3.9.08

Aistriúchán ar dhánta le Ghabriel Rosenstock. Muiris Ó Meara

Éisc Dhubha

Bhí fhios agam
go dtarlódh sé
lá éigin
arsa Krishnamurphy.
D’iompaigh
na duilleoga bambú
ina n-éisc dhubha.
Ná lig dom mo shúile a dhúnadh arís.

Black Fishes

I had an inkling
it would happen
sometime
said Krishnamurphy.
Phosphorescent
bamboo leaves
as black fishes.

May I never close my eyes again.


Comhghairdeas!

Dhein Krishnamurphy
an roth
a athcheapadh inné
Tá sreangscéalta
comhghairdis
ag teacht chuige inniu
Ó dhaoine
a dhéanfaidh
an sreangscéal
A athcheapadh
amárach.

Congratulations!

Krishnamurphy squared
the wheel
yesterday
Conragulatory telegrams
are rolling in today
From those
who will
relay
the telegram
tomorrow.

4 comments:

  1. Éisc Dhubha: is aoibhinn liom an focal "inkling"... éisc dhubha = "blacks fishes" nó botún cló ?

    Tá an dán Comhghairdeas/Congratulations an-chliste, go háirithe "athcheapadh"/"squared"... "rolling in" ...

    Maith thú!

    ReplyDelete
  2. Black fishes a bhí i gceist agam a Ailbhe, mheasas go mb'fhéidir nach raibh fish ceart as féin nó b'fhéidir go raibh fishes agus phospherescent níos éifeachtaí. Go raibh maith agat as an 'maith tú' agus ar shlí is fearr liom an cáineadh ná an moladh uait!

    Bhíos ag útamáil le haistriúcháin ar "Gile na Gile" go deireanach ansan ach ní fhéadfainn ach útamáil a thabhairt air mar chúram. N'fheadair an féidir an dán san a aistriú in aon chor go Béarla!

    An bhfuil tú sa Ghaillimh anois faoin dtráth seo...ta sé deacair bheith suas leat in aon chor agus tú ar fud na cruinne!

    ReplyDelete
  3. Ait go leor, ní raibh aon fhadhb agam le "fishes"; ba é an "blacks" a cheistíos... Déanfad iarracht a bheith níos cáintí amach anseo! Táim ag streachailt le haistriúcháin ar mo shaothar féin i gcomhair Turas na bhFilí- bíonn an leagan Béarla bacach agam i gcónaí. Cheart dom a leithéid d'oibre a fhágaint fés na saineolaithe...

    ReplyDelete
  4. ní fhaca mé blacks! an rud a scríobhann an púca &rl &rl.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.