8.7.08

Thíos seal...

Laethanta Lagmhisnigh

Admhaím corrlá
bím traochta
dá cosaint 
os comhair an tsaoil

Bím bréan de bheith
cois leapan 
na teanga éignithe 
seo,
ag guí biseach uirthi,
á faire go cúramach,
ag impí beatha inti arís

Is nuair a chím 
a cnámha lofa
á gcailciú,
tuigim 
ná beidh fágtha di 
lá éigin 
ach smúit bhalbh,

ach an oiread liom féin. 

5 comments:

  1. Seo dréacht de dhán... Táim fós ag útamáil leis an leagan amach... N'fheadar ar chóir dom an líne dheireanach a bhaint...

    ReplyDelete
  2. Níl féith na filíochta ionam, mar sin níl mé in ann cuidiú leat leis an líne deireanach. Ach b’fhéidir go mbeidh tuairim ag duine de na filí inár measc. Is cinnte go bhfuil dán an-chumhachtach cumtha agat, áfach. Téann na híomhánna ar nós “chím a cnámha lofa
    á gcailciú” go mór i bhfeidhm orm. Cuireann fuaim an ‘c’ agus an rithim tua ag briseadh adhmaid i gcuimhne dom. Ní hionann é sin agus ‘cailciú’ ach tá sé éifeachtach mar sin féin. Is cinnte go bhfuil bua agat. Coinnigh ort!

    ReplyDelete
  3. Hi Ailbhe,
    Chuir an dán seo isteach orm. Chuirfeadh sé isteach ar aon duine a bhíonn ag saothrú trí mheán na Gaeilge agus a bhfuil bá acu di. Bíonn na mothúcháin chéanna agus an lagmhisneach céanna orainn uilig agus tháinig sin trasna chomh láidir sa dán go raibh orm seasamh siar uaidh tamall. Maith thú!
    Aontaím leat go bhfuil rud éigin faoin líne deireanach nach luíonn i gceart leis an dán. Nuair a cheanglaíonn tú cás na teanga le do chás féin, an bhfuil tú a rá go mbíonn tú traochta de do chosaint féin, go bhfuil tú ag impí beatha a bheith ionat arís, go bhfuil do chnámha féin lofa agus á gcailciú?
    Thuig mise go bhfuil tú ag iarraidh a rá go bhfaighidh an Ghaeilge bás sa dóigh chéanna is a gheobhaidh tú féin agus gach duine bás.
    Sílim go n-oibreodh an líne níb fhearr agus go mbeadh sé láidir dá mbeadh ceangal éigin eile déanta idir tú féin agus an teanga sa dán.
    B'fhéidir rud éigin cosúil le: "Bím bréan de bheith i mo luí i leaba na teanga éignithe seo". Níl a fhios agam. Is dócha go gcaithfidh tú teacht ar an réiteach tú féin. Ba bhreá liom a bheith ábalta é a phlé leat am inteacht.
    Ádh mór

    ReplyDelete
  4. Bhuel, ar an dul sios céanna libh beirt, is deimhin go mbímse ag braistint díreach mar sin leis ar uairibh [conas ná féidir le héinne a mbíonn ag plé le Gaolainn agus nach bhfuil dúr, caoch agus bodhar?!]. Ach is rud ana-spéisiúil an slí ina gcríochnaíonn tú an dán, mar nuair a thagann an smaoineamh san chugham [agus tagann] is foinse faoisimh é, mar ag breathnú ar an longue durée is fíor san fé gach aon rud, an Béarla san áireamh. Sa treo san, ag tógaint dearcadh saghas Búdach, is dán dóchasach é – níl ach seal in aon rud, bí ag spraoi anois, fad is a bhféadfáimíd...

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as ucht bhur smaointe a roinnt.

    Tá an dán trom go leor agus theastaigh uaim cuid den ualach, den searbhas a bhaint tríd an líne dheireanach. N'fheadar an bhfuil an líne san as alt nó an deas an tslí a dtagann sé anuiar aduaidh ort. Ar deireadh thiar, ní bheidh fágtha d'éinne againn ach smúit, níl aon neart againn air mar sin ní fiú a bheith buartha faoi chúiseachas teangan ná mionrudaí a bhíonn dár gcuir le craobhacha.

    Táim saghas imithe i dtaithí ar an líne dheireanach faoin mar atá sí. Sin ceann des na deacrachtaí is mó a bhíonn agam - athscríobh!

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.