhí suim agam riamh ann, ach gan aon nós dáiríre agam tabhairt fé. Thiteas isteach ann de thaisme agus táim i súil ribe ann feasta, ní foláir.

5. Cé hé nó hí an file is fearr leat i dteanga na Gaeilge?
Ní féidir liom ceann amháin a lua. I measc iadsan gur mhaith liom [gan aon ord orthu]: Seán Clárach Mac Dónaill, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Gréagóir Ó Dúill, Aogán Ó Rathaille, Eoghan Rua Ó Súilleabhán, Eibhlín Dhubh Ní Chonaill, Séamas Dall Mac Cuarta, Mícheál Ó hAirtnéide, Pádraig de Brún [dá aistriúchán den Odaisé] Tomás Mac Siomóin agus a thuilleadh eile nach iad.

6. Céard a tharraingíonn i dtreo na filíochta tú seachas foirmeacha eile scríbhneoireachta?
Gontacht, indíreacht, céard, oiriúint, agus rudaí eile nach iad nach bhféadfann mo mhéar a leagadh orthu.

7. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine ag scríobh filíochta den chéad uair?
Bí craosach ag léamh méid abhalmhór den teanga a mbeir ag úsáid chun scríobh. Tá sé seo níos tabhachtaí ó thaobh na Gaolainne mar is beag duine a bhféadfadh a bheith báite ann in Éireann sa lá inniumh, faraor. Caithfidh scríobh agus léamh dul ar aigheadh lena chéile i gconaí nó tá fuar agat!

8. Cá bhfaca tú do chuid saothair i gcló den chéad uair?
I Feasta. Bhí sé umm…am éigint i 2001 nó 2002 is dócha. Dán darbh ainm dó Dianseanchas.

9. I measc do chuid dánta, an bhfuil ceann ar bith a sheasann amach duit féin? Má tá, cén téama atá bainteach leis?
Bhuel, bíonn, ach aithríonn sé ó am go chéile. Ní luafaidh mé ceann anso mar is dócha go mbeidh an scéal aithruithe fén am a dtéann seo ar an mblag!

10. Cén áit is mó a fhaigheann tú inspioráid le haghaidh do chuid scríbhneoireachta?
Táim sean-fhaiseanta den méid is gur minic a dtagann smaoineamh maith chugham ar cnoc. Geobham ionspioráid ó rudaí a léim chomh maith, níos minice ó fíorscéalta ná ficsean.

11. An gcasann tú ceol?
Canaim cuid mhaith – sean-nós agus amhráin traidisiúnta i mBéarla leis. Chleachtas an ngiotar clasaiceach nuair a bhíos im’ dhéagóir agus im fichidí ach scoireas uaidh toisc gur bhraitheas ná rabhas ag tabhairt an am cuí dó.

12. Céard é an scannán is mó a chuaigh i gcion ort go dtí seo?
N’fheadar, ní thagann aon ceann chugham. Is dócha nach duine mór scannáin mé chomh fada is cé go mbainim sult astu agus glacaim leo [nó cuid acu ar aon nós] mar ealaín, is níos mó de mheilt aimsire iad domsa nuair atá mo chloigeann traochta. Lorgaim scamhard intinne i leabhartha nó ceol don gcuid is mó.

13. Cén t-aisteoir Hollywood a roghnófá chun scéal do bheatha a léiriú ar an scáileán mór?
Hmm… Cé a dhéanainn guth an Diabhal Tasmánach sna chartúnacha?

14. Cá dtéann tú ar saoire?
Bhíos sa Tuirc agus i gCuba le bliain anuas. Níl aon áit a mbím ag trialladh thar n-ais ann go minic, seachas b’fhéidir Albain. Tá rud ar leith fé Albain, tá an áilleacht chomh mhealltach ach tá an sochaí lúbtha chomh fada san as a riocht ag forsaí na staire [ní luaim aon dream nó cine anso tás agat, ní bheadh sé PC].

15. Céard é an rud is fearr/is fuath leat faoin tír seo?
B’fhearr liom gan dul ann…

16. Cén t-údar is mó a thaitníonn leat sa Bhéarla?
Aríst gan ord ná cuimsitheacht. Filíocht – W.B. Yeats, Ted Hughes, R.S. Thomas, Wilfred Owen, Siegfried Sassoon, Gwyneth Lewis, Paddy Bushe. Prós – Brian Ó Nualláin, Alastair McLeod, John McGahern, Ernest Hemingway, Norman Mailer.

