15.9.08

Seoladh Leabhair: Péacadh

Beidh oíche mhór ceoil agus filíochta ar siúl i dteach tábhairne Toner's ar shráid Bhagóid ar an gCéadaoin beag seo- an 17ú lá de Mheán Fómhair -mar a ndéanfaidh Cathal Portéir céadchnuasach filíochta dar teideal 'Péacadh' le hAilbhe Ní Ghearbhuigh a sheoladh.

Rugadh agus tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i dTrá Lí agus tá tréimhsí caite aici ag múineadh sa bhFrainc agus chaith sí seal bliana anuraidh ar scoláireacht Fullbright ag teagasc na Gaeilge i Nua Eabhrac. Bhronn an chomhairle ealaíona sparántacht uirthi agus tá toradh na sparántachta san le feiscint anois sa chéad chnuasach seo óna peann.

Tosóidh na himeachtaí i dTigh Tomer's ar shráid Bagóid ag a 7 an Chéadaoin beag seo agus is iad Ailbhe Ní Ghearrbhuigh, Aifric Mac Aodha agus Ceaití Ní Bheildiúin a bheidh ag soláthar filíochta agus beidh Róisín Elsafty ag soláthar ceoil.

Bígí ann.

1 comment:

  1. Go diail Ailbhe,
    Ní foláir nó beidh ana-chraic ann, ach n’fhéadfainn bheith i láthair. Cathain a mbeidh sé á sheoladh i dTrá Lí [Beim ann don ‘seoladh cheart’ sa ríocht, gan dabht]?

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.