23.9.08

Dánta Cathracha

Caitríona Ní Chléirchín

Dánta Cathracha

Ciúnas na Cathrach

Tá an chathair ag lonrú
Amuigh ansin
Sa dorchadas
I bhfad uainn
Ag criostalú.

Ní-ná-ní-ná-ní-ná
I bhfad uainn.

Féachaim amach san oíche
Ag iarraidh teacht a fhad leat
Is tá sé fuar fuar fuar.


Nóiméad ar maidin

Boladh na hiarnála
Ar maidin, i d’árasán
I gcé Hanover.

Tusa, i do sheasamh ansin ag an mbord
ag smúdáil
do léine glan, don obair
Is mé ag amharc ort.

Gluaiseann an t-iarann go mall
thar an éadach
is dírítear gach roc ann.

Tá súil agam
go mbeidh
rudaí eadrainn
chomh réidh sin, a stór.

Café Java Eanáir 2008

Tá muid ciúin, a stór
Ar maidin,
Ag bricfeasta
I gCafé Java.

Léann tú an páipéar
Is doirtim an tae.

Tagann corrfhocal
Corrcheist.
Bímid ag gáire
Faoi rud inteacht.

Ón fhuinneog, feicimid
An cruth ata ar an lá
Is an ghaoth ag bogadh
Ar an uisce

Mar thuar ar a bhfuil
Romhainn.

3 comments:

  1. an-deas ar fad. ábhar smaoinimh ansin don gcathróir agus don tuathánach araon.

    ReplyDelete
  2. Molaim thú, a Chaitríona!

    Nach bhfuil an focal “smúdáil” go hiontach.

    ReplyDelete
  3. Is AOIBHINN liom na dánta seo! Stíl simplí ach éifeachtach agus éasca le léamh, gan aon árdnósachais! Foirfe.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.