19. An bhfuil muinín agat as polaiteoirí na tíre?
Níl. Seachas b’fhéidir Joe Higgins.

20. An imríonn tú spórt?
Fé láthair, ní imrím. Bhíodh iomáint á imirt agam ach táim éirithe as. Chaitheas seal ag plé le pionnsaíocht nuair a bhíos thall sa Bhreatain Beag agus thaithin sé sin liom. Bhíos ag plé le Aikido, Ju Jitsu, Kung Fu agus Karate ag amanna éagsúla leis.

21. An dtaitníonn an Teilifís Réaltachta leat?
Molaim duit féachaint ar mo dhán in eagrán na míosa seo chaite de Feasta chun freagra a fháil ar an gceist seo!

22. An bhfuil ainmhithe agat sa bhaile?
Tá, dhá chat agus táim díreach théis cúig chearc a fháil chun go mbeidh gugaí úr agam don mbricfeasta!

23. An bhfuil spéis agat i gcúrsaí timpeallachta?
Tá. Is breá liom áiteanna fiáine agus téann sé géar orm broiceadh leis an saol cathrach. Is dócha go bhfuil tírdreach agus dúlra ana-léidir mar théamaí, nó meafair, im’ fhilíocht leis.

24. An gcuireann tú feisteas ort go fóill ar Oíche Shamhna?
Ní déanaim, ach Lá an Dreoilín, sin scéal eile!

25. An fearr leat dul i mbun pinn ar maidin, um thráthnóna nó san oíche, i gcoitinne?
Ar maidin de ghnáth, bíonn m’intinn níos géire agus an fuinneamh cruthaitheach níos láidire is dócha.



Ménage à Trois

Sínte leis an té dar thugas gean,
Sínte siar go súgach.
Iarracht díriú air
is air amháin
is fanacht socair
sa chaidreamh,
sa chraiceann,
sa mheandar,
sa mheadaracht.

Cuimhním ar an té atá lem’ thaobh go crua,
Ach taobhaíonn taibhse mé is leanann air gan trua,
ag sleamhnú isteach is amach,
isteach,
amach,
as mo chuid smaointe,
cé nár fearadh fáilte roimhe.

Is gach uair dá gcuirim ruaig air -
Filleann, filleann, filleann.
Ag bothántaíocht im’ mheabhair.
Níos mealltaí ar chuile chuairt.

D’íobair mé mo cholainn nocht do neach nárbh Dia é,
Ghabh mo cheann ar seachrán chuig fear nár shantaigh mé,
Scaradh croí is creat, luí triúr i leaba beirte -
Triúir a chuir go trom ar chlúmh mo choinsiasa.


le Leannán le Locht

17.9.08

Scríbhneoirí Úra á lorg ag Nós*

Mura bhfuil tú ar an eolas faoin iris nua seo ar an idirlíon, téigh chuig: http://www.nosmag.com/

Beidh an gnáthmheascán iontach de cheol, scannáin, teicneolaíocht, dearadh, collaíocht, cúrsaí reatha agus eile sa chéad eagrán eile ach, chomh maith leis sin, beidh rud nó dhó as an úr le léamh, an rannóg nua I bPrionta san áireamh. Díreoidh an rannóg seo ar ach rud a chuirtear i bprionta - leabhair, póstaeir, cártaí srl. - agus chun cur leis an iris tá muid ag iarraidh deis a thabhairt do scríbhneoirí úra theacht ar bord linn. Má tá spéis agat ailt a chur ar fáil do nós* - léirmheasanna litríochta, ceoil nó eile - díreach seol rphost chuig eolas@nosmag.com

16.9.08

Ceardlanna Scríbhneoireachta

Ceardlanna Scríbhneoireachta —
Stiúrthóirí - Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí
- Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí,
- & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta

Satharn, 4 Deireadh Fómhair 2008Áras na nGael,45 Sráid Doiminic, Gaillimh agus
Satharn, 29 Samhain 2008 Club an Chonartha,6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Am: 10.30a.m. – 1.00p.m. & 2.30p.m. – 5.00p.m.

Táille Cláraithe 20 euro. Mic Léinn 5 euro.(Lón san áireamh sa táille. Uaslíon rannpháirtithe 12).

Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé,dánta, gearrscéal, giota d’úrscéal, dráma nó eile, go dtí:
(A)43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí,

agus/ nó seol ar aghaidh go dtí:

(B) Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair,Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13.

Coimeád bunchóip duit féin. Ar mhaithe lena gcóipeáil don lá, is cúnamh mór éna saothair a fháil tríd an ríomhphost @ feasta@eircom.net

15.9.08

Seoladh Leabhair: Péacadh

Beidh oíche mhór ceoil agus filíochta ar siúl i dteach tábhairne Toner's ar shráid Bhagóid ar an gCéadaoin beag seo- an 17ú lá de Mheán Fómhair -mar a ndéanfaidh Cathal Portéir céadchnuasach filíochta dar teideal 'Péacadh' le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh.

Rugadh agus tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí agus tá tréimhsí caite aici ag múineadh sa bhFrainc agus chaith sí seal bliana anuraidh ar scoláireacht Fullbright ag teagasc na Gaeilge i Nua Eabhrac. Bhronn an chomhairle ealaíona sparántacht uirthi agus tá toradh na sparántachta san le feiscint anois sa chéad chnuasach seo óna peann.

Tosóidh na himeachtaí i dTigh Tomer's ar shráid Bagóid ag a 7 an Chéadaoin beag seo agus is iad Ailbhe Ní Ghearrbhuigh, Aifric Mac Aodha agus Ceaití Ní Bheildiúin a bheidh ag soláthar filíochta agus beidh Róisín Elsafty ag soláthar ceoil.

Bígí ann.

13.9.08

Oíche an Chultúir ar an Aoine, 19 Meán Fómhair 2008.


Beidh Oíche an Chultúir ar siúl ar an Aoine, 19 Meán Fómhair 2008 agus ba mhaith le Cumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge cuireadh a thabhairt duit chuig Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath, 138 – 144 Sráid an Phiarsaigh, BÁC 2 an oíche sin ó 5:00 – 11:00 i.n. Beidh roinnt mhaith den ghlúin úr scríbhneoirí ag léamh as a gcuid scríbhneoireachta: Ailbhe Ní Ghearbhaigh, Caitríona Ní Chléirchín, Laoise Ní Chomhraí, Majella McDonnell, Ríona Nic Congáil, Ruth Nic Giolla Iasachta agus Scott de Buitléir ó Chumann Scríbhneoirí Óga is Úra na Gaeilge, chomh maith le mic léinn ón Oscar Wilde Centre for Irish Writing i gColáiste na Tríonóide


Bígí ann!

12.9.08

Seoda Opera sa Dubhlann

Seoda ón Opera Le Cantóirí na Taibhdheirce
Láthair: An Dubhlann, Bóthar na Díge, Gaillimh.

Dátaí: Dé Céadaoin 17ú, Déardaoin 18ú, Dé hAoine 19ú Meán Fomhair 2008
Am: 8.00pm Ticéidí: €17/€12

Nach ar chairde na ceoldrámaíochta a bheidh an gliondar croí ach a léireoidh Compántas na Taibhdheirce a rogha féin as na ceoldrámaí móra sa Dubhlann ar an 17-19 den mhí seo. Ach dá fheabhas sin, beidh deis freisin ag an lucht éisteachta an cumadóir mór le rá Tom Cullivan a chloisteáil agus é ag seinm cuid dá dhréachtaí ceolbhinne féin. Ina chuideachta chomh maith, beidh Elena Gekker agus Eamonn Rabbitt agus cuid dá gceol siúd le cloisteáil acu siúd a bheidh i láthair.
Beidh cuid d’aonréadaithe móra na Gaillimhe páirteach sa seó seo, ina measc Sandra Schalks, Hildegarde Naughton, Delia Boyce, Sean Costello, agus Treasa Tiernan a bhuaigh duais don Bhanaisteoir is Fearr ag AIMS 2008. Casfaidh siad áirianna as Carmen, Nabucco, Tosca, Rigoletto agus as tuilleadh nach iad. Is é Michael Hannon léiritheoir an tseó agus is í Patricia Lillis a stiúireoidh an ceol.

Ní chuirfidh an tine a tharla sa Taibhdhearc faoi Shamhain na bliana seo caite aon mhéarluí ar Chantóirí na Taibhdheirce óir cuirfear an seó ar siúl sa Dubhlann. Fearann siad fáilte chaoin roimh an bpobal bheith ina dteannta sa Dubhann idir 17-19 Meán Fómhair áit a mbeidh rogha agus togha an cheoil le cloisteáil agus é á chasadh ag plúr na n-oirfideach.


