13.3.10

Léachtaí Cholm Cille XLI – ‘Filí INNTI go hIontach’

26-27 Márta 2010, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
Cuirfear tús le Léachtaí Cholm Cille na bliana seo, an 31ú eagrán den ócáid iomráiteach léinn, ar an 26 Márta in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Éacht fhilí agus fhilíocht Innti a bheas mar théama ann. Tá an imeacht seo urraithe ag Foras na Gaeilge.
Gluaiseacht radacach litríochta ab ea Innti, “dream a bhí préamhaithe i gColáiste Ollscoile Chorcaí, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus i flower power na seascaidí,” dar le Seán Ó Coileáin. Rinne glúin Innti, a n-áirítear scríbhneoirí ar nós Michael Davitt; Nuala Uí Dhomhnaill; Liam Uí Mhuirthile; Gabriel Rosenstock agus Louis de Paor ina measc, filíocht úr uirbeach a fháisceadh as traidisiún Gaelach agus ó chultúr réabhlóideach na linne.
Aithnítear Léachtaí Cholm Cille, atá ar an fhód anois le breis is tríocha bliain, mar mhórimeacht i bhféilire acadúil na Gaeilge, agus an tsraith léachtaí poiblí agus cnuasaigh foilsithe na n-aistí ag barr faobhair an léinn agus na scoláireachta i gcónaí.
I measc na gcainteoirí ag Léachtaí Cholm Cille XLI beidh an scríbhneoir Theo Dorgan, Tadhg Ó Dúshláine (OÉ Má Nuad), Pádraig de Paor (Trínóide), Caoimhín Mac Giolla Léith (COBÁC), Róisín Ní Ghairbhí (Coláiste Phádraig), Pádraigín Riggs (COC), agus Caitríona Ní Chléirchín (COBÁC).
Osclóidh an Msgr. Pádraig Ó Fiannachta sraith na bliana seo ag a 7.15 i.n. i Halla Renehan, Ollscoil na hÉireann Má Nuad, ar an 26 Márta agus seolfar téacs léachtaí na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XL: Foinn agus Focail an oíche chéanna.
Clár na Léachtaí agus Eolas Breise ar fáil ag:
http://nuaghaeilge.nuim.ie/nuaiocht.shtml

1 comment:

  1. Ach is ionann XLI agus 41, nach ea? XXXI ar 31, más buan mo chuimhne.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.