19.9.08

Ménage à Trois

Sínte leis an té dar thugas gean,
Sínte siar go súgach.
Iarracht díriú air
is air amháin
is fanacht socair
sa chaidreamh,
sa chraiceann,
sa mheandar,
sa mheadaracht.

Cuimhním ar an té atá lem’ thaobh go crua,
Ach taobhaíonn taibhse mé is leanann air gan trua,
ag sleamhnú isteach is amach,
isteach,
amach,
as mo chuid smaointe,
cé nár fearadh fáilte roimhe.

Is gach uair dá gcuirim ruaig air -
Filleann, filleann, filleann.
Ag bothántaíocht im’ mheabhair.
Níos mealltaí ar chuile chuairt.

D’íobair mé mo cholainn nocht do neach nárbh Dia é,
Ghabh mo cheann ar seachrán chuig fear nár shantaigh mé,
Scaradh croí is creat, luí triúr i leaba beirte -
Triúir a chuir go trom ar chlúmh mo choinsiasa.


le Leannán le Locht

9 comments:

  1. Ní déarfaidh mé gur dán deas é seo mar bheinn ag insint bréige is dócha. Ach is fíor go dtaitníonn sé liom. Coinnigh ort.

    ReplyDelete
  2. an bhfuil locht ort anseo a leannáin?

    ReplyDelete
  3. Ooh la la!sach teasai boo!

    ReplyDelete
  4. Dán maith é seo ach an bhfuil líne nó dhó bacach ann? Tagraím dos na línte "Ag bothántaíocht im' mheabhair / Níos mealltaí ar chuile chuairt" agus fiú an dá líne a leanann iad. An bhfuil an "íobairt" róláidir mar smaoineamh?

    Tá ceist thábhachtach á ardú anseo ó thaobh ábhair de: má thugann tú gean do dhuine is má shíneann tú siar leis, an ionann san is fáilte a fhearadh roimhe?

    ReplyDelete
  5. Sea tá an dán go maith cinnte Ach anuas ar na nithe a dúradh cheana anseo, ní bheinnse tógtha le 'go crua' chun "hard/erect" a chiallú más sin atá i gceist?

    Chomh maith seachas "d'íobair mé" a úsáid d'fhéadfaí foirm an tsaorbhriathair a úsáid anseo chun an drámatúlacht a bhaineann leis an fhocal a mhaolú dar liom.

    Íobraíodh colainn nocht do fhear ...

    ReplyDelete
  6. B'fhéidir go bhfuil an íobairt róláidir mar smaoineamh ach braitheann sin go hiomlán ar a mheasann an duine féin faoin gcumann collaí. Baineann suibiachtúlacht áirithe le tuiscint na híobairte ar ndóigh.Abair gurbh mhaighdean an bhean roimhe seo - tá rud mór á íobairt -rud nach sealbhófar arís. Aontaím gurbh fhearr earraíocht a bhaint as an mbriathar saor, áfach. Maidir leis na línte "Ag bothántaíocht im' mheabhair / Níos mealltaí ar chuile chuairt" - Céard go díreach atá bacach?

    ReplyDelete
  7. Maidir le"Ag bothántaíocht im' mheabhair / Níos mealltaí ar chuile chuairt" : Tá cuma shaothraithe ar na línte seo, dar liom. B'fhéidir go bhfeicfeadh duine eile an fhilíocht san íomhá, ach ní éiríonn liomsa.

    ReplyDelete
  8. Ní oibríonn na línte seo dar liomsa.

    Tá bothántaíocht, oíche amháin agus chuile cuairt rómheasctha dar liom i.e. oíche amháin sa leaba agus chuile cuairt an oiché sin agus bothántaíocht (amach agus isteach ón teach céanna arís is arís?)

    Maidir leis an fhocal íobairt agus suibiachtúlacht: tá na nithe a deir tú spéisiúl maidir le maighdeanas &rl. ach níl siad ar fáil sa dán seo in aon chor agus dá mbeadh dán difiriúl a bheadh ann. Samhlaítear dom sa chás seo nach bhféadfaí íobairt a shamhlú lena dtarlaíonn sa téacs.

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.