Eolas agus Áirithintí: Amharclann na Cathrach (091) 569777

10.9.08

Suíomh Filíochta

Dánta Dúnta le Mícheál Mac Coisdeala

http://m.maccoisdeala.tripod.com/dara/index.html

Cad a cheapann sibh?

6.9.08

Beo

Tá eagrán Beo! mhí Mheán Fómhair ar fáil anois agus, mar is gnáth, tá togha agus rogha na scéalta móra atá i mbéal an phobail le léamh ann.

Agus clár faisnéise ar tí a bheith craolta ar RTÉ 1 faoi obair na heagraíochta The Chernobyl’s Children’s Project, labhair Beo! leis an mbean feachtais dhothuirsithe Adi Roche faoina saol agus faoina díograis i leith na gcúiseanna móra a bhfuil sí i ndiaidh a bheith i mbun feachtais ar a son ón mbliain 1977.

Tá tuairisciú déanta ar na scéalta polaitiúla atá ag titim amach ó thuaidh ag Robert McMillen agus ceistíonn Ciarán Mac Aonghusa fiúntas pholasaí na dtáillí in aisce in institiúidí tríú leibhéal na hÉireann. Tugann Maidhc Ó Cathail léargas suimiúil ar Chiste Fiadhúlra an Domhain, eagraíocht nach bhfuil chomh gleoite céanna leis an bpanda ar a lógó, dar leis féin, agus tá tuairisc le Brian Ó Broin ar an nuacht is déanaí ón rás uachtaránachta sna Stáit Aontaithe.

Ó thaobh na n-ealaíon de, tá idir cheol, litríocht agus fheiltí ann, agus, mar is iondúil, is tá scéalta taistil ‘is teicneolaíochta le léamh chomh maith.

3.9.08

Aistriúchán ar dhánta le Ghabriel Rosenstock. Muiris Ó Meara

Éisc Dhubha

Bhí fhios agam
go dtarlódh sé
lá éigin
arsa Krishnamurphy.
D’iompaigh
na duilleoga bambú
ina n-éisc dhubha.
Ná lig dom mo shúile a dhúnadh arís.

Black Fishes

I had an inkling
it would happen
sometime
said Krishnamurphy.
Phosphorescent
bamboo leaves
as black fishes.

May I never close my eyes again.


Comhghairdeas!

Dhein Krishnamurphy
an roth
a athcheapadh inné
Tá sreangscéalta
comhghairdis
ag teacht chuige inniu
Ó dhaoine
a dhéanfaidh
an sreangscéal
A athcheapadh
amárach.

Congratulations!

Krishnamurphy squared
the wheel
yesterday
Conragulatory telegrams
are rolling in today
From those
who will
relay
the telegram
tomorrow.

2.9.08

Seoladh 'Anam Mhadra' le Simon Ó Faoláin


A Chairde Óga agus Úra,
Beidh mo chéad chnuasach Anam Mhadra á sheoladh agam i gCorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine beag seo agus i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine ina dhiaidh san [tá na sonraí thíos]. Beidh fáilte Uí Cheallaigh [nó Uí Fhaoláin] romhaibh uilig ag ceachtar acu, dá bhféadfaidh sibh bheith ann. Bheadh sé deas bualadh libh fé deireadh. Dar ndóigh, beidh fáilte roimh cách agus ná bíodh aon drogall oraibh éinne eile ar bhúr n-aithne go mbeadh aon suim acu ann a bhreith libh.

Satharn 6ú lá Meán Fomhair ag a 8 i.n.: Anam Mhadra cnuasach nua filíochta de chuid Simon Ó Faoláin á sheoladh ag an Údar, Chomhairleoir agus Iar-Mhéara Chiarraí Breandán Mac Gearailt sa Chaife Liteartha, An Daingean, Co. Chiarraí. Ceol Píob le Con Durham. Fáilte roimh cách.

Satharn 13ú lá Meán Fomhair ag a 8i.n.: Anam Mhadra cnuasach nua filíochta de chuid Simon Ó Faoláin á sheoladh ag an bhfile aitheanta Gréagóir Ó Dúill i gClub a Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC 2. Fáilte roimh cách.