15.7.08

Partalónaigh, Beirtí agus an Tíogar Cleiteach

An Shushscéal ó St. Lukes ris a ráitear Oidhe an Phartalónaigh.

Le Droim Conrach.

Fógraíodh go raibh deireadh leis an Via, an Víno agus na Fianna dolorosa aréir. B’é an Fia negativa a chraobhscaoil an scéala seo dosna na híochtaráin. Ere sin— agus iar bhfógra –chuaigh an iar-Thaoiseach-nua-aoiseach ag triall ar Áras na hUachtarlanna i bpáirc dhraíochta faoin uisce chun an scéala seo a dhearbhú go sollúnta agus go doshannta mar atá leagtha amach go cluthar faoi bhundlaoi na tíre sa Bhunreacht. Fíorchaoineadh agus fáilte a fearadh roimis an Taoiseach agus meabhraíodh dó go raibh sé in am aige dul ag triall ar dhochtúir chun a pheacaí agus aphaches eile nach iad thabhairt chun cuimhne in athuair óir dhealródh sé gur tholg an Tíogar Ceilteach an galar cleiteach agus tá straidhin anuas air faoin gcré de bharr an ghalair thógalaigh san. Ar chlos an scéala seo dos na Fianna móra gan bheann ar dhlaoi ar bith (Megaceros giganteus) ardaíodh géim agus gáir ollmhór ag éagaoin bás an Tíogair agus an Taoisigh óir thuigeadar go raibh deireadh le ré na Beirte. Thuairimigh an sceallóg Jacques Leacan (French Freud) i Mc Donalds aréir go mb’fhéidir go raibh breall air sa saothar is do-thuigthe a shil óna pheann— Sécrétions –maidir le ego nó id bheith ann in aon chor. Is léir anois, dar leis, nach bhfuil sa saol Fódlach ach Dia amháin agus is é Beirt é. Táthar ana-thógtha leis an dtéis seo sa Bois de Boulogne i bPáras i láthair na húirí agus áitítear gur léir anois ná beidh a leithead de phallusaí suas aríst ann in Éirinn ó d’éirigh an Taoiseach as. Thug Seán Ó Cíobháin (nó ‘Seán tá sé tugtha le fios’ mar is fearr aithne air), thug sé le imfhios ar nuacht an deiscirt inniu go bhfuil raic i Marseilles maidir leis an scéala seo. Níor chuir sé Feakle ann nuair a dúirt sé gur cinnte go mbeidh an cheist seo ar bharr chlár oibre an Académie Française, an École Normale Supérieure agus an École de Mer-y-homme i rith an tSamraidh.

Ó shin i leith agus ó chéadtháinig an scéala seo chun solais agus idir an dá linn snámha náisiúnta a tógadh ar bhóthar Snugborough i mBaile Átha Cliath le linn ré an an Bhúrcaigh, tá sé dearbhaithe ag urlabhraí snámha na Féinne— Oscar Smith De Brún — nach bhfuil bonn ar bith leis an scéal seo agus go bhfuiltear ag tarraingt smálls anuas agus me chlú gan bhonn gan bhaithis ar ré órga na Féinne. Dhearbhaigh an stail Cian O’Connor go raibh deacraíochtaí áirithe a shíolraíonn ón gcúlú eacnamíochta— go háirithe na constaicí a bheidh le sárú ag Waterford Crystal –ach mhaígh sé go n-aithneoidh an fhuil a chéile. Níor tuigeadh an chaint seo (mar Sinn Féin) agus cuireadh i leith na Beirte go rabhadar ag snámh in aghaidh easa agus nach mar a shíltear abítir. Deirtear gur “Shittius Altius Fortius” a thug an Baron de Coubertin ar chaint na Beirte ach sheán oifigeach ón mbuíon preasála agus caidrimh chollaí an méid seo agus tugadh le fios go bhfuil gliscín ar an bhfear bocht ón gcliabhán ar bhuail sé ina choinne nuair a bhí sé ina mhalrach. Tuairimítear coitianta, áfach, i measc seacht gcatha na bhFéinne agus fianna fichille eile na tíre go mbeidh insint Scéala Éireann níos tomhaiste i dtaca le fios fátha an scéil seo agus táthar dóchasach go neosfaidh an Aimsir. Sheán urlabhraí ón Oifig meitéareolaíochta an méid seo, áfach, agus dúradh thar cheann na hoifige sin go mbeidh le feiceáil.


