2.9.08

Seoladh 'Anam Mhadra' le Simon Ó Faoláin


A Chairde Óga agus Úra,
Beidh mo chéad chnuasach Anam Mhadra á sheoladh agam i gCorca Dhuibhne ag an deireadh seachtaine beag seo agus i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine ina dhiaidh san [tá na sonraí thíos]. Beidh fáilte Uí Cheallaigh [nó Uí Fhaoláin] romhaibh uilig ag ceachtar acu, dá bhféadfaidh sibh bheith ann. Bheadh sé deas bualadh libh fé deireadh. Dar ndóigh, beidh fáilte roimh cách agus ná bíodh aon drogall oraibh éinne eile ar bhúr n-aithne go mbeadh aon suim acu ann a bhreith libh.

Satharn 6ú lá Meán Fomhair ag a 8 i.n.: Anam Mhadra cnuasach nua filíochta de chuid Simon Ó Faoláin á sheoladh ag an Údar, Chomhairleoir agus Iar-Mhéara Chiarraí Breandán Mac Gearailt sa Chaife Liteartha, An Daingean, Co. Chiarraí. Ceol Píob le Con Durham. Fáilte roimh cách.

Satharn 13ú lá Meán Fomhair ag a 8i.n.: Anam Mhadra cnuasach nua filíochta de chuid Simon Ó Faoláin á sheoladh ag an bhfile aitheanta Gréagóir Ó Dúill i gClub a Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC 2. Fáilte roimh cách.

7 comments:

  1. go n-éirí sé leat!

    ReplyDelete
  2. Ádh mór a Simon! Tá súil agam go mbeidh slua i láthair ag an seoladh.

    ReplyDelete
  3. Tréaslaím leat, Simon. Cheannaíos mo chóip cúpla seachtain ó shin agus is mór an t-ábhar machnaimh ann. Dánta breátha iad 'An Banaoire' agus 'Lúnasa' ach is é 'Annálacha Éagmaise' an dán is mó a ndeachaigh i bhfeidhm orm.

    Déanfad mo sheacht ndícheall a bheith i láthair i mBÁC don seoladh agus tá súil agam go gcífear slua mór de na Scríbhneoirí Óga ag an ócáid...

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat Ailbhe, bheadh sé deas t'fheiscint. Agus cloisim [no léigheas] nach fada uainn do chéad ceann - ábhar céiliúrtha eile. An bhfuil aon nós agat fós cathain a bheadh sé sin ar siúil?

    ReplyDelete
  5. Beidh an cnuasach ag teacht amach i rith na míosa seo ach ní dhéanfar é a sheoladh go dtí mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna. (Dála an scéil, tá cúpla ceist agam le cur ort i dtaobh sheoladh leabhair...)

    Ag súil go mór le Dé Sathairn...

    ReplyDelete
  6. Ádh mór leis an seoladh, a Shiomóin,
    Ar an drochuair, ní bheidh mé ábalta a bheith ann don ócáid seolta, ach táim ag súil go mór len é a léamh.

    ReplyDelete
  7. Go raibh maith agat Proinsias, tuigim go maith gur fada neamhchaoithiúil an t-aistear go BÁC ón gcósta thiar, biodh is gur thiar-thuaidh nó thiar-theas atá i gceist.
    Ó thaobh seoladh leabhair, Ailbhe, beidh fáilte romhat chuig an chnuas fiorbheag thaithi atá tagaithe chugham le cúpla seachtain anuas, más fiú aon rud é...

    ReplyDelete

Note: Only a member of this blog may post a comment.