13.6.08

Oíche an Chultúir 2008

A chairde na scríbhneoireachta,

Tá dea-scéala faighte ag an gcumann go deireanach go bhfuiltear ag moladh mbeidh Cumann na Scríbhneoirí Óga/Úra páirteach in Oíche an Chultúir- Dublin Culture Night -ar an 19ú lá de mhí Mheán Fómhair. Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais d'fháil maidir leis an oíche. http://www.culturenight.ie/listing.asp?id=17


Beidh tuilleadh sonraí i dtaca leis an scéala seo in airde ar an mblag anseo nuair a chinntítear na sonraí uile. Ní foláir a lua go bhfuil tábhacht nach beag leis an mblag s'againne d'fhonn imeachtaí uile an chumainn a chur os comhair an tsaoil mhóir agus chun próifíl an chumainn a ardú trí mheán na gréasánaíochta.

Faoi láthair, is í an chloch is mó ar ár bpaidrín ná go mbeadh a fhios ag an saol mór go bhfuilimid ar an bhfód- fód fíorúil (!!) -agus faoi láthair táthar ag iarraidh ceardlann a shocrú don samhradh agus é i gceist ag ag gcumann go mbeadh ceardlann gach ráithe againn as seo amach. Chomh maith le sin beidh agallamh míosúil le fesicint anseo sara fada le duine dos na scríbhneoirí óga (ag tosnú le Majella McDonnell). Beidh filíocht le Scott DeBuitléir le feiscint ar an mblag sara fada leis agus tá geallúint tugtha ag Liam MacAmhlaigh go mbeidh mír uaidh i dtaca lena leabhr nua-fhoilsithe Foclóirí agus foclóirithe na Gaeilge http://coislife.ie/books/academic/focloiri.htm.
Anuas ar sin beidh Proinsias Mac a' Bhaird le clos ar Raidió Fáilte http://www.raidiofailte.com/ -ag caint fé imeachtaí an chumainn sara fada...bígí ag breathnú anseo...


Ba mhaith leis an gcumann buíochas a ghabháil go háirithe le Seán Ó Cearnaigh- ár gcara sa chúirt -atá gníomhach ag stocaireacht ar son an chumainn go deireanach. Tá tábhacht le comhoibriú agus is maith a thuigeann Seán san.
Dóibh siúd nár thapaigh an deis dul i dteagmháil linn i gcónaí seol ríomhphost chugainn @


agus dos na scríbhneoirí eile bígí ag scríobh nó ag blagáil nó ag léamh!!!!

I.S.

...dóibh siúd a bhí ag féachaint ar an gclár Peann ar Phár thug Nuala Ní Dhomhnaill mar thuairim uaithi gurb í an léitheoireacht bunchloch na scríbhneoireachta agus go bhfuil an-iomarc scríbhneoireachta ar siúl fé láthair gan bunchloch na léitheoireacht fúithi (más buan mo chuimhne agus níl sí chomh buan agus a bhíodh! deir mo dhochtúir gur galar na mBinsí Fiosraithe atá ar an máchail seo atá orm ach nílim cinnte).

Péacusan é- fút féin an cinneadh a dhéanamh -scríobh nó léamh.

2 comments:

  1. Maidir le ceist (ríthábhachtach) na léitheoireachta...

    cad tá á léamh agaibh i láthair na huaire? Tá cóip díreach fachta agam de 'An tAthair Pádraig Ó Duinnín - Bleachtaire' le Biddy Jenkinson is mé ag tnúth go mór leis!

    Ag súil le bhur gcuid moltaí...

    ReplyDelete
  2. Maidir le létheoireacht ní ag moladh an t-ábhar léitheoireachta atá agam féin atáim in aon chor a Ailbhe ach seo chugat é bíodh sé olc maith.

    Ag an deireadh seachtaine cheannaíos an Blas Muimhneach agus séard atá ann ná bailiúchán d'amhráin a chantaí/chantar i gCorca Dhuibhne agus tá sé spéisiúil na hamhráin seo a léamh óir m.sh. braitheann tú an meon a bhí ag imircigh Éireannacha i leith Shasana nuair a chuadar go Meirice agus nuair nach raibh aon obair ann dóibh agus samhlaíodh dóibh gur Sasana fé ndear san. Anuas ar sin samhlaiodh Éire mar Pharthas saolta i samhlaíocht na n-imirceach.

    Seachas san, thosaíos ar an leabhar Inis Mhic Uibhleáin le Mícheál Ó Dubhsláine (nach maireann) agus cur síos spéisiúl is ea é seo ar cheann dos na Blascaodaí (cáil ar an oileán seo toisc gur thóg Charlie Haughey tigh ann)... agus tá fúm tabhairt fén leabhrín "Of Mice and Men" le John Steinbeck sara fada chomh maith.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.