Tar éis don bhfiar-Thaoiseach slán a fhágaint le Virgil, le hOvid agus le Horace an uachtaráin, dhírigh sé a choincín ar ráiseanna na Gaillimhe agus d’fhógair go raibh sé chun dul i mbun stocaireachta arís i measc an phobail óir is dual do na Fianna bheith bailithe i dteannta a chéilibh sa phuball i rith an tSamhraidh. Ráinig go raibh an Iar-Thaoscach sa leithreas— mar a mbíonn boic mhóra na tíre ag crochadh go hiondúil agus coitianta aimsir na ráiseanna –agus bhí fadhbanna na tíre caoldíreach idir lámhaibh ag an Iúdach Harry Shosher nuair a chualathas bruíon lasmuigh den bpuball. Anois nuair a bhíonn an braon anuas ní bhíonn an chiall istigh agus ligeadar na maidí le sruth agus chuadar i dtreo na bruíne mar a raibh Máire a’ Chocláin ólta arís agus í díreach tar éis Deirdre a bhuaileadh le breáichte. Níorbh shin an chuid ba mheasa den scéal, áfach, óir níorbh fhada gur tharraing Véinis (a raibh a folt ag casadh léi síos go glúin) bríocair agus briogún chuici agus léim sí in airde ar bhromachán bliana Bhaile Uí Lia ag bualadh Héilin (ar thit na céadta léi anuraidh dá barr í bheith out-of-her Traí). Bhí an puball ina bhruíon chaorthainn acu gur lobhar creacháin a bhí mar Phríomh-aoire ar na Fianna agus dúirt

“ Is olc bua na bruíne agus is measa a díomua”.

Níor thuig éinne caint an aoire ach chuimhníodar ar Chluain Tarbh agus ar Chremona agus níorbh fhada gur fhilleadar ar an bpuball. Bhí an cleachtadh, an ceol, an craic agus cóc ag dul ar aghaidh go breá gur fógraíodh ar an nuacht an lá dar gcionn go rabhthas tar éis teacht ar lámhscríbhinn lasmuigh den bpuball áirithe san mar a rabhadar. Oidhe an Phartalónaigh a bhí breactha sa chló Gaelach anuas ar chlúdach na lámhscríbhinne seo. Tugadh le fios gur shíl scoláirí áirithe go raibh saothar Pheadair Uí Laoighre— Séadna –bunaithe ar an lámhscríbhinn seo. Tar éis don scoláire Francach Denys Arcane géariniúchadh a dhéanamh ar an dtéacs dearbhaíodh gur Séanadh a bhí ar an leagan bunaidh den scéal agus gur bhain an tAthair Peadair feidhm as foirm thruaillithe sa teideal s’aige. Ó shin i leith, tá sé dearbhaithe ag na péas gur maraíodh seisreach i gcíréib i mBaile Bhúirne tar éis do mhuintir na háite an scéal seo a chlos. Tá an tuairisc seo séanta go láidir ag muintir na háite, áfach. Dúirt úrlabhraí nuacheaptha go bhfuil mearbhall ar mhuintir na háite óir ní thuigeann éinne sa dúthaigh conas a thitfeadh a leithéid amach sa liomatáiste san óir ní raibh an focal péas riamh acu sa chaint.


Níorbh shin í seo an chuid ba mheasa den scéal, áfach, ach an scéal a insíodh sa lámhscríbhinn. Bhí tigh ann tráth agus ní raibh athair nó máthair aige. Tigh a bhíodh ag gach duine air ach ní raibh éinne sásta glacadh leis go raibh an tigh ann. Nó gur tógadh an tigh. Nó gur ceannaíodh an tigh. (Fadhb shuarach is ea í seo ar léire ár dtusicint uirthi toisc léapsairtí SoSuarach an Eilbhéisigh a bheith againn). D’fhonn an scéal seo a fhiosrú i gceart cheap Taoiseach na Féinne an Binseach—deartháir le Méabh –ar bhóthar na Teamhrach lá. Fear fiosrach ab ea an Binseach agus thosaigh sé ag cur ceisteanna soir siar maidir le breith an tí. Níor thuig éinne cad as a dtáinig an tigh. Bhíodh ‘ní hea’ nó ‘ní cuimhin liom’ nó ‘Séadna’ éigean mar sheamsán meigeallach chuige ar an uile cheist a chuirfeadh sé. D’éirigh an Binseach Fiosrach breán bailithe de na freagraí diúltacha seo. Ar deireadh, chlis ar a fhoighne agus chuir sé fios ar an dTaoiseach… an Taoiseach a chum agus a cheap é. “A Thaoisigh, cad as a dtáinig an tigh seo?” arsa an Binseach. D’fhéach an Taoiseach timpeall na cúirte na Teamhrach— óir is ann a bhíodar— agus d’fhreagair gan cíos, cáin nó caiteachas mar a leanas:

“San am san ní úsáidtí airgead nó ní bhaintí feidhm as ach chomh beag. Níor bhain airgead le nósmhaireacht nó le nósanna imeachta na haimsire nó na hama nó ceachtar den dá rud. Más boon mo chuimhne. Agus déanta na fírinne ní cuimhin liom conas mar ar tharla sé nó conas mar a bhí um an dtaca úd óir baineann an soiscéal seo le luaineacht na cuimhne. Agus díchuimhne. Agus cuimhne chomhchoitianta. Agus…”

“Ana-cheart” arsa an Binseach agus é ag éirí pas beag mí-fhoighneach “…Dírigh ar an dtigh a Thaoisigh… an Tigh le do thoil…”

“Chuige sin atáim a Bhinse. Sea díreach, in aice leis an dtigh seo nár tógadh nó nár ceannaíodh riamh tá Scoil Loreto. Fillfidh mé ar an bhfianaise seo i gceann tamaill bhig ach meabhraigí a bhfuil ráite ina thaobh idir an dá linn.”

Bhain an Taoiseach searradh as féin agus scaoil sé lena scód.

“Is mithid agus is tráthúil agus is ceart agus is cóir agus is cuí agus is tairbheach dúinn oidhreacht an Phartalónaigh— mé fhéin –a mheabhrú. Is mise atá mar Thaoiseach ar an dtír seo. Agus is mise fé ndear don rachmas bheith sa tír. Agus ní fhéadfaí a shamhlú gur bhain an tigh draíochta seo le haon duine de phór na bPartalónach… Óir má shamhlaítear san, tá smál ar ainm na tíre uile. Más ea, tuigtear dúinn ná fuil an tigh ann nó ní raibh nó ní bheidh choíche. Una Voce…”.

Bhí fir áirithe ag sileadh na ndeor go faíoch fén dtráth seo. D’fhéach an Binseach i dtreo an Taoisigh agus scaoil sé an chaint seo chuige.

“A Thaoisgh, is léir domsa anois, tar éis dom ana-chuid dua agus bráca a chaitheamh le hobair pháirce ar fud na tíre…is léir domsa nach cuimhin le cuid agaibh an scéal. Nó codanna áirithe den scéal. Nó an leagan ceart den scéal. Nó dealraíonn sé go bhfuil codán cuideáin díobh ansan amuigh i measc na Féinne is fáiltí gan féith na cuimhne ionaibh ar chor ar bith. Tuigimid anois ó na scoláirí béaloidis go gcailltear an chuid is suaithinsí des na scéalta Fiannaíochta i seachadadh an scéil. Dar leo—na scoláirí agus árse-eolaithe eile nach iad – athraíonn na scéalta Fiannafáilaíochta san insint… ó ghlúin go glúin nó… ó bhéal go béal. Anois, a Thaoisigh, más maith an sás í an ghlúin chun feactha agus más maith an sáspan é an béal chun paidreoireachta, níor chuala riamh mar áiteamh ag na scéalaithe is fearr amuigh go mbaineann seachadadh scéil le haon bhall corportha eile seachas an chluas. Chuireas an méid seo a chur os comhair comhdhála i dTurku na Fionnlainne le deireanas, dála an scéil, agus tháinig sé chun solais nár éist formhór na scoláirí béaloidis san riamh le scéal. Tá dia marbh ag Nietzsche, tá an t-údar marbh ag Barthes agus fógraímse anseo inniu— a chairde na héigse is na héisteachta –go bhfuil deireadh le galar crúibe is béil an bhéaloidis. Éistímis leis an scéal”.

Thosaigh gach éinne ag bualadh bois, leathair nó pé rud eile a bhí oiriúnach chun buailte siúd is nár thuigeadar faic uaidh mar Bhinseach. D’fhreagair an Taoiseach é go neamhscáfar siúd is nach raibh éinne cinnte an raibh aon fhreagra riachtanach.

“Go raibh maith agat a Bhinsigh. Sea cinnte. Loreto na hIodáile. An Santa Casa. Samhlaigh anois é. Tigh a d’iompair na haingil ó Nazereth chun na hIodáile. Láthair oilithreachta. Láthair beannaithe naofa. Tigh nár tógadh, nár ceannaíodh…ach tá sé ann. Tá creideamh ag na hIodálaigh”. …………………………………………………………………………………….....................................................


Faraor, tá an lámhscríbhinn doiléir as sin amach. Ach tuigeann sibh éirim an scéil. Nach leor nod?


I.S.

NÍ FIOS CANATHAOBH, CONAS, CATHAIN NÓ CÉ CHUM.

1 comment:

  1. D’fhéadfaí tráchtas a scríobh ar an bpíosa seo! Ní thuigim an t-imeartas go léir ach tá cuid de an-ghreannmhar. Myles nua??